Fógraíonn na hAirí Iompair os cionn €1.5 billiún do bhóithre náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla

An tAire Iompair Darragh O’Brien, an tAire Stáit atá freagrach as Iompar Idirnáisiúnta agus de Bhóthar, Lóistíocht, Iarnród agus Calafoirt, Seán Canney agus an tAire Stáit atá freagrach as Cúrsaí Iompair faoin Tuath, Jerry Buttimer, d’fhógair siad inniu go soláthróidh an Roinn Iompair os cionn €1.5 billiún de mhaoiniú státchiste do bhóithre náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla in 2026. Is ionann an méid sin agus méadú 13% ar mhaoiniú do bhóithre i gcaitheamh na bliana 2025. 


Leis an leithdháileadh do bhóithre náisiúnta, arb ionann é agus nach mór €800 milliún, áirítear na nithe seo a leanas:

  • €659 milliún de mhaoiniú caipitil státchiste trí Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) 
  • €104 milliún do bhóithre náisiúnta faoi Chomhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí
  • thart ar €33 milliún chun cothabháil rialta a dhéanamh ar bhóithre náisiúnta, a sholáthrófar do na húdaráis áitiúla.


Leithdháilfidh BIÉ maoiniú chun an gréasán bóithre náisiúnta atá ann cheana a chosaint agus a athnuachan ar fud na tíre, agus maoineoidh sé feabhsuithe ar shábháilteacht ar bhóithre, athnuachan dromchlaí bóthair agus droichead, agus bearta ar mhaithe le hathléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide. Déanfaidh sé na tionscadail bóithre náisiúnta nua a sainaithníodh sa Phlean Forbartha Náisiúnta agus sa Phlean Infheistíochta Earnála don Iompar a bhrú ar aghaidh freisin, ina measc sin Seachbhóthar Áth Dara, an N5 ó Bhealach an Doirín go Scramóg, agus an M28 ó Chorcaigh go Rinn an Scidígh.


Fágfaidh an leithdháileadh €718 milliún do bhóithre réigiúnacha agus áitiúla go mbeifear in ann thart ar 2,800km de bhóithre a chothabháil agus 2,330km a fheabhsú. Áirítear na nithe seo a leanas leis an maoiniú sin:

  • €50 milliún do thionscadail straitéiseacha forbartha bóithre, ina measc sin tionscadail a sainaithníodh lena bhforbairt faoin bPlean Forbartha Náisiúnta. 
  • €20 milliún de Dheontais Shonracha le haghaidh feabhsúcháin bóithre ar scála beag, ina measc sin: oibreacha ar dhroichid; bearta sábháilteachta amhail atheagar acomhal, agus scéimeanna chun brú tráchta a mhaolú i mbailte. I measc na dtionscadal atá á maoiniú in 2026 tá: an scéim sábháilteachta ar an R332, Cill Bheanáin, Co. na Gaillimhe; athshlánú Dhroichead an Ard-Deagánaigh Uí Dhubhagáin i gCo. Chorcaí; agus Bóthar Faoisimh Chill Cheallaigh i gCo. Mhaigh Eo. Maoineofar méid iomlán 99 tionscadal sa chatagóir seo in 2026.
  • €16.5 milliún do 294 tionscadal faoin gClár um Oiriúnú don Athrú Aeráide agus Athléimneacht ina Aghaidh
  • €14 mhilliún do 280 tionscadal ísealchostais um shábháilteacht ar bhóithre, ina ndíreofar ar bhearta leasúcháin chun sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú d’úsáideoirí bóthair leochaileacha agus do thrácht feithiclí.


Dúirt an tAire O’Brien:
“Is tosaíocht don Rialtas seo é tionscadail bóithre náisiúnta nua sa Phlean Forbartha Náisiúnta reatha agus sa Phlean Infheistíochta Earnála don Iompar a bhrú chun cinn, mar aon le cosaint agus athnuachan an ghréasáin bóithre náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla atá ann cheana. Tá an Rialtas meáite ar chúnamh a thabhairt do na húdaráis áitiúla lena mbaineann le tacaíocht airgeadais chun cuidiú i leith iarmhairtí Stoirm Chandra. Tá mo Roinn i mbun idirchaidreamh leis na contaetha atá thíos leis, atá fós ag tiomsú damáiste agus á mheasúnú ar an talamh le bheith in ann meastachán ceart ar an damáiste iomlán a rinneadh agus costas measta an leasacháin a chur ar fáil. 

“A bhuí leis na leithdháiltí atáim a fhógairt inniu, beimid in ann roinnt tionscadail bóithre mhóra nua ar an ngréasán bóithre náisiúnta a bhrú ar aghaidh, ina measc siúd cinn atá ag céim na tógála cheana nó gar di. Fágfaidh sé sin go mbeadh nascacht níos fearr ann ar fud na tíre, go dtacófar le forbairt eacnamaíoch, agus go soláthrófar bóithre níos sábháilte agus bailte agus pobail a mbeidh níos lú plódú iontu. 

“Tionscadail ar nós an N5 ó Bhealach an Doirín go Scramóg, an M28 agus Seachbhóthar Áth Dara, atá ag céim na tógála faoi láthair, léiríonn siad go soiléir a mheáite is atáimid ar fhorbairt leanúnach ár ngréasáin bóithre náisiúnta. Nuair a chuirtear le chéile iad leis na tionscadail bóithre nua atá ag céim luath de shaolré na dtionscadal, leithdháileadh maoiniú do líon méadaithe tionscadal bóithre náisiúnta nua i mbliana." 

“Beidh tús á chur le clár oibre dhá bhliain nua faoin Scéim Rannpháirtíochta Pobail do bhóithre réigiúnacha agus áitiúla i mbliana agus €16.2 milliún á leithdháileadh don scéim in 2026. Is ionann sin agus méadú €1.4 milliún ar mhaoiniú ó anuraidh, rud a sheasann leis an ngealltanas i gClár an Rialtais maoiniú a mhéadú don Scéim Rannpháirtíochta Pobail.” 


Dúirt an tAire Canney:
“Cinntíonn na leithdháiltí maoinithe inniu go bhfuil béim á leagan ar ár bpríomhchúram i dtaobh an gréasán bóithre atá ann cheana a chosaint agus a chothabháil, sa chaoi go mbeidh sé sábháilte, athléimneach agus in ann freastal ar riachtanais gach úsáideora bóithre i gcónaí – oibreoirí lastais, iompar poiblí, agus úsáideoirí bóthair eile ina measc. Tacaíonn an maoiniú le feabhsuithe riachtanacha ar shábháilteacht ar bhóithre freisin, ar feabhsuithe iad sin atá ríthábhachtach chun ár Straitéis maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre a bhaint amach. Le blianta anuas, rinneadh infheistíocht nach beag sa ghréasán bóithre réigiúnacha agus áitiúla, rud a neartaigh nascacht réigiúnach agus a thacaigh le fás eacnamaíoch ar fud na tíre.” 


“Is tosaíocht dúinn i gcónaí é luasteorainneacha a laghdú agus bóithre a dhéanamh níos sábháilte, chun tacú le gealltanas an Rialtais i dtaobh Fís Nialais. Leanfaidh an Roinn Iompair de chúnamh deontais a chur ar fáil do na húdaráis áitiúla freisin chun luasteorainneacha laghdaithe a chur i bhfeidhm de réir an athbhreithnithe ar luasteorainneacha.” 


Dúirt an tAire Buttimer:
“I mo cháil mar Aire agus freagracht orm as Cúrsaí Iompair faoin Tuath, aithním an ról ríthábhachtach atá ag an ngréasán bóithre réigiúnacha agus áitiúla lena chinntiú go bhfuil gach cuid d’Éirinn ceangailte. Nuair a bhíonn gréasán bóithre sábháilte éifeachtúil ann, cuirtear ar a gcumas dóibh siúd atá ag cur fúthu i bpobail tuaithe an áit oibre, an t-oideachas agus cúram sláinte a bhaint amach. Ina theannta sin, déanann sé éascaíocht ar na seirbhísí feabhsaithe bus a oibríonn ar fud thuath na hÉireann. Beidh an maoiniú a fógraíodh inniu ina chuidiú chun an tsócmhainn náisiúnta ríthábhachtach seo a chosaint agus a fheabhsú do na saoránaigh ar fad." 


“A bhuí leis an leithdháileadh €718 milliún do bhóithre réigiúnacha agus áitiúla, neartófar bailte, sráidbhailte agus pobail fud fad na tíre agus tabharfar tacaíocht dóibh. Infheistíocht atá ann a chuirfidh nascacht chun feabhais, a chuideoidh le gnólachtaí áitiúla a bheith faoi rath, agus a dhéanfaidh turais choiteanna chuig an scoil, an obair agus gníomhaíochtaí pobail níos sábháilte agus níos áisiúla do theaghlaigh.” 


Dúirt Príomhfheidhmeannach BIÉ Lorcan O’Connor:
“A bhuí le maoiniú bliantúil a sholáthraíonn an Rialtas don ghréasán bóithre náisiúnta, deimhnítear go gach úsáideoir bóthair go gcoinneofar caighdeáin ar bun. Chomh maith leis sin, a bhuí leis an infheistíocht bhliantúil sa ghréasán bóithre náisiúnta, is féidir fás eacnamaíoch a bhaint amach ach aistriú sábháilte éifeachtúil daoine, earraí agus seirbhísí a éascú ar fud oileán na hÉireann. Leanfaidh BIÉ ar aghaidh ag obair i gcomhpháirtíocht leis na hÚdaráis Áitiúla uile agus na feabhsuithe riachtanacha seo a bhaint amach.”

 

Nótaí d’Eagarthóirí: 

Is féidir na leithdháiltí do Bhóithre Réigiúnacha agus Áitiúla a íoslódáil ó rannán na bPreasráiteas ar https://www.gov.ie/ga/an-roinn-iompair/ 

Is féidir leithdháiltí do na Bóithre Náisiúnta a íoslódáil ó https://www.tii.ie/ga/

I measc na dtionscadal bóithre náisiúnta atá á maoiniú tá: 

  •  An N2 (Baile Átha Fhirdhia go taobh ó dheas ó Bhaile na Lor
  • An N2 (Cluain Tiobrad go dtí an teorainn)                                         
  • An N2 (Timpeallán na Rátha go Crois Chill Mhúine)
  • An N2 (Seachbhóthar Bhaile Shláine)
  • An N3 (Seachbhóthar Achadh an Iúir)
  • An N4 (Cora Droma Rúisc go Dromad)
  • An N4 (An Muileann gCearr go dtí an Longfort)
  • An N5 (Bealach an Doirín go Scramóg)
  • An N6 (Cuarbhóthar Chathair na Gaillimhe)
  • An N11/N25 (Maolán na nGabhar go Ros Láir)
  • An N17 (Cnoc Mhuire go Cúil Mhuine)
  • An N/M20 (Corcaigh go Luimneach)
  • An N21 (Bóthar Faoisimh Mhainistir na Féile)
  • An N21 (Bóthar Faoisimh an Chaisleáin Nua)
  • An N21/69 (Luimneach go Faing – Seachbhóthar Áth Dara san áireamh)
  • An N22 (An Fearann Fuar go Cill Airne)
  • An N24 (An Chathair go hAcomhal Luimnigh – Seachbhóthar Thiobraid Árann san áireamh)
  • An N24 (Port Láirge go dtí an Chathair)
  • An N25 (Carraig Thuathail go Mainistir na Corann)
  • An N25 (Mainistir na Corann go hEochaill – Seachbhóthair Bhaile na Martra agus Chill Ia)
  • An N25 (Port Láirge go dtí an Gleann Mór)
  • An M28 (Corcaigh go Rinn an Scidígh)
  • An N52 (Seachbhóthar Baile Átha Fhirdhia)
  • An N52 (Tulach Mhór go Cill Bheagáin)
  • An N58 (Seachbhóthar Bhéal Easa)
  • An N59 (An Clochán go dtí an Teach Dóite)
  • An N72/73 (Bóthar Faoisimh Mhala)
  • Tionscadal Iompair Thuaidh Chathair Chorcaí
  • Tionscadal Feabhsúcháin Bhealach TEN-T Dhún na nGall 

 

Leis na príomhghnéithe de chlár infheistíochta 2026 do Bhóithre Réigiúnacha agus Áitiúla, áirítear na nithe seo a leanas: 

  • €350m d’oibreacha neartúcháin dromchlaí bóthair;
  • €77m d’obair choisctheach cóirithe dromchlaí;
  • €86m d’oibreacha cothabhála agus neartúcháin a bhfuil lánrogha ag na húdaráis áitiúla ina leith agus bóthair á roghnú; 
  • €70m do Thionscadail Shonracha agus Straitéiseacha Bóithre Réigiúnacha agus Áitiúla; 
  • €18m d’oibreacha athshlánaithe droichead; 
  • €14m d’oibreacha feabhsaithe sábháilteachta;
  • €18m d’oibreacha draenála;
  • €16.2m do Scéimeanna Rannpháirtíochta Pobail;
  • €16.5m d’oibreacha oiriúnaithe don athrú aeráide/oibrithe athléimneachta ina aghaidh;
  • €12m d’Athshlánú Straitéiseach Bóithre Réigiúnacha; agus 
  • Soláthraítear deontais ilchineálacha i gcaitheamh na bliana freisin le haghaidh tionscadail agus tionscnaimh phíolótacha ar leith, lena n-áirítear luasteorainneacha, ceannach salainn, oiliúint, bainistiú sócmhainní agus suirbhéanna ar dhromchlaí bóthair a dhéanamh.

Cuireadh ocht dtionscadal PFN i gcrích go dtí seo agus áirítear le tionscadail straitéiseacha eile atá ag céim na tógála faoi láthair na cinn seo a leanas:

o  Bóthar Dáileacháin ó Chuanach go Cnoc an Lisín 

o   Bóthar Faoisimh Thuaidh Thrá Lí

o   Uasghrádú ar an R498 ón Aonach go Durlas (Leatracha)

o   Bóthar Faoisimh Bhaile Átha an Rí 

 

I gcomhréir leis an gcleachtas seanbhunaithe, molann an Roinn do na húdaráis áitiúla gach bliain teagmhas 10% ar a laghad óna leithdháileadh bliantúil den Deontas Lánroghnach a chur go leataobh chun déileáil le teaghais dianaimsire agus damáiste don ghréasán de réir mar a thagann siad chun cinn. 

Naisc Ghaolmhara: Leithdháiltí Deontais 2026 ó BIÉ do na hÚdaráis Áitiúla le haghaidh Bóithre Náisiúnta.  

Arna fhoilsiú: 17.02.2026 - Fógraíonn na hAirí Iompair os cionn €1.5 billiún do bhóithre náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla – Preasráiteas.