Iarratas ar Thuarascáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta agus Ordú Ceannaigh Éigeantaigh do Thionscadal Feabhsúcháin Bealaí Tosaíochta TEN-T Dhún na nGall arna fhoilsiú inniu, 14 Bealtaine 2026.

Is infheistíocht i mbóithre náisiúnta é Tionscadal Feabhsúcháin Bealaí Tosaíochta TEN-T Dhún na nGall a bhfuil luach €800 milliún air. Glacfaidh Bonneagar Iompair Éireann, ag obair i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún na nGall trí oifig na mBóithre Náisiúnta le chéile, glacfaidh sé príomhfhreagracht as dul i mbun plé leis an bpobal, le húinéirí talún, agus le príomhpháirtithe leasmhara eile chun an tionscadal seo a thabhairt chun cinn.

Ar an iomlán, díríonn Tionscadal Feabhsúcháin Bealaí Tosaíochta TEN-T Dhún na nGall ar thrí chuid den ghréasán bóithre náisiúnta a bhfuil sé mar aidhm acu brú tráchta a mhaolú i dtrí cheantar uirbeacha: Leitir Ceanainn, na nascbhailte Bealach Féich agus Srath an Urláir, agus Leifear. Tá níos mó ná 60km de bhonneagar taistil ghníomhaigh chomhtháite, moil iompair agus bearta a dhíríonn ar dhícharbónú agus athléimneacht aeráide san áireamh leis an tionscadal seo. Is é 2028 an dáta tosaigh is luaithe is féidir don tógáil, faoi réir maoinithe agus soláthair.

Chun tuilleadh sonraí a fháil, téigh chuig https://www.donegal-ten-t.ie/

CRÍOCH

Dáta Foilsithe: 14.05.2026