Comhairliúchán Poiblí Luas Chorcaí Seolta
An Bealach is Dealraithí a Roghnófar Pioctha
Bealach 18km ar fad ó Bhaile an Chollaigh go Rinn Mhachan beartaithe le haghaidh Luas Chorcaí oscailte do chomhairliúchán poiblí anois.
Corcaigh, Dé Luain, 14 Aibreán 2025
Sheol an Taoiseach, Micheál Martin TD, an Bealach is Dealraithí a Roghnófar (EPR) le haghaidh Luas Chorcaí i Halla na Cathrach i gCorcaigh inniu.
D’fhoilsigh Bonneagar Iompair Éireann an Bealach is Dealraithí a Roghnófar agus tá fáilte roimh an bpobal tuairimí a chur in iúl maidir leis an bplean beartaithe. Beidh an comhairliúchán poiblí ar oscailt ar feadh 8 seachtaine go dtí Dé Luain, an 9 Meitheamh ag 5.30pm.
Is líne iarnróid éadroim 18km ar fad é Luas Chorcaí atá beartaithe, a mbeidh suas le 25 stad uirthi idir Baile an Chollaigh agus Rinn Mhachan, ag nascadh príomhchinn scríbe mar shampla, Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, Ospidéal na hOllscoile Corcaí, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Lár Chathair Chorcaí, Stáisiún an Cheanntaigh, Ceantar Dugaí Chorcaí, An Charraigh Dhubh agus Machain.
Tá droichead iompair phoiblí nua mar chuid den scéim, ag nascadh Stáisiún an Cheanntaigh le Cé Uí Chinnéide agus bonneagar rothaíochta nua feadh fhormhór an bhealaigh. Tá saoráid bheartaithe Páirceála & Taistil do suas le 1000 feithicil i mBaile an Chollaigh agus Mol Soghluaisteachta in Machain mar chuid den Bhealach is Dealraithí a Roghnófar freisin.
Tá Corcaigh ceaptha a bheith ar an gcathair is sciobtha ó thaobh fáis de in Éirinn sna 20 bliain amach romhainn, agus táthar ag tuar go dtiocfaidh méadú idir 50% go 60% ar an daonra. Tá ríthábhacht ag baint le tionscadail iompair phoiblí ardchaighdeáin ar nós Luas Chorcaí, chun athnuachan agus infheistíocht mhórscála atá beartaithe do Chorcaigh a sholáthar, mar shampla forbairt Cheantar Dugaí Chathair Chorcaí – meastar go gcuirfear 20,000 teach nua agus beagnach 25,000 post ar fáil ar fud an tsuímh 4.2 acra ag Cé Uí Chinnéide.
Fáiltíonn BIÉ agus ÚNI roimh rannpháirtíocht an phobail sa chomhairliúchán a leanas ar www.luascork.ie áit a bhfuil sonraí na dtograí le fáil. Beidh roinnt laethanta oscailte ann ar fud na cathrach le linn an chomhairliúcháin inar féidir líníochtaí a iniúchadh agus beidh foireann BIÉ ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin:
“Is céim thábhachtach sa tionscadal bonneagar é fógra an lae inniu den Bhealach is Dealraithí a Roghnófar le haghaidh Luas Chorcaí, lena gcuirfear athrú ó bhonn ar chúrsaí i gcathair Chorcaí.
Cuirfear feabhas ollmhór ar cheangal na cathrach le Luas Chorcaí, le gréasán iompartha poiblí na cathrach a nuachóiriú, é a dhéanamh níos inrochtana agus deiseanna nua a chruthú le haghaidh muintir na háite, cuairteoirí agus gnólachtaí áitiúla. Tá sé iontach a fheiceáil go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh maidir leis an tionscadal seo, agus ar an ábhar sin, ba mhaith liom a lua go bhfuil an-obair déanta ag Bonneagar Iompair Éireann, ag an Údarás Náisiúnta Iompair agus go deimhin, ag Comhairle Cathrach Chorcaí. “Agus tús curtha leis an bpróiseas comhairliúcháin, molaim do chách an deis seo a thapú chun aiseolas a thabhairt agus tuairimí a roinnt maidir leis an togra iontach seo.”
Leag an tAire Iompair Darragh O’Brien TD D béim ar an tábhacht a bhaineann le Corcaigh a bheith roghnaithe ag an gCoimisiún Eorpach mar cheann de na chéad chathracha san Eoraip a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de. Tagann an dearadh seo le togra an Aontais Eorpaigh ‘100 Cathair Chliste agus Neodrach ó thaobh na hAeráide de’ 2030, ina ndírítear ar luas a chur faoin athrú uirbeach inbhuanaithe ó bhonn ar fud na hEorpa.
“Beidh príomhról ag forbairt Luas Chorcaí ó thaobh na sprice sin a bhaint amach. Le soláthar na rogha comhaimseartha, iontaofa, éifeachtaí, spreagfar daoine le Luas Chorcaí a gcarr príobháideach a fhágáil ina ndiaidh, laghdófar brú tráchta, ísleofar astaíochtaí carbóin, agus cuirfear feabhas ar an gcaighdeán aeir dá bharr sin. Cuirfidh an tionscadal go mór le tograí iompair inbhuanaithe eile freisin, mar shampla seirbhísí bus forbartha agus bonneagar rothaíochta agus coisithe feabhsaithe.”
Dúirt t Ardmhéara Chathair Chorcaí Dan Boyle: “Tá fáilte mhór roimh fhógairt an bhealaigh is dealraithí a roghnófar do Luas Chorcaí. Nasc a bhfuiltear ag tnúth leis le fada, nasc a bhí ar lár, ach riachtanach, nasc i mbonneagar iompair na cathrach, tabharfar rogha cheart do dhaoine taisteal ar an iompar poiblí, laghdófar an spleáchas ar charranna, nascfar suíomhanna tábhachtacha agus ceadófar tuilleadh fáis thábhachtaigh i bhforbairt na cathrach. Is é an dúshlán atá romhainn é a thógáil agus a bheith ag feidhmiú chomh sciobtha agus is féidir.”
Dúirt Hugh Creegan POF eatramhach ÚNI, an méid seo a leanas:“Is cuid lárnach de Straitéis Iompair Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí (CMATS) é Luas Chorcaí. Soláthrófar sraith seirbhísí iompair phoiblí faoi CMATS, ina measc sin Luas Chorcaí, BusConnects Chorcaí, feabhas ar an iarnród trom, bonneagar sábháilte rothaíochta agus siúil. Ceadófar do Chorcaí forbairt ina cathair inrochtana, nasctha, spleodrach mar thoradh ar ré nua an iompair phoiblí seo.”
Dúirtt Peter Walsh, POF BIÉ, an méid seo a leanas:: “Tá sé cruthaithe ag BIÉ go mbímid ag plé leis an bpobal go trédhearcach, agus táimid ag súil le cloisteáil ó gach duine sula gcuirimid tús leis an gcéad chéim eile den dearadh maidir leis an tionscadal iompair phoiblí seo, lena nathrófar cúrsaí ó bhonn do Luas Chorcaí.”
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le tionscadal Luas Chorcaí www.luascork.ie
Má tá ceist faoi na meáin agat, téigh i dteagmháil le: media@luascork.ie