Iarratas ar Ordú Iarnróid Luas Fhionnghlaise deonaithe ag an gCoimisiún Pleanála ní ba thapa ná riamh

Chuir Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) fáilte inniu roimh dheonú d’Ordú Iarnróid (cead pleanála) ag an gCoimisiún Pleanála do Luas Fhionnghlaise. Cuireadh an tIarratas ar Ordú Iarnróid isteach an 15 Samhain 2024.

Chuir an tAire Iompair, Darragh O’Brien fáilte roimh an gcinneadh, agus béim á leagan ar a thábhachtaí atá sé don fhás inbhuanaithe agus don nascacht fheabhsaithe i mBaile Átha Cliath Thuaidh: “Is garsprioc mhór é seo maidir le gréasán iompartha poiblí Bhaile Átha Cliath a leathnú. Cuirfidh Luas Fhionnghlaise bealach tapa, iontaofa, inbhuanaithe ar fáil do na mílte duine i mBaile Átha Cliath le dul timpeall na cathrach, rud a chuideoidh le brú tráchta a laghdú agus le cáilíocht an aeir a fheabhsú. Cuirfidh na saoráidí breise rothaíochta agus coisithe a bhfuil baint acu leis an tionscadal roghanna iompair níos inbhuanaithe agus níos gníomhaí ar fáil. 

Ach amanna turais a laghdú, tacóidh an tionscadal freisin le forbairt tithíochta agus gnólachtaí feadh an bhealaigh. Rachaidh Luas Fhionnghlaise go mór chun tairbhe don phobal áitiúil agus do Bhaile Átha Cliath ina iomláine.”

Ghabh Príomhfheidhmeannach BIÉ, Lorcan O’Connor buíochas leis an gCoimisiún Pleanála as an gcinneadh tráthúil. Dúirt sé “Rinneadh go leor oibre crua chun an mórthionscadal iompair phoiblí seo a fhorbairt. Tá dea-theist ar BIÉ i ndáil le tionscadail iarnróid éadroim a sheachadadh in am, laistigh dá mbuiséad agus le líon paisinéirí atá i bhfad níos mó ná na réamh-mheastacháin. Táimid ag cur lenár bhfoireann anois chun a chinntiú go mbeimid lánfheistithe chun tógáil an tionscadail a chur i gcrích.’

Cuirfidh Luas Fhionnghlaise síneadh nach mór 4km leis an líonra tram Luas atá ann cheana ó thuaidh, ó Dhroichead Broome go dtí ceantar Fhionnghlaise. Beidh stadanna ag San Eiléana, Sráidbhaile Fhionnghlaise, Bóthar San Maighréad agus Baile Shéarlais, gar don M50. Beidh idirmhalartuithe ar an mbealach le stáisiún traenach Dhroichead Broome atá ar an líne bheartaithe DART+ an Iarthair, chomh maith le seirbhísí bus.

Leag an tUasal O’Connor béim ar na deiseanna tithíochta, oideachais agus fostaíochta a bhaineann le hiompar poiblí iontaofa ar ardchaighdeán. “I gcaitheamh 20 bliain thar a bheith rathúil i mBaile Átha Cliath, tá sé cruthaithe ag Luas go bhfuil tairbhí d’athghiniúint eacnamaíoch agus shóisialta ann do na pobail ar a bhfreastalaíonn sé”.

Tá Luas Fhionnghlaise á sheachadadh ag BIÉ thar ceann an Údaráis Náisiúnta Iompair (ÚNI). Tá maoiniú don tionscadal á sholáthar ag an Roinn Iompair trí ÚNI. Tá sé ar cheann de na ceithre shíneadh tram Luas arna sainaithint i Straitéis Iompair ÚNI do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, 2022-2042.

Dúirt Hugh Creegan, Príomhfheidhmeannach Eatramhach an Údaráis Náisiúnta Iompair (ÚNI) an méid seo a leanas; “Tá sé dearfach an gharsprioc seo a bhaint amach ar Luas Fhionnghlaise, tionscadal a sainaithníodh mar phríomhthosaíocht inár Straitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, 2022-42. Leis an gcinneadh seo, is féidir an tionscadal tábhachtach seo a chur i gcrích, rud a chuirfidh le raon feidhme an chórais Luas agus a chuirfidh roghanna nua iompair ar fáil do na mílte duine.”

Déanfaidh foireann Luas Fhionnghlaise ag BIÉ athbhreithniú mionsonraithe ar an Ordú Iarnróid agus ansin cuirfidh siad nuashonrú ar fáil maidir leis an amlíne do na chéad chéimeanna eile.

Cruthóidh Luas Fhionnghlaise nasc iompair phoiblí ardlín paisinéirí, minic, tapa do na pobail i gceantar Fhionnghlaise, agus gearrfar na hamanna taistil go dtí lár chathair Bhaile Átha Cliath, agus uaidh, go dtí 30 nóiméad nó níos lú, agus soláthrófar naisc chuig cinn scríbe eile freisin. Cuirfidh an tionscadal soláthar tithíochta ar fáil gar don bhealach, a thacóidh le spriocanna an rialtais maidir le forbairt atá dírithe ar iompar agus an t-aistriú chuig córas iompair saor ó charbón.

Bealach tram easbhóthair atá ann den chuid is mó agus tá sé scartha ón trácht ar na bóithre den chuid is mó freisin. Chomh maith leis an trambhealach, soláthróidh an tionscadal feabhsuithe ar an líonra siúil agus rothaíochta sa cheantar, agus Plean an Ghréasáin Raonta Rothar do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath de chuid ÚNI á chur san áireamh. San iomlán, mar chuid de Luas Fhionnghlaise, cuirtear thart ar 1.2km de raon rothar dhá threo scartha agus thart ar 1.8km de raon rothar aontreo scartha agus cosanta ar fáil.

Ina theannta sin, tá áis pháirceála agus taistil do 350 feithicil le soláthar gar do stad Bhóthar San Maighréad. Ar an iomlán, táthar ag súil go nginfidh Luas Fhionnghlaise 1.3 milliún turas iompair phoiblí ísealcharbóin sa bhreis in 2035, a mhéadóidh go dtí 1.8 milliún in 2050.

Is mór an rath a bhí ag Luas i mBaile Átha Cliath le 20 bliain anuas, ag iompar 54 milliún paisinéir anuraidh.

Preaseisiúint Iomlán ar fáil:

30.10.2025 Iarratas ar Ordú Iarnróid Luas Fhionnghlaise deonaithe