An Luas ar tí 50 Milliún Paisinéir a Iompar agus 20 bliain á Shlánú aige

Déanfar ceiliúradh ar chomóradh 20 bliain na seirbhíse iarnróid éadroim Luas Bhaile Átha Cliath mór le rá an 30 Meitheamh, agus in 2024 beidh líon iomlán na bpaisinéirí os cionn 50 milliún den chéad uair riamh

Tá méadú suntasach tagtha ar líne an Luas ó rinneadh an chéad turas ar an Líne Uaine ó Áth an Ghainimh go Faiche Stiabhna, agus sa lá atá inniu ann síneann líne an Luas go 43km agus freastalaíonn sí ar 67 stad trasna na cathrach. Le 20 bliain anuas, d'iompair sé níos mó ná 650 milliún paisinéir agus tá breis agus 400,000 de mhuintir Bhaile Átha Cliath ina gcónaí laistigh de 1km de stad Luas anois, rud atá suntasach, agus rud a spreagann an bhreis éilimh atá ar an tseirbhís iompair phoiblí.

Chomh maith leis an sár-shábháilteacht agus iontaofacht atá cruthaithe ag an Luas i gcomparáid le seirbhísí tramanna cathrach ar fud an domhain, bhí tionchar an-dearfach ag an Luas ar lorg comhshaoil mhuintir Bhaile Átha Cliath, rud a chruthaigh astaíochtaí nialasacha ar leibhéal na sráide.

Dúirt an tAire Iompair, Eamon Ryan TD:

“Bhí an t-ádh dearg orm a bheith ar an gcéad turas Luas a rinneadh 20 bliain ó shin. Lá suntasach a bhí ann toisc gur oscail sé codanna de sheanlíne Fhearchair arís do mhuintir Bhaile Átha Cliath Theas, ach an uair seo le seirbhís iarnróid éadroim nua-aimseartha agus iontaofa. Ón gcéad turas sin ar an Líne Uaine Luas, chuireamar an Líne Deirge Luas léi, chun freastal ar phobail amach in iardheisceart na cathrach, agus ansin cheanglaíomar an dá líne agus chuireamar síneadh leis an Líne Uaine go Droichead Broome agus Coill na Silíní. Cloistear fuaim inaitheanta an Luas de réir mar a ghluaiseann sé ar aghaidh, rud atá fite fuaite le Baile Átha Cliath, mar atá go leor sainchomharthaí cáiliúla eile na cathrach.

“Is iontach an rath a bhí ag an Luas, rud a léiríonn go mbíonn daoine fíor-shásta taisteal inbhuanaithe a roghnú nuair a chuirtear ar fáil é. Táim ag tnúth le rath agus leathnú leanúnach na seirbhíse. Leanfaidh an córas iarnróid éadroim ar aghaidh chun príomhról a bheith aige agus Straitéis Iompair Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath á cur chun feidhme againn agus ár spriocanna dícharbónaithe á mbaint amach againn. Is múnla iontach é freisin do na tionscadail iarnróid éadroim eile atá beartaithe againn dár gcathracha réigiúnacha.”

Ón gcéad lá, sháraigh éileamh na seirbhíse an t-éileamh a measadh a bheadh ann, agus bhailigh na mílte duine ar na sráideanna le dul ar a gcéad turas Luas, ach ní a gceann deiridh.

Thiomáin Eddie Byrne an chéad tram sin in 2004 agus ó shin tá sé tar éis gairm 20 bliain a chaitheamh ag oiliúint gach tiománaí Luas a lean é – breis is 400 san iomlán.

Maidir le comóradh 20 bliain an Luas agus fás na seirbhíse le linn an ama sin, dúirt Eddie:

“Ón gcéad turas sin in 2004, ba mhór an pléisiúr é páirt bheag a ghlacadh i scéalta iontacha a bhaineann leis an Luas

“Ó bhrídeog agus grúm a iompar ar an lá is sona dá saol, lucht ceolchoirme a iompar chun a gcuid laochra a fheiceáil, agus gairmithe túslíne riachtanacha a iompar le linn tréimhsí deacra na paindéime Covid-19, tá gach rud i ndáiríre feicthe againn le 20 bliain anuas. “Is táscairí iontacha iad na síntí ar na tramanna agus na línte ar a mhéid úsáide a bhain muintir Bhaile Átha Cliath as an Luas. Ón Luas a thiomáint agus ón gcéad ghlúin eile a oiliúint, tugadh léargas fíor-shuimiúil dom ar ár gcathair iontach agus tá a fhios agam go leanfaidh an Luas ar aghaidh agus ról lárnach aige i saol Bhaile Átha Cliath go ceann blianta fada amach romhainn.”

D’fhás an líonra Luas go leanúnach chun freastal ar phobail ar fud Bhaile Átha Cliath, rud a leathnaigh an rochtain ar phoist agus ar ghníomhaíochtaí fóillíochta do líon mór daoine go tapa agus go hiontaofa.

Preaseisiúint iomlán ar fáil

28.06.2024 - Preaseisiúint - Comóradh 20 Bliain an Luas