MetroLink i gcomhpháirtíocht le daa agus Gníomhaireachtaí Iompair chun Príomhoibreacha Aerfoirt a Sheachadadh
Sheol Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ), thar ceann MetroLink, in éineacht le daa agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI), an soláthar chun mór-phacáiste oibreacha a sheachadadh ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. Téann an conradh seo ar an margadh mar Chreat M120.
I measc na n-oibreacha a chuirfear i gcrích faoin gcreat beidh foirgníocht bhosca stáisiún Aerfort Bhaile Átha Cliath, tairseacha tolláin, chomh maith le pacáistí conartha eile. Cuirtear ar fáil le beart ar leith foirgníocht bhalla coinneála na canála ag Stáisiún nua Ghlas Naíon, ballaí coinneála eile, oibreacha dúshraithe agus pacáistí conartha eile. Tá an próiseas soláthair á stiúradh agus á bhainistiú ag BIÉ mar an t-údarás conarthach, le daa ag obair go dlúth le MetroLink agus le príomhpháirtithe leasmhara chun tacú le seachadadh comhordaithe na n-oibreacha seo laistigh de thimpeallacht an aerfoirt bheo. Is cloch mhíle shuntasach iad na hoibreacha seo i seachadadh MetroLink agus tacóidh siad le claochlú na nascachta idir Aerfort Bhaile Átha Cliath, lár na cathrach agus an gréasán iompair náisiúnta i gcoitinne.
Inniu, seoladh an chéim réamhcháiliúcháin sa phróiseas chun an conradh seo a sheachadadh, le gairm ghrianghraf ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. Bhí an tAire Iompair Darragh O’Brien i láthair, in éineacht le Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair, Anne Shaw; Príomhoifigeach Feidhmiúcháin BIÉ, Lorcan O'Connor; Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly; agus Príomhoifigeach Tráchtála agus Forbartha ag daa, Vincent Harrison, ag an suíomh atá beartaithe don stáisiún MetroLink ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Chuir an tAire Iompair Darragh O’Brien fáilte roimh fhógra an lae inniu ag rá: “Tá áthas orm a fheiceáil go bhfuil dlúth-chomhordú idir ár ngníomhaireachtaí iompair agus ár ngníomhaireachtaí stáit chun a chinntiú go ndéanfar oibreacha a sheachadadh go sábháilte, go héifeachtúil agus gan ach an cur isteach is lú is féidir a dhéanamh ar oibríochtaí aerfoirt.
“Le seoladh an fhógra conartha le haghaidh príomhoibreacha ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, cinntítear go leanfaidh an clár MetroLink ar aghaidh ar luas. Le tús an phróisis soláthair d'oibreacha MetroLink san Aerfort, feicimid dul chun cinn suntasach ar an tionscadal. Níos luaithe an mhí seo, eisíodh an fógra conartha do dhearadh, tógáil, airgeadas, oibriú agus cothabháil an chonartha MetroLink, mar sin píosa ar phíosa, tá an clár ag teacht le chéile.
D’fhéadfadh MetroLink a bheith ina thionscadal claochlaitheach, a thacóidh le soláthar tithíochta, fás eacnamaíoch agus astaíochtaí laghdaithe, agus aghaidh á tabhairt ar dhúshláin sheanbhunaithe maidir le brú tráchta,” a dúirt an tAire.
Dúirt Anne Shaw, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Iompair Náisiúnta: “Is píosa eile é seo den mheascán mearaí maidir le Metrolink a sheachadadh mar chuid den uaillmhian iompair i gcoitinne do Bhaile Átha Cliath. “In éineacht leis na gclár eile le haghaidh bonneagair agus seirbhísí iarnróid agus bus, beidh sé sin ina chrann taca mór do chóras comhtháite iompair phoiblí a nascfaidh daoine ar bhealach inbhuanaithe le deiseanna agus seirbhísí agus soláthrófar acmhainn iompair a bhfuil géarghá léi do dhaonra atá ag dul i méid a thacaíonn le tithíocht nua agus a théann i ngleic le tionchair an bhrú tráchta", a dúirt Anne Shaw.
Lena linn sin, dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ), Lorcan O’Connor, go mbeidh an bosca stáisiúin ina struchtúr bunúsach do MetroLink, rud a chumasóidh oibreacha tollánaithe agus feistithe ina dhiaidh sin de réir mar a bhogann an clár ar aghaidh. “Is céim ríthábhachtach chun cinn ó dhearadh go foirgníocht é oibreacha cumasúcháin a sheachadadh ag an aerfort.
“Táimid ag díriú ar a chinntiú go ndéantar na hoibreacha casta luathchéime seo a sheicheamhú go cúramach, go ndéantar iad a chomhtháthú go hiomlán le pleananna bonneagair iompair i gcoitinne, agus go ndéantar iad a sheachadadh de réir na gcaighdeán is airde sábháilteachta agus éifeachtúlachta,” a dúirt an tUasal O’Connor.
Leag Vincent Harrison, Príomhoifigeach Tráchtála agus Forbartha ag daa, béim ar ról na heagraíochta maidir le tacú le seachadadh an bhonneagair chriticiúil seo laistigh de thimpeallacht aerfoirt oibríochtúil bheo:
“Tá daa ag obair i ndlúth-chomhpháirtíocht le MetroLink, BIÉ agus ÚNI chun cur i gcrích an tionscadail chlaochlaithigh seo ag Aerfort Bhaile Átha Cliath a chumasú. Tá suíomh an stáisiúin MetroLink á chosaint againn le blianta fada anuas, agus aitheantas á thabhairt againn don tábhacht straitéiseach a bhaineann leis.
“Trí chomhoibriú leanúnach, beidh ról lárnach ag daa maidir le seachadadh na n-oibreacha seo a éascú laistigh d'aerfort oibríochtúil beo, agus forbairt ionaid iompair ilmhódaigh lán-chomhtháite ag Aerfort Bhaile Átha Cliath á cur chun cinn ag an am céanna, rud a chuirfidh go mór le roghanna iompair phoiblí inbhuanaithe do phaisinéirí amach anseo,” a dúirt an tUasal Harrison.
Chuir AnnMarie Farrelly, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chomhairle Contae Fhine Gall, fáilte roimh an gcéim seo, ag rá go bhfuil Comhairle Contae Fhine Gall ag pleanáil don MetroLink le blianta fada anuas, ós rud é go n-éascóidh sé fás inbhuanaithe Shoird.
“Athróidh MetroLink ó bhonn Tuaisceart Bhaile Átha Cliath ó thaobh na heacnamaíochta de agus mar áit chónaithe. Is athrú iontach é a sheachadfaidh rochtain iarnróid ar Aerfort Bhaile Átha Cliath, le nasc iarnróid díreach 25 nóiméad idir Sord agus Cathair Bhaile Átha Cliath. Táimid ag tnúth le tús a chur leis na hoibreacha ar an bpíosa bonneagair straitéisigh ríthábhachtach seo,” a dúirt sí.
Meastar go n áireofar meascán den mhéid seo a leanas le scóip na n oibreacha le haghaidh Chreat M120:
- Oibreacha sibhialta troma a dhearadh agus a thógáil
- Bunú agus glanadh láithreáin
- Lóistíocht
- Sábháilteacht agus gach gníomhaíocht foirgníochta a bhainistiú
Déanfar Creat M120 a sholáthar faoi Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Gnóthais Fóntais do Dhámhachtain Conarthaí) 2016 agus is é BIÉ, ag gníomhú dó mar an t-údarás conarthach, a bheidh mar an t-aon phointe teagmhála d'iarratasóirí.
Beidh dhá bheart luachbhunaithe ar leithligh sa Chreat:
Áireofar i mBeart 1 conarthaí ar glao dar luach measta thart ar €50 milliún nó níos mó (gan CBL san áireamh) nó oibreacha casta a bhféadfadh acmhainní teicniúla nó speisialaithe sonracha a bheith ag teastáil ina leith. Is éard a bheidh ann ná gnéithe móra d'oibreacha sibhialta ar nós Bhosca Stáisiúin Aerfort Bhaile Átha Cliath, tairseacha tolláin, chomh maith le pacáistí conartha eile.
Is éard a bheidh i mBeart 2 conarthaí ar glao le luach measta níos lú ná thart ar €50 milliún (gan CBL san áireamh). Is éard a bheidh ann gnéithe sibhialta troma níos lú ar nós bhalla coinneála Stáisiún Ghlas Naíon, ballaí coinneála eile, oibreacha dúshraithe, chomh maith le pacáistí conartha eile.
Soláthrófar an dá bheart trí úsáid a bhaint as na nósanna imeachta idirbheartaithe faoi na Rialacháin maidir le Fóntais, le dhá chéim:
- Céim a hAon: Céim Réamhcháiliúcháin - measúnú a dhéanamh ar iarratasóirí bunaithe ar chritéir roghnúcháin áirithe do gach beart, amhail a seasamh airgeadais agus eacnamaíoch, a gcumas teicniúil, agus a dtaithí ábhartha. Cuirfear cúigear iarratasóirí ar gach ceann den dá bheart ar an ngearrliosta
- Beidh Cuireadh chun Caibidlíochta (CCC) i gceist le Céim a Dó
Ceapfar triúr forthairgeoirí ar a mhéad do gach beart, agus bronnfar na conarthaí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus Glas Naíon faoi seach ar an tairgeoir is airde rangú ar bheart 1 agus ar bheart 2. Ní féidir le hiarratasóirí iarratas a dhéanamh ach ar bheart amháin. Ní chuirfear cosc ar thairgeoir a cheapfar ar aon cheann de na bearta faoi Chreat M120 páirt a ghlacadh i dtionscadail nó i bpacáistí conartha eile de chuid MetroLink. Déanfar conarthaí ar glao faoi gach beart trí mhionchomórtais. Tá Creat M120 á bhunú go príomha chun oibreacha innealtóireachta sibhialta troma a sheachadadh atá mar chuid den chlár MetroLink. Mar sin féin, féadfaidh Iarnród Éireann Creat M120 a úsáid chun conarthaí ar glao a fháil le haghaidh oibreacha troma innealtóireachta sibhialta ag stáisiún Ghlas Naíon nó in aice leis ar choinníoll go dtagann na hoibreacha atá i gceist faoi cheann amháin nó níos mó de na catagóirí oibre atá leagtha amach i scóip na n-oibreacha do Chreat M120.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin tionscadal MetroLink agus faoi raon feidhme an Chreata, téigh chuig www.metrolink.ie
Is é MetroLink an chéad chóras meitreo iomlán uathoibrithe, ardlín paisinéirí in Éirinn, a dearadh chun iompar poiblí a chlaochlú sa chathair. Feadh timpeall 19km, nascfaidh sé Sord le Charlemont trí Aerfort Bhaile Átha Cliath agus lár na cathrach. Bunchloch de spriocanna aeráide agus soghluaisteachta nahÉireann is ea an clár nuálach agus ríthábhachtach seo, a thacaíonn le fás eacnamaíoch chomh maith le nascacht agus athnuachan uirbeach. Tabharfaidh sé deiseanna gnó nua do raon leathan eagraíochtaí, ó ghnólachtaí móra idirnáisiúnta go Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna) áitiúla. Tacóidh MetroLink freisin leis na mílte post foirgníochta díreach i ngach bliain den ghníomhaíocht tógála suas go dtína oscailt, chomh maith le 2,500 go 3,000 post indíreach a bhaineann leis an slabhra soláthair agus tacaíocht gach bliain.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoin bpreasráiteas seo, déan teagmháil le Niall McHugh, Ceann Chumarsáid Straitéiseach MetroLink ag 086 8322413 nó niall.mchugh@tii.ie
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
- Soláthróidh MetroLink:
- Bonneagar den chéad scoth d’Éirinn
- An clár oibreacha is mó i stair an Stáit
- Athrú ó bhonn ar Bhaile Átha Cliath agus an ceantar máguaird
- Líonraí taistil comhtháite
- Rochtain ar chúlsoláthairtí talún riachtanacha do thithíocht