Ainmnítear Nua-Shéalannach mar Stiúrthóir Tionscadail ar MetroLink tar éis Cuardach Fostaíochta Domhanda

Saineolaí a bhfuil aitheantas domhanda aige maidir le tionscadail mhóra bhonneagair chun mórchlár iompair phoiblí a sheachadadh

Tá garsprioc mhór eile bainte amach ag MetroLink agus Stiúrthóir Tionscadail fostaithe aige tar éis cuardach domhanda don iarrthóir is oiriúnaí le bheith i gceannas ar an tionscadal infheistíochta um iompar phoiblí is mó riamh i stair an Stáit.

Glacfaidh Sean Sweeney, Nua-Shéalannach, an post d’fhonn ‘olltionscadal’ iompair phoiblí a thabhairt go Baile Átha Cliath tar éis dó dea-theist rathúil air féin a chruthú le tríocha bliain anuas i róil cheannaireachta ar thionscadail mhóra bhonneagair san Astráil, sa Nua-Shéalainn agus sna Stáit Aontaithe.

Is saineolaí é Sweeney ar oibreacha móra caipitiúla agus tollánú a sholáthar agus a sheachadadh. Le déanaí, bhí sé ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar City Rail Link, nasc claochlaitheach iarnróid faoi thalamh i lár chathair Auckland, agus ar an tionscadal bonneagair iompair is mó riamh sa NuaShéalainn.

Áirítear leis na poist shuntasacha eile a bhí ag an Uasal Sweeney Stiúrthóir Feidhmiúcháin do Mhórthionscadail Victoria san Astráil, áit a ndearna sé bainistíocht ar phunann tionscadal agus Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí (PPPanna) a raibh luach na mbilliún dollar uirthi, agus bhí sé ina chathaoirleach ar Fhóram Ceannaireachta Rialtas Victoria um Bainistíocht Tionscadal.

Ina dhiaidh sin, bhí sé mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Bhonneagar Ceartais in New South Wales, agus le linn an ama sin chuir sé clár $2.4bn i gcrích agus bhunaigh sé aonad seachadta an tionscadail ó bhonn. Tá PhD aige san Eacnamaíocht Foirgníochta agus Bunchéim aige san Innealtóireacht Shibhialta.

Aithníodh roimh an bpróiseas earcaíochta nach mbeadh ach grúpa beag daoine gairmiúla ar fud na cruinne a mbeadh an saineolas acu chun MetroLink a chur i gcrích. Dúirt Grúpa Comhairleach um Mórthionscadail (MPAG) na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe: “Beidh líon teoranta daoine go hidirnáisiúnta a chomhlíonfaidh na critéir ábhartha [do ról an Stiúrthóra Tionscadail].”

I bhfianaise an tsaineolais shonraigh agus na taithí sonraí a bheadh ag teastáil chun tabhairt faoin tionscadal claochlaitheach seo, cheadaigh an Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta agus Athchóirithe PFN buntuarastal €550,000 don ról. Tá an méid seo faoi bhun an mheánráta choibhéisigh don leibhéal saineolais seo ar fud an domhain

Dúirt an tAire Iompair, Eamon Ryan:

“Céim thábhachtach eile lena chinntiú go dtabharfar MetroLink chun críche an uair seo is ea Stiúrthóir Tionscadail a earcú a bhfuil aitheantas domhanda aige agus a bhfuil dea-theist air maidir le tionscadail bhonneagair ollmhóra a thabhairt chun críche. Tá duine de na daoine is fearr ar domhan ar ár bhfoireann anois chun an tionscadal a chur i gcrích.

“Tá an tionscadal claochlaitheach seo roimh na húdaráis phleanála faoi láthair. Nuair a thiocfaimid tríd an bpróiseas pleanála, ba mhaith liom go rachaimis i mbun tógála a luaithe agus is féidir ionas go mbainfimid ár ngarspriocanna amach agus go gcuirfimid córas meitreo den chéad scoth ar fáil chomh tapa agus is féidir.

“Ní leis an tionscadal seo a chur i gcrích sna deich mbliana atá romhainn amháin a bhaineann an earcaíocht thábhachtach seo, ach lena chinntiú go bhfuil córas iompair againn atá oiriúnach don fheidhm atá leis sna blianta amach romhainn.”

Dúirt Anne Graham, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Iompair Náisiúnta:

“Is éard atá i gceist le MetroLink ná iompar poiblí eile a sholáthar a thagann go minic, atá iontaofa, atá inbhuanaithe, agus atá mar chuid de chóras comhtháite iompair phoiblí, trí rochtain níos fearr ar an gcathair a sholáthar do Shord, do na bruachbhailte thuaidh agus d’Aerfort Bhaile Átha Cliath.

“Is céim mhór é ceapachán an lae inniu sa tionscadal ríthábhachtach seo agus is comhartha soiléir é go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh.”

Dúirt Peter Walsh, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bhonneagar Iompair Éireann:

“Tá an-áthas orm fáilte a chur roimh cheapachán Sean Sweeney don phost mar Stiúrthóir Tionscadail don tionscadal MetroLink. Rinneadh an ceapachán tar éis comórtas forleathan earcaíochta go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, a comórtas a rinne Newsom Consulting ar son Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ).

“Chomh maith lena éachtaí gairmiúla, tá cáil ar Shean mar gheall ar a stíl cheannaireachta chomhoibríoch agus chumarsáideach. Is saineolaí aitheanta é freisin ar thionscadail mhóra chaipitiúla a sholáthar agus a sheachadadh.

“Mar ár Stiúrthóir Tionscadail nua ar MetroLink, beidh Sean freagrach as forbairt agus seachadadh an chláir seo a threorú, clár a bhfuil sé mar aidhm aige nuasheirbhís iompair phoiblí ardmhinicíochta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur ar fáil.

“Trína nasc le príomhlíne iarnróid, DART, Luas agus BusConnects, athróidh MetroLink iompar poiblí in Éirinn ó bhonn, ag tabhairt aghaidh ar shaincheisteanna ríthábhachtacha amhail brú tráchta, inrochtaineacht agus fás inbhuanaithe.”

Maidir lena cheapachán, dúirt Sean Sweeney:

“Rugadh agus tógadh m’athair nach maireann i gCaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo. Bheadh sé fíorshásta agus thar a bheith bródúil, mar atáim féin, dá mbeadh a fhios aige go raibh a mhac ag dul ar ais le bheith i gceannas ar an mórthionscadal seo do Bhaile Átha Cliath. Is tionscadal aonghlúine é MetroLink a athróidh an córas iompair phoiblí san ardchathair ó bhonn, agus is mór an lúcháir orm agus an onóir dom gur roghnaíodh mé le bheith ar thús cadhnaíochta ina sheachadadh”

25.06.2024 Fógra maidir le Stiúrthóir Tionscadail Metrolink