Faomhadh na Comh-aireachta faighte ag an Aire O'Brien maidir le Plean Infheistíochta Earnála €24.3 billiún le haghaidh Iompar 2026-2030
Fuair na tAire Iompair Darragh O'Brien faomhadh na Comh-aireachta inniu maidir leis an bPlean Infheistíochta Earnála le haghaidh Iompair faoin Athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Náisiúnta (PFN) a rinneadh le déanaí. Is é an t-Athbhreithniú ar an PFN an t-instealladh caipitil is mó agus is tábhachtaí sa gheilleagar ó bunaíodh an Stáit, agus tacaíonn sé le huasghrádú cuimsitheach ár mbonneagair uisce, fuinnimh agus iompair chun tacú le gach forbairt eacnamaíoch riachtanach eile.
Leagann an Plean Infheistíochta Earnála le haghaidh Iompair gealltanas amach €22.3 billiún a thabhairt do raon éagsúil de roghanna iompair – iompar poiblí, taisteal gníomhach, bóithre, iompar muirí, agus eitlíocht san áireamh – sna cúig bliana amach romhainn. Le leithdháileadh breise de €2 billiún ón gCiste um Bonneagar, Aeráid agus an Dúlra, tacófar le forbairt MetroLink, rud a fhágann gurb ionann Infheistíocht Státchiste PFN agus €24.3 billiún san iomlán idir 2026 agus 2030.
Leis an infheistíocht seo, déanfar bonneagar iompair reatha a chothabháil agus a fheabhsú, agus tacófar le tionscnaimh nua d'fhonn nascacht a fheabhsú ar fud ceantair uirbeacha agus tuaithe agus chun tacú le fás inbhuanaithe.
Dúirt an tAire Iompair, Darragh O’Brien:
“Is cor cinniúnach í an infheistíocht €24.3 billiún seo do chóras iompair na hÉireann. Baineann sé le níos mó ná infheistíocht a thógáil – baineann sé leis an gcineál córais iompair atá uainn a mhúnlú agus le roghanna inbhuanaithe agus inrochtana a sholáthar chun sinn féin a nascadh le chéile. Trí nuálaíocht, gníomhú ar son na haeráide, agus forbairt réigiúnach a thabhairt le chéile, tá muid ag cruthú córas iompair a thacaíonn le fás eacnamaíoch, a chosnaíonn ár gcomhshaol, agus a fheabhsaíonn cáilíocht na beatha do gach saoránach.”
Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Iompar Idirnáisiúnta agus ar Bhóithre, Lóistíocht, Iarnróid agus Calafoirt, Seán Canney:
“Leis an infheistíocht seo, tá muid in ann ár ngréasán bóithre a chothabháil agus a uasghrádú de réir na gcaighdeán is airde, agus muid ag tabhairt isteach bearta a chosnaíonn úsáideoirí na mbóithre. Trí thús áite a thabhairt d'infheistíocht níos sábháilte, trí thacú le luchtú feithiclí leictreacha, agus trí dhul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an aeráid, tá muid ag cruthú bóithre atá ní hamháin seasmhach, ach níos sábháilte chomh maith do thiománaithe, rothaithe, agus coisithe araon. Ina theannta sin, éascóidh sé forbairt bhreise ar ár ngréasán iarnróid de réir an Athbhreithnithe Straitéisigh Uile-Oileáin ar an Iarnród, lena gclúdaítear an clár DART+, Iarnród Comaitéireachta Cheantar Chorcaí agus Conair Iarnróid an Iarthair.”
Dúirt tAire Stáit, Jerry Buttimer, atá freagrach as Cúrsaí Iompair faoin Tuath:
“Tá an t-iompar iontaofa inrochtana bunriachtanach le go dtiocfaidh bláth ar phobail thuaithe. Leis an infheistíocht seo, neartófar nascacht áitiúil trí bhonneagar iompair tuaithe a fheabhsú agus tacú leis, feabhas a chur ar na seirbhísí atá ar fáil ag moil réigiúnacha, agus tacú le roghanna taistil ghníomhaigh a dhéanann gnáth-thurais an lae níos éasca agus níos sábháilte. Tá muid ag tógáil córas iompair a thacaíonn le daoine chun taisteal ar bhealach sábháilte agus éasca agus chun nascadh lena chéile.”
Is iad seo a leanas na leithdháiltí agus tosaíochtaí táscacha maidir le príomhearnálacha ó 2026 go 2030:
Iompar Poiblí:
Leis an leithdháileadh de thart ar €10.1 billiún: cosnófar agus athnuafar an gréasán iarnróid throim; tacófar le hathsholáthar fhlít traenacha DART reatha; soláthrófar Céim 1 de Chlár Iarnród Comaitéireachta Cheantar Chorcaí agus tosófar ar Chéim 2; agus tosófar ar an gclár DART+ agus ar Chonair Iarnróid an Iarthar a thógáil. Faoi BusConnects, leanfar ar aghaidh le busanna leictreacha nua a cheannach, déanfar roinnt Príomhchonairí Bus i mBaile Átha Cliath, agus ba cheart go dtosófar ar oibreacha tógála i gCorcaigh agus i nGaillimh.
Ina theannta sin, le €2 billiún ón gCiste um Bonneagar, Aeráid agus an Dúlra, tacófar le MetroLink a thógáil, i bhfianaise a scála agus a thábhacht ar leith don tír.
Gréasáin Bóithre agus Sábháilteacht ar Bhóithre:
Leis an infheistíocht de thart ar €9.7 billiún sna bóithre: cosnófar agus athnuafar ár ngréasán bóithre reatha; soláthrófar go leor tionscadal bóithre náisiúnta nua; déanfar tionchair a bhaineann leis na séasúir agus leis an aeráid a mhaolú; déanfar bonneagar luchtaithe feithiclí leictreacha a rolladh amach; agus déanfar bóithre agus seach-chonairí straitéiseacha nua a sholáthar.
Sa Phlean, sonraítear tionscadail príomhbhóithre náisiúnta – iad a bhfuil raon de chostais mheasta os cionn €200 milliún i gceist leo – a bhfuiltear ag súil go dtosófar ar a dtógáil nó a soláthar faoi 2030. Cuirfidh na sonraí sin soiléire ar fáil don phobal agus do chonraitheoirí maidir leis an ngníomhaíocht soláthair agus tógála le linn na gcúig bliana atá amach romhainn.
Níor liostaíodh go sonrach tionscadail níos lú atá faoin tairseach €200 milliún, amhail Bóthar Faoisimh Mhala nó Seach-Chonair Bhaile Átha Fhirdhia, ach táthar ag súil go mbeidh siad i mbun tógála faoi 2030. Ar an dóigh chéanna, cé go bhfuil formhór mhaoiniú na mbóithre réigiúnacha agus áitiúla tiomanta don ghréasán reatha a chosaint agus a athchóiriú, tá tionscadail straitéiseacha, a bhfuiltear ag súil go dtosófar ar a dtógáil faoi 2030, liostaithe chomh maith.
Taisteal Gníomhach agus Glasbhealaí:
Infheistíocht €1.8 i soláthar 1,000km de bhonneagar siúil agus rothaíochta nua agus uasghrádaithe faoi 2030. Áirítear le tionscadail mhóra 2026 Droichead Iompair Inbhuanaithe i bPort Láirge, Glasbhealach Uirbeach Ghleann Maghair i gCathair Chorcaí, agus Gréasán Rothaíochta An Bhaile Bháin agus Pháirc an Chaisleáin i nGaillimh.
Eitlíocht Shibhialta:
€44.6 milliún le haghaidh infheistíocht leanúnach in aerfoirt réigiúnacha faoin gClár nua um Aerfoirt Réigiúnacha 2026-2030, a dhíríonn ar shábháilteacht, slándáil agus inbhuanaitheacht.
Iompar agus Sábháilteacht Mhuirí:
€1.45 milliún chun clár tógála Gharda Cósta na hÉireann a sholáthar agus le haghaidh athsholáthar molta shoitheach Choimisinéirí Soilse na hÉireann, ILV Granuaile.
TFC agus Nuálaíocht Dhigiteach: €231 milliún d'infheistíocht i gcórais bhainistithe tráchta ardleibhéil, ullmhacht d’Fheithiclí Ceangailte agus Féinrialaitheacha, agus Mol Digiteach a thugann feidhmeanna digiteacha agus TFC le chéile.
Nótaí d’Eagarthóirí
Tá sonraithe i bPlean Infheistíochta Earnála PFN tionscadail bóithre náisiúnta le raon costais mheasta de níos mó ná €200 milliún a bhfuiltear le tosú ar a dtógáil nó ar a bpríomhsholáthar faoi 2030. Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil roinnt tionscadal bóithre náisiúnta, atá tábhachtach i réigiúin áirithe agus a bhfuil raon costais measta de níos lú ná €200m i gceist leo, sceidealaithe le tosú ar an tógáil roimh 2030 chomh maith, amhail:
-
Seachbhóthar Baile Átha Fhirdhia an N52
-
Bóthar Faoisimh Mhala an N72/73
-
Cluain Aodha an N3 go dtí an M50
-
Tionscadal Iompair Bhéal Easa.
Tá sonraí leagtha amach faoi na tionscadail bheaga sin sna leabhráin leithdháilte bhliantúla a tháirgeann BIÉ gach bliain.
Is féidir féachaint ar Athbhreithniú PFN 2025 iomlán ar an bPlean Infheistíochta Earnála le haghaidh Iompair anseo.