A Chéad Rátálacha Sábháilteachta ar Bhóithre ar fud Ghréasán Phríomhbhóithre Náisiúnta na hÉireann foilsithe ag BIÉ 

D'fhoilsigh Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) a chéad Mheasúnú riamh ar Shábháilteacht ar Bhóithre ar fud an Ghréasáin (NWA), agus é mar chloch mhíle maidir le tiomantas na hÉireann do bhóithre atá níos sábháilte. Leis an gcóras rátála sábháilteachta seo, déantar measúnú ar thart ar 2500km de ghréasán na bpríomhbhóithre náisiúnta trí shonraí stairiúla um imbhualadh agus sonraí ó iniúchtaí réamhghníomhacha reatha ar bhonneagar. Is ceanglas é an gníomh seo faoin Treoir maidir le Sábháilteacht an Bhonneagair Bóithre a Bhainistiú (RISM). Sa Treoir, tugtar sainordú maidir le príomhghréasáin bóithre ar fud na hEorpa a rangú de réir leibhéal sábháilteachta. 

Baineann an NWA úsáid as córas rangaithe sábháilteachta chun codanna de bhóithre a shainaithint, a bhfuil leibhéil éagsúla riosca ag baint leo. Tá tríocha stráice bóthair, arb ionann iad agus níos lú ná 3% de ghréasán na bpríomhbhóithre náisiúnta, rangaithe ar an leibhéal riosca is airde, i.e. an méid is lú sábháilteachta, rud a thionscnaíonn gníomh leantach lena n-áirítear iniúchtaí spriocdhírithe agus oibreacha leasúcháin. Tá roinnt mhaith de na stráicí sin clúdaithe ag scéimeanna atá i mbun pleanála cheana féin agus dá bhrí sin, treisíonn sé seo an plean earnála iompair. Déanfar anailís ar na stráicí eile agus díreofar orthu le hidirghabhálacha sábháilteachta le maoiniú ón Scéim um Shábháilteacht ar Bhóithre a Fheabhsú. 

Tá BIÉ ag tabhairt faoi anailís ar imbhualadh le fada an lá agus le déanaí tá siad rannpháirteach in iniúchtaí ar an ngréasán. Mar sin féin, seo an chéad uair a foilsíodh rátáil sábháilteachta bunaithe ar fhoinsí difriúla in éineacht, rud a léiríonn agus céim shuntasach chun tosaigh maidir le conas a mheasúnaíonn BIÉ an tsábháilteacht ar fud ghréasán na bpríomhbhóithre náisiúnta, agus neartaíonn sé an cás maidir leis na háiteanna a ndéanfar an infheistíocht a spriocdhíriú amach anseo. 

Sa mheasúnú, tarraingítear aird ar an riosca díréireach a ghabhann le bóithre náisiúnta carrbhealaigh aonair, a chuimsíonn 92% de bhásanna cé nach gcuimsíonn siad ach 38% de na ciliméadair feithicle tiomáinte. 

Na Chéad Chéimeanna Eile: 

  • Déanfar measúnuithe deisce agus iniúchtaí ar an láthair i gcás na suíomhanna is contúirtí. 

  • Forbrófar Plean Gníomhaíochta NWA chun idirghabhálacha sábháilteachta a threorú amach anseo. 

  • Cuideoidh na rátálacha sábháilteachta lena léiriú, ar bhealach níos soiléire, go bhfuil buntáistí ag gabháil le sábháilteacht ar bhóithre agus go bhfuil gá le roinnt de na mórscéimeanna atá ar na bacáin faoi láthair, lena n-áirítear uasghráduithe ar acomhail, gnéithe den tsábháilteacht ar bhóithre, agus carrbhealaí roinnte. 

  • Trí chomhoibriú leanúnach le húdaráis áitiúla cinnteofar go soláthrófar scéimeanna feabhsaithe sábháilteachta ar bhealach éifeachtach. 

Ní hamháin go gcloíonn an tionscnamh seo le ceanglais reachtaíochta na hEorpa ach tacaíonn sé chomh maith le Straitéis na hÉireann maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre 2021–2030, agus é ag treisiú thiomantas BIÉ do thráma ar bhóithre a laghdú agus do ghréasán iompair níos sábháilte a chruthú do chách trí chur chuige Córas Sábháilteachta atá bunaithe ar fianaise.