Conradh Oibríochtaí & Cothabhála Luas den Chéad Ghlúin eile Bronnta ar Chomhfhiontar idir Keolis agus Amey
Fógra foirmiúil déanta ag Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) agus ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) go bhfuil Conradh Oibríochtaí & Cothabhála (O&M) Luas den chéad ghlúin eile bronnta ar an tairgeoir rathúil KeolisAmey chun Luas a oibriú agus a chothabháil i mBaile Átha Cliath.
Síníodh an conradh, ar fiú thart ar €1.3 billiún é, an 12 Márta 2026 agus tá coinne leis go gcuirfear tús le seirbhísí faoin gconradh nua ón 1 Meán Fómhair 2026. Is ar feadh téarma seacht mbliana ar dtús a bheidh an conradh, agus beidh rogha ann ansin síneadh sé bliana eile a chur leis.
Tá foráil sa chonradh nua le haghaidh roinnt gnéithe breise lena n-áirítear tráthchlár feabhsaithe ina mbeidh seirbhísí breise ag buaicamanna a thabharfar isteach in 2027.
As seo go ceann cúpla mí, éascóidh an t-oibritheoir Luas reatha Transdev an t-aistriú chuig KeolisAmey tráth a dtiocfaidh an conradh O&M reatha a bronnadh in 2019 chun críche.
Dheimhnigh BIÉ go bhfuil súil aige leis go roghnóidh formhór mór d’fhoireann Luas aistriú chuig KeolisAmey i gcomhréir le Dlí na Rialachán um Aistriú Gnóthas lena rialaítear rialacháin aistrithe.
Tá taithí mhaith ag KeolisAmey ag feidhmiú conarthaí den chineál céanna i ndlínsí eile lena n-áirítear Iarnród Éadrom ag na Duganna i Londain ó 2014, áit ar bronnadh conradh nua ocht mbliana orthu le gairid chun an tseirbhís a oibriú. Is iad atá i mbun an ghréasáin iarnróid éadroim MetroLink i Manchain freisin.
Ag labhairt dó faoi fhógairt an chonartha, dúirt an tAire Iompair, Darragh O’Brien an méid seo a leanas: “Léiríonn an conradh seo céim thábhachtach ó thaobh clár leanúnach an Rialtais a sheachadadh, ar mhaithe le hiompar poiblí inbhuanaithe a neartú agus a leathnú ar fud Bhaile Átha Cliath. Tá ról riachtanach ag Luas i saol laethúil na cathrach, tacaíonn sé le gníomhaíocht eacnamaíoch, nascann sé pobail agus tugann sé rogha eile iontaofa ar thaisteal i ngluaisteán de réir mar a fhéachfaimid lenár spriocanna aeráide a bhaint amach.
“Cinnteofar leis an gconradh oibríochtaí agus cothabhála fadtéarmach seo go leanfar de bheith ag feidhmiú an ghréasáin Luas go sábháilte, go héifeachtúil agus de réir na gcaighdeán is airde, agus go soláthrófar acmhainneacht mhéadaithe agus eispéireas níos fearr tríd is tríd do phaisinéirí.
“Rud atá tábhachtach, tacaíonn an conradh seo freisin leis an gcéad chéim eile d’fhorbairt Luas, lena n-áirítear an síneadh beartaithe i bhFionnghlas, rud lena dtabharfar iompar poiblí tapa ardacmhainne chuig tuilleadh pobal fiú. Is bunús láidir é a bhfuil gá leis le haghaidh fás leanúnach an ghréasáin Luas agus cinntíonn sé go mbeidh sé ina ghné thábhachtach de chóras iompair Bhaile Átha Cliath go ceann fada.
Guím gach rath ar na hoibritheoirí nua.”
Dúirt Anne Shaw, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair:
“Is céim thábhachtach é an conradh nua seo i bhforbairt leanúnach Luas mar sheirbhís iompair phoiblí ardlín paisinéirí, inbhuanaithe agus iontaofa do Bhaile Átha Cliath. Leis an síneadh atá beartaithe amach anseo chuig Fionnghlas agus le rolladh amach tramanna nua a mhéadóidh an acmhainneacht, cuideoidh an chéad chéim eile seo freastal ar an éileamh méadaithe agus beidh sé níos éasca ag daoine iompar poiblí a roghnú. Táimid ag tnúth le bheith ag obair le Bonneagar Iompair Éireann agus KeolisAmey chun a chinntiú go bhfaigheann paisinéirí seirbhís shábháilte thráthrialta ar ardchaighdeán de réir mar a fhorbróidh Luas amach anseo.”
Dúirt Lorcan O’Connor, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bhonneagar Iompair Éireann:
“Is é Luas an bonneagar iompair is fearr dár linne, agus é ag iompar 55 milliún paisinéir ar thurais in 2025 amháin. Is mian liom buíochas a ghabháil le gach duine ag Iarnród Éadrom Transdev Bhaile Átha Cliath agus a máthairchuideachta Transdev Group as a dtiomantas agus iad ag feidhmiú Luas le breis is scór bliain anuas. Chuidigh siad le múnlú na seirbhíse iontaofa inrochtana a shamhlaítear anois leis an gcathair, a thugann deis do dhaoine taisteal chuig cibé áit a chónaíonn, a oibríonn nó a dtéann siad amach go sóisialta agus é sin á dhéanamh go hinbhuanaithe agus le compord.
“Tá ríméad orm a bheith in ann an conradh nua seo a bhronnadh ar fhoireann a bhfuil taithí sheanbhunaithe acu in Keolis Amey de réir mar a thugaimid faoi chéim nua bhríomhar eile don Luas. Táimid ag fáil tramanna nua a bhfuil géarghá leo chun an acmhainneacht a mhéadú agus muid ag tabhairt tús áite don Luas a leathnú amach a thuilleadh. Tá Luas (Fionnghlas) réidh le dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile ach a bhfaighfear an maoiniú, agus tá tuilleadh pleananna ann seirbhís Leamhcáin agus an Phoill Bhig a fhorbairt.”
Dáta Foilsithe: 12.03.2026
Críoch
NÓTA DON EAGARTHÓIR
Tá an comhfhiontar KeolisAmey 65:35 idir Keolis, oibritheoir iompair idirnáisiúnta agus ceannaire domhanda sa tsoghluaisteacht chomhroinnte, agus Amey, soláthraí mór réiteach innealtóireachta, oibríochtaí agus dícharbónaithe saolré iomláin.
Níl anseo ach tuilleadh den chomhpháirtíocht rathúil i gcomhfhiontair iarnróid éadrom idir an dá dhream a thosaigh i mí na Nollag 2014 nuair a d’éirigh le KeolisAmey an conradh a fháil chun an tIarnród Éadrom ag na Duganna i Londain, an Ríocht Aontaithe a oibriú agus a chothabháil. Ó shin i leith, d’éirigh le KeolisAmey an conradh DLR a choinneáil in 2024, agus tá an gréasán tram MetroLink i Manchain á oibriú acu freisin ó 2017.
Tá Keolis ar cheann de na cuideachtaí iompair phoiblí is mó ar domhan, agus láimhdeachas beagnach €8 billiún acu. Is é Keolis an t-oibritheoir tramanna agus córas meitreo uathoibríoch is mó ar domhan, agus tá saineolas aige sa réimse le breis is 45 bliain agus níos mó ná 25 ghréasán tagartha in oibríochtaí agus i gcothabháil tramanna go domhanda.[Text Wrapping Break]Chun tuilleadh eolais a fháil féach suíomh gréasáin Keolis: www.keolis.com
Soláthraíonn Amey réitigh innealtóireachta, oibríochtaí agus dícharbónaithe saolré iomláin, le haghaidh bonneagar iompair agus saoráidí casta, agus tá láimhdeachas bliantúil €2.2 billiún Euro ag an gcuideachta. Tá saineolas ag Amey i gComhairliúchán agus Dearadh, Comhairleoireacht agus Anailísíocht, Bonneagar Iompair agus Saoráidí Casta chun sócmhainní cliant a dhearadh, a bhainistiú, agus a choinneáil ar bun ar feadh a saolré ar fad.Chun tuilleadh eolais a fháil féach suíomh gréasáin Amey: www.amey.co.uk
TEAGMHÁIL
Bonneagar Iompair