An tríú cuid de Ghlasbhealach Chiarraí Theas le hoscailt go hoifigiúil

Osclaíodh an tríú cuid de Ghlasbhealach Chiarraí Theas, ina bhfuil clárchosán 100-méadar crochta, don phobal.  Síneann an chuid sin ón gclárchosán nua ag Stad an tSléibhe chomh fada le Teachín Uí Ghríofa ag Cill Choimhtheach gar don bhóthar N70, rud a fhágann gurb ionann an fad iomlán inrochtana ó Thús Siúlóide Ghleann Beithe is 6.2km.  

Dearadh an glasbhealach le bheith ina fhad 27km idir Gleann Beithe agus Cathair Saidhbhín, agus críochnófar dhá thrian den fhad faoi dheireadh 2027.  

Tá Glasbhealach Chiarraí Theas ar lorg an iarnróid a bhíodh ann idir Cill Orglan agus Cuan Dhairbhre, a bhíodh ar an iarnród is faide siar san Eoraip san am a bhí. D’oibrigh sé idir 1893 agus 1960, agus ceanglaíodh stáisiúin i gCill Orglan, Gleann Beithe, na Cealla, Cathair Saidhbhín agus Cuan Dhairbhre - an ceann aistir ab fhaide siar - leis an líne. Bhíodh cáil ar an líne as an mbealach drámatúil atá buailte leis na haillte agus as na radhairc ar an Atlantach. Rinneadh an turas deireanach ar an líne an 30 Eanáir 1960, agus fágadh ina dhiaidh struchtúir aitheanta cosúil le Tarbhealach Ghlísc.

Ag labhairt dó ag an oscailt oifigiúil Dé Luain, 6 Iúil le linn a chuairte ar Chiarraí, dúirt an tAire Iompair Darragh O’Brien: "Údar mór áthais dom bheith i gCo. Chiarraí inniu chun roinnt scéimeanna a oscailt go foirmiúil lena bhfeabhsófar bonneagar iompair dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu sa chontae álainn seo nó atá ag tabhairt cuairt air. Tá mo roinn tiomanta d’fheabhsuithe ar bhonneagar iompair ghníomhaigh agus gréasán na mbóithre thar an iardheisceart a mhaoiniú.”

Seachadadh Glasbhealach Chiarraí Theas le cúnamh ó BIÉ ag oibriú i gcomhar le Comhairle Contae Chiarraí agus maoiniú acu ón Roinn Iompair. Dúirt Paul Moran, Bainisteoir do Réigiún an Iardheiscirt BIÉ, “Ní hamháin gur bealach nua trí thírdhreach suntasach atá in oscailt Ghlasbhealach Chiarraí Theas—infheistíocht atá ann in iompar áitiúil, i dturasóireacht inbhuanaithe agus leagtar béim leis ar an nasc idir daoine agus láthair ar féidir a fheabhsú le Glasbhealach.”