Rátáil BREEAM 'Den Scoth' Bainte Amach den Chéad Uair in Éirinn ag Luas Fhionnghlaise

Tá caighdeán nua socraithe ag síneadh Líne Uaine Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ) ar Luas Fhionnghlaise maidir le hinbhuanaitheacht bonneagair iarnróid éadroim. Is í an scéim seo an chéad tionscadal i bPoblacht na hÉireann a bhfuil rátáil Bhonneagair BREEAM 6 bainte amach aige chomh maith leis an gcéad tionscadal iompair sa tír a bhfuil an rátáil 'Den Scoth' bainte amach aige ag céim na Straitéise agus an Deartha. Chun aitheantas a thabhairt d'éachtaí an tionscadail, tá Luas Fhionnghlaise ainmnithe ag BREEAM mar chraobhiomaitheoir faoin gcatagóir Daoine & Pobail sna duaiseanna atá le teacht i mí Mheán Fómhair.
Is iad caighdeáin BREEAM na príomhchreataí eolaíochta ar domhan chun inbhuanaitheacht a mheasúnú, a bhailíochtú agus a dheimhniú sa timpeallacht thógtha. Clúdaíonn caighdeáin BREEAM gach céim den timpeallacht thógtha, ón dearadh agus tógáil go dtí an t-oibriú agus athchóiriú, agus is féidir iad a úsáid áit ar bith ar fud an domhain.
D'ainmnigh BIÉ Egis chun tabhairt faoi Phróiseas Deartha agus Reachtúil Tosaigh Luas Fhionnghlaise. Ag an gcéim seo de thionscadal Luas Fhionnghlaise atá beartaithe, ceanglaíodh ar Egis dearadh tagartha a fhorbairt chun tacú le hIarratas Ordaithe Iarnróid chuig an gCoimisiún Pleanála. Mar chuid den phróiseas seo, thug Egis faoi Mheasúnú ar Uirlisí sa Saol Poiblí i spásanna oscailte feadh an bhealaigh atá beartaithe chun tuiscint níos fearr a fháil ar phatrúin úsáide reatha agus chun deiseanna a aithint chun an sochar poiblí a fheabhsú. Sa mheasúnú sin baineadh úsáid as modheolaíochtaí taighde a d'fhorbair Jan Gehl agus Institiúid Gehl, trí theicnící bailithe sonraí a úsáid chun an saol poiblí a leagan amach agus anailís a dhéanamh ar na tréithe fisiciúla agus sóisialta atá ag spásanna poiblí.
Leis an gcatagóir Daoine & Pobail, faoinar cuireadh an tionscadal ar an ngearrliosta, déantar tomhas ar an luach sóisialta a chruthaíonn an fhorbairt. Is é is aidhm leis ná a chinntiú go dtugann tionscadail bhonneagair tús áite do shláinte cónaitheoirí, go soláthraítear sochair don phobal áitiúil, agus go gcruthaítear comhaontú trí rannpháirteachas luath le páirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha araon.
Léiríonn Luas Fhionnghlaise na buntáistí níos leithne a ghabhann le hiarnród éadrom seachas an t-iompar féin. Bhain an tionscadal rátáil 'Den Scoth' de 83.73% amach, agus léirigh sé feidhmíocht láidir ar fud ocht gcatagóir de chuid BREEAM: Bainistíocht; Acmhainní (Ábhair & Dramhaíl); Fuinneamh & Carbón; Uisce; Úsáid Talún & Éiceolaíocht; Truailliú; Athléimneacht & Oiriúnú; agus Daoine & Pobail (Luach Sóisialta/Páirtithe Leasmhara).
Múnlaíodh an síneadh beartaithe, a nascfaidh Droichead Broome le Fionnghlas, trí rannpháirtíocht mhór na bpáirtithe leasmhara, dearadh inar cuireadh inscne san áireamh, agus anailís mhionsonraithe ar an saol poiblí chun tuiscint níos fearr a fháil ar an dóigh a bpléann daoine leis an timpeallacht thart orthu. Meascann an scéim an bonneagar iompair inrochtana le conairí atá 70% glas, rotharbhealaí feabhsaithe, agus spásanna poiblí athshamhlaithe ina dtugtar tús áite don ionchuimsitheacht agus do shochar fadtéarmach an phobail.
Leis an síneadh cuirfear feabhas ar nascacht do phobail i bhFionnghlas agus i mBaile Shéarlais, tacófar le hathghiniúint agus fás eacnamaíoch, spreagfar athrú ó ghluaisteáin phríobháideacha go hiompar poiblí, agus tabharfar bonneagar siúil agus rothaíochta isteach ar fud na conaire. Chomh maith leis sin cuireann sé béim láidir ar inrochtaineacht, ionchuimsiú sóisialta agus feabhsú an chomhshaoil, lena n-áirítear bearta bithéagsúlachta agus tírdhreachú suntasach.
Agus an tionscadal aitheanta mar chraobhiomaitheoir sna Duaiseanna BREEAM, a bhfuil cliú agus cáil orthu go hidirnáisiúnta, léirítear neart an chuir chuige chomhtháite seo i leith dearadh bonneagair inbhuanaithe, agus luach fadtéarmach don phobal. Leis an gcatagóir Daoine & Pobail, faoinar cuireadh an tionscadal ar an ngearrliosta, déantar tomhas ar an luach sóisialta a chruthaíonn an fhorbairt. Is é is aidhm leis ná a chinntiú go dtugann tionscadail bhonneagair tús áite do shláinte cónaitheoirí, go soláthraítear sochair don phobal áitiúil, agus go gcruthaítear comhaontú trí rannpháirteachas luath le páirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha araon.
Dúirt David Weldon, Ceannaire an Iarnróid Éadroim, Ceantar Cathrach Bhaile Átha Cliath, ag BIÉ:
“Tá ról lárnach imeartha ag Bonneagar BREEAM chun torthaí inbhuanaitheachta intomhaiste a neadú i Luas Fhionnghlaise ón tús. Bhí sé taobh thiar den fhócas soiléir ar charbón, ábhair agus feidhmíocht an phobail, agus é ag cothú comhar láidir ar fhoireann an tionscadail in BIÉ agus Egis. Léiríonn rátáil BREEAM 'Den Scoth' go bhfuil BIÉ tiomanta do bhonneagar iompair phoiblí inbhuanaithe a sholáthar atá ar ardchaighdeán, bonneagar a chruthaíonn luach fadtéarmach do na pobail ar a bhfreastalóidh sé.”
Dúirt Julien Phan Hoang, Stiúrthóir Iarnróid Egis:
“Is garsprioc thábhachtach é do Luas Fhionnghlaise rátáil Bonneagair BREEAM a bhaint amach, agus léiríonn sé na caighdeáin inbhuanaitheachta arda atá neadaithe ar fud a dhearaidh. Bhí ról lárnach ag an nuálaíocht chomhshaoil agus rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara chun cinntí a mhúnlú maidir le carbón, bithéagsúlacht, ábhair agus riachtanais na bpobal áitiúil. Mar an chéad tionscadal iompair in Éirinn a bhfuil an caighdeán sin bainte amach aige, socraíonn Luas Fhionnghlaise tagarmharc nua ó thaobh iarnród éadrom inbhuanaithe de, agus léiríonn sé tiomantas Egis mar dhearthóir do bhonneagar a sholáthar a chruthaíonn luach buan do phobail agus don chomhshaol.”
Críoch
Is é Luas Fhionnghlaise an chéad síneadh eile ar Líne Uaine Luas. Cruthóidh sé nasc iompair phoiblí nua idir pobail Bhaile Shéarlais, Shráidbhaile Fhionnghlaise, Fhionnghlas Thiar, Bhóthar San Eiléana, Ghleann an Tulchann agus lár na cathrach. Tá an bealach beartaithe 3.9km ar fad agus áireofar ceithre stad nua leis: Bóthar San Eiléana, Sráidbhaile Fhionnghlaise, Bóthar San Maighréad agus Baile Shéarlais. Soláthróidh sé áis pháirceála agus taistil do 350 feithicil, gar do stad Bhóthar San Maighréad, in aice leis an M50. Cuirfidh an bealach deiseanna aistrithe ar fáil le líonraí bus ag gach stad nua agus le seirbhísí iarnróid príomhlíne ag Droichead Broome.
Dáta Foilsithe: 26.08.2026