Seoladh Sraith Léaráidí le Luas a cheiliúradh
Fáilte go scéalta Luas, sraith léaráidí a dhéanann ceiliúradh ar Luas agus ar a bhfuil déanta aige i mBaile Átha Cliath agus do Bhaile Átha Cliath.
Is é is aidhm leis an bhfeachtas seo figiúirí agus fíricí suimiúla faoin Luas a chur i láthair do phaisinéirí ar bhealach bríomhar. Tá an feachtas seo spreagtha ag Tuarascáil Sochar Luas, ina léirítear gach a bhfuil déanta ag Luas do phobail, gnóthaí agus forbairtí Bhaile Átha Cliath óna thús in 2004.
Cuireann na póstaeir seo fíricí i láthair faoi Luas nár smaoinigh tú fúthu nó nár chuala tú riamh – mar shampla, an méid ciliméadar taistil atá déanta, astaíochtaí ar leibhéal na sráide (nialas!), na pobail a nasctar le chéile, agus comhcheangal Luas le gréasán iompartha poiblí TFI i gcoitinne.
Tá na dearaí cruthaithe ag beirt mhaisitheoirí as Corcaigh, Roger Overall agus Emily Overall, athair agus iníon a reáchtálann a sainchomhairleoireacht scéalaíochta agus stiúideo boutique féin, Show and Tell. Bhí an feachtas ina chomhoibriú comhroinnte idir Bonneagar Iompair Éireann agus Luas (Transdev) le hionchur ónár gcomhghleacaithe san Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI). Míle buíochas do chách a ghlac páirt ann.
Tá súil againn go mbainfidh paisinéirí Luas sult as na póstaeir a fheiceáil ar an ngréasán sna míonna amach romhainn. Féach ar na léaráidí agus scéalta thíos!
Tagann Luas chun boinn
Ba é 2005 an chéad bhliain iomlán de sheirbhís Luas, agus d'iompair sé 22 milliún paisinéir ar an Líne Dhearg agus an Líne Uaine le chéile lena linn.
Ag an am sin, chuaigh an Líne Dhearg ó Thamhlacht go Stáisiún Uí Chonghaile, agus an Líne Uaine ó Fhaiche Stiabhna go hÁth an Ghainimh.
Faoi 2011, bhí síneadh déanta ar an Líne Dhearg le stadanna a áireamh go dtí an tIosta, agus ó Belgard go Teach Sagard.
In 2010, síneadh an Líne Uaine síos go Gleann Bhríde sa deisceart. Agus in 2017, cuireadh síneadh Traschathrach na Líne Uaine i gcrích, ag dul ó thuaidh thar an Life agus suas go Droichead Broome.
Tá línte Luas nua ag croílár na físe do Bhaile Átha Cliath agus do Chorcaigh I mBaile Átha Cliath, nascfaidh Luas an Poll Beag, Leamhcán agus Fionnghlas le lár na cathrach. I gCorcaigh, nascfaidh Luas Baile an Chollaigh le Rinn Mhachan. Tá roinnt de na cinn scríbe is tábhachtaí i gCorcaigh suite feadh an bhealaigh – Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, Ospidéal Ollscoil Chorcaí, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, lár chathair Chorcaí, Stáisiún an Cheanntaigh agus Páirc Uí Chaoimh san áireamh.
Ó thosaigh seirbhís Luas, tá méadú seasta tagtha ar líon na bpaisinéirí. Ní hamháin mar gheall ar na stadanna nua a cuireadh leis, ach ina theannta sin toisc gur mó ná riamh an tóir atá ar Luas mar mhodh iompair le taisteal thart i mBaile Átha Cliath.
Tá méadú de níos mó ná 50% tagtha ar líon phaisinéirí Luas le 10 mbliana anuas, agus 55 milliún duine bainte amach in 2025. Sin thart ar 10 n-oiread dhaonra Phoblacht na hÉireann.
AerLuas
Le linn bhuaicuaireanta na maidine, bíonn 58 tram ar ghréasán Luas tráth ar bith, agus 18,000 paisinéir á n-iompar. Sin beagnach dhá oiread thoilleadh Staid Thamhlachta.
Is ar Luas a dhéantar thart ar thuras amháin as gach seacht dturas iompair phoiblí ar fud Phoblacht na hÉireann. Mar gheall air sin, tá Luas ar cheann de na gréasáin iompartha phoiblí is gnóthaí san Eoraip.
Oibríonn Luas chomh crua sin go n-iompraíonn sé níos mó paisinéirí in aghaidh na bliana ná an córas tram i Manchain sa Ríocht Aontaithe, atá dhá uair chomh mór le Baile Átha Cliath agus ina bhfuil dhá oiread níos mó tramanna agus stadanna tram.
Má chuirtear na stadanna Luas go léir i gcomparáid le haerfort, d'fhreastail siad ar níos mó paisinéirí ná Aerfort na Róimhe in 2025, agus sin an t-ochtú aerfort is gnóthaí san Eoraip, nó ceithre áit chun tosaigh ar Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Gheallfadh Luas an ghealach duit
An raibh a fhios agat go n-athraíonn an t-achar idir an domhan agus an ghealach de bharr fhithis éilipseach na gealaí timpeall ar an domhan?
Féadann an t-achar idir an dá rinn athrú níos mó ná 1,000 ciliméadar laistigh d’uair amháin an chloig.
Is ionann an meánachar idir an domhan agus an ghealach agus 384,399 ciliméadar. Nuair a bhíonn an ghealach chomh fada amach agus is féidir, bíonn sí 405,696 ciliméadar i bhfad uainn. Agus í chomh gar agus is féidir, bíonn sí 363,105 ciliméadar i bhfad.
Agus tá an ghealach ag imeacht níos faide uainn. Ach ar an meán, ní imíonn sí ach 4 cheintiméadar in aghaidh na bliana.
In 2025, chlúdaigh tramanna Luas achar iomlán de 4,415,699 ciliméadar. Sin thart ar 11 oiread an mheánachair idir an domhan agus an ghealach, nó níos mó ná 104 babhta timpeall na cruinne.
Bheadh ort siúl síos suas Sráid Uí Chonaill níos mó ná 4 mhilliún uair le dul chomh fada sin.
Luas i bhfad i gcéin
Ó thosaigh seirbhísí Luas in 2004 go deireadh 2025, chlúdaigh tramanna Luas 74,733,863 ciliméadar.
Anuraidh, gan trácht ar bhliain ar bith eile, thaistil Luas níos mó ná 4,415,699 ciliméadar.
Dá mba spáslong é Luas, bheadh an turas go Véineas agus Mars déanta aige agus níos faide i gcéin.
Agus iad chomh gar agus is féidir, tá Véineas 40 milliún ciliméadar agus Mars 56 milliún ciliméadar i bhfad. Is é an chéad phláinéad eile is gaire don domhan ná Mearcair, atá thart ar 82 milliún ciliméadar i bhfad uainn ina shuíomh is gaire.
Mar sin, beidh an t-achar idir an domhan agus Mearcair taistealta ag Luas faoi 2028.
Ach ní bhainfimid na pláinéid is faide uainn amach (Neiptiún agus Plútón) go ceann 1,000 bliain eile.
Luas Laoch an Nialais
Gintear an leictreachas ar a ritheann Luas i stáisiúin chumhachta le gnáthacmhainní agus acmhainní inathnuaite.
Ciallaíonn sin nach gcuireann Luas féin le haon astaíochtaí ar leibhéal na sráide i mBaile Átha Cliath.
Agus fiú nuair a chuirtear astaíochtaí ó ghnáthstáisiún cumhachta san áireamh, tá Luas fós ar cheann de na bealaí is glaine le dul thart i mBaile Átha Cliath, agus ceann de na tionchair chomhshaoil is lú aige.
Nuair a roghnaíonn tú Luas, gníomhaíonn tú ar son na haeráide agus an phláinéid. Dá ndéanfaí gach turas Luas i gcarr, bheadh níos mó ná 35,000 turas cairr breise de dhíth in aghaidh na bliana i mBaile Átha Cliath. Bheadh méadú 1,000 tona ar astaíochtaí CO2 in aghaidh na míosa i gceist leis sin.
Téann Luas le sruth
Cosúil le do thóstaer, ritheann Luas ar an eangach leictreachais náisiúnta.
Ach tá i bhfad níos mó i gceist le tram a thiomáint ná le píosa aráin a thóstáil.
Ritheann do thóstaer ar sholáthar cumhachta 230 volta trí ghnáthshoicéad leictreachais sa bhalla, ach ní úsáideann sé ach méid beag bídeach de.
Ritheann tram Luas ar sholáthar mór 750 volta leictreachais a ritheann trí cháblaí suite sé mhéadar os cionn na ráillí. Sin níos mó ná trí oiread chomh cumhachtach le soláthar leictreachais do bhaile féin. Toisc gur rith sé ar leictreachas ón gcéad lá riamh, d’fhéadfá a rá go raibh Luas chun tosaigh ar a linn.
Ach tá Luas i bhfad níos éifeachtúla ná do thóstaer. Gach uair a bhriseann tram, aisghabhann sé beagán den fhuinneamh sin agus cuireann sé ar ais sa chóras é – ar nós gineadóir mór.
Rud atá suimiúil, díoladh an chéad charr leictreach in Éirinn in 1981. (Ag féachaint ar aghaidh an chairr, bhí sé cosúil le Luas beag). Ach ní raibh carranna leictreacha le feiceáil go rialta ar bhóithre na hÉireann go dtí 2010.
Baile Átha Cliath faoi bhláth, Luas faoi rath
Bhí Luas ina chuid lárnach d'fhorbairt Bhaile Átha Cliath. Thacaigh fás Luas le hathfhorbairt i gceantair níos sine sa chathair. Agus chuidigh sé leis na bruachbhailte is nuaí i mBaile Átha Cliath a nascadh leis an gcuid eile den chathair.
Chuidigh síneadh na Líne Deirge isteach i gCeantar na nDugaí le 500 gnó agus 40,000 post a mhealladh isteach sa cheantar. Chomh maith leis sin cuireann sé rogha áisiúil iompair phoiblí ar fáil do na daoine a bhfuil cónaí orthu sa 1,100 baile nua i gCeantar na nDugaí.
Le teacht Luas cuidíodh le hathnuachan na gceantar thart ar stadanna Fatima agus Rialto ar an Líne Dhearg. Tugann Luas rochtain éasca do na príomhospidéil anseo freisin: Ospidéal San Séamas, Ospidéal an Choim agus an tOspidéal Náisiúnta Leanaí nua.
Ón tús, rinne an Líne Dhearg nasc idir Tamhlacht agus an chuid eile de Bhaile Átha Cliath, ach chuir sí feabhas chomh maith ar cheangail iompair le lár bhaile Thamhlachta, Ospidéal Thamhlachta, The Civic Theatre agus Ionad Ealaíon Bhaile Átha Cliath Theas Rua Red.
Chuidigh síneadh na Líne Deirge go hIarthar na Cathrach, Baile Uí Fhoirtcheirn agus Teach Sagard le forbairt tithíochta a spreagadh feadh an bhealaigh. Tá tionchar imeartha ag an Líne Uaine ar an gcathair chomh maith.
Sa deisceart, chuidigh síneadh na Líne Uaine go Gleann Bhríde le Crios Forbartha Straitéisí Choill na Silíní a oscailt. Nuair a bheas sé curtha i gcrích, beidh 25,000 duine ina gcónaí ann agus 22,000 post nua ar fáil.
Sa tuaisceart, cuireann síneadh na Líne uaine go Droichead Broome rochtain éasca ar fáil do 20,000 mac léinn agus ball foirne ar champas nua Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath i lár na cathrach ag an gCloch Leathan.
Baile Átha Cliath fite fuaite le Luas
Imríonn Luas ról tábhachtach chun gach cuid den chathair a thabhairt le chéile.
Téann an Líne Dhearg 20 ciliméadar soir-siar, le 32 stad, ón Iosta go Tamhlacht agus ó Stáisiún Uí Conghaile go Teach Sagard.
Tá an Líne Uaine 24.5 ciliméadar ar fad agus cuimsíonn sé 35 stad thuaidh-theas, ó Dhroichead Broome go Gleann Bhríde.
Mar gheall air sin, tá na ceantair is sine agus is lárnaí de chuid Bhaile Átha Cliath ceangailte leis na cinn is nuaí ar imeall na cathrach le hiompar compordach agus áisiúil.
Ní hamháin go méadaíonn Luas ar an gceangal agus muintearas idir gach cuid den chathair, déanann sé an chathair ar fad níos inrochtana do chách. Áirítear leis sin cuairteoirí ar Bhaile Átha Cliath as ceantair eile den tír agus as an gcoigríoch, a bhfuil Luas mar threoraí dílis dóibh agus iad i gcathair choimhthíoch.
Seachas pobal a dhéanamh de Bhaile Átha Cliath, is pobal dá chuid féin é Luas – ceann atá bunaithe ar eispéireas comhroinnte. Ag deireadh an lae, bíonn daoine ag taisteal le chéile ar Luas níos mó ná 55 milliún uair sa bhliain.
Craic agus comhluadar le Luas
Tá Luas tagtha le bheith ina mhodh iompair tábhachtach do dhaoine le hionaid áineasa Bhaile Átha Cliath a bhaint amach.
Laistigh de chiliméadar amháin ó ghréasán Luas, tiocfaidh tú ar:
- 1 ionad comhdhála
- 3 staid/airéine
- 12 amharclann
- 15 pháirc
- 29 músaem
Le Luas beidh tú in ann siúl ó stad Luas go Staid Thamhlachta nó Páirc an Chrócaigh.
Fágann Luas díreach timpeall an chúinne ó Ionad Comhdhála, Baile Átha Cliath thú agus tugann lucht na gceolchoirmeacha díreach go dtí an tIosta. Agus cuidíonn sé leat filleadh abhaile ina dhiaidh sin.
I measc an 12 amharclann ar a bhfreastalaíonn Luas tá The Gaiety, an tAcadamh, Amharclann na Mainistreach, Bord Gáis Energy Theatre agus Olympia Theatre.
I measc na bpáirceanna atá gar do stad Luas tá Faiche Stiabhna, Cearnóg Mhuirfean, Páirc an Fhionnuisce, Gairdíní Uíbh Eachach agus Páirc Ghleann na Tulchann.
I measc na músaem tá Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dánlann Náisiúnta na hÉireann agus Músaem Phríosún Chill Mhaighneann.
Luas ar bhealach na hoibre
Trí infheistíocht a dhéanamh in iompar poiblí ardlín paisinéirí, tá athrú mór tagtha ar na háiteanna ina mbunaítear gnóthaí agus ina n-oibríonn daoine, agus fás láidir i bhfostaíocht feadh chonairí Luas.
Tá níos mó ná 800,000 duine fostaithe i mBaile Átha Cliath faoi láthair. As na poist sin, tá 300,000 ceann acu laistigh de
shiúl 15 nóiméad ó stad Luas.
Agus tá oibrithe Bhaile Átha Cliath ag baint leas as áisiúlacht Luas níos mó ná riamh. Idir 2011 agus 2022, tháinig méadú 35% ar líon na gcomaitéirí a úsáideann Luas le dul ag obair agus teacht abhaile.
Chomh maith leis sin, tá 111 bunscoil agus 47 meánscoil laistigh de chiliméadar amháin ó Luas. Tá 31 coláiste agus ollscoil tríú leibhéal ann freisin – Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus Scoil Ghnó Bhaile Átha Cliath san áireamh.
Is iomaí cor agus casadh i scéal Luas
Imríonn seirbhísí iompair phoiblí arna n-oibriú ag Transport for Ireland (TFI) ról mór i saol mhuintir na hÉireann. In éineacht lena chéile, thug Bus Éireann, Bus Átha Cliath, Go-Ahead, Iarnród Éireann, Luas agus Nasc Áitiúil TFI 363.5 milliún paisinéir go dtí a gcinn scríbe in 2025.
Sin méadú 6%, nó beagnach 20 milliún turas, ar na 343.6 milliún turas a rinneadh in 2024.
Do Luas TFI, ba é 2025 an bhliain is mó turas riamh. D'iompair sé os cionn 55 milliún paisinéir, suas ó 52 milliún in 2024. D'iompair Bus Átha Cliath 164 milliún paisinéir in 2025. D'iompair Bus Éireann 53.6 milliún paisinéir. Baineadh úsáid as seirbhísí Go-Ahead Ireland 26 milliún uair.
Méadaíodh ar sheirbhísí áitiúla agus réigiúnacha chomh maith. D’iompair seirbhísí Nasc Áitiúil TFI méid iomlán de 6.97 milliún paisinéir. Áirítear leo sin seirbhísí bealaí rialta agus seirbhísí iompair a fhreagraíonn don éileamh (TRT). Curiarracht a bhí ann i mbliana do Nasc Áitiúil TFI, le méadú 19% i gcomparáid le 2025.
Cuireann an méadú sin le síneadh leanúnach Phlean Soghluaisteachta Tuaithe TFI. Is é is aidhm leis an bplean sin iompar agus soghluaisteacht a fheabhsú i gceantair iargúlta na tíre.
Dáta foilsithe 04.08.2026










