Suirbhéanna ar Aerfheithiclí Gan Foireann (UAV) – Dún Feart, Co. Chill Chainnigh
Tá Bonneagar Iompair Éireann ag tabhairt faoi shuirbhéanna ar Aerfheithiclí Gan Foireann (UAV) feadh an M9 i gceantar Dhún Feart, Co. Chill Chainnigh. Tabharfar faoi na suirbhéanna le linn uaireanta oibre agus ag brath ar an aimsir, agus tá sé beartaithe go ndéanfar iad idir mí an Mhárta agus mí Bhealtaine 2025. Beidh aitheantas ag oibritheoirí UAV BIÉ agus beifear ábalta iad a aithint agus branda BIÉ ar a n-éadaí acu.
Is féidir go mbaileofar sonraí pearsanta an-teoranta trí thimpiste le linn na suirbhéanna, ach ní choinneofar iad. Próiseálann Bonneagar Iompair Éireann sonraí pearsanta i gcomhréir lena Fhógra Maidir le Cosaint Sonraí atá ar fáil anseo.