Suirbhéanna ar Aerfheithiclí Gan Foireann (UAV) – Edenburt, Co. an Chabháin
Tá Bonneagar Iompair Éireann ag tabhairt faoi shuirbhéanna ar Aerfheithiclí Gan Foireann (UAV) feadh an N3 i gceantar Edenburt, Co. an Chabháin. Tabharfar faoi na suirbhéanna le linn uaireanta oibre agus ag brath ar an aimsir, agus tá sé beartaithe go ndéanfar i mí Márta 2025 iad. Beidh aitheantas ag oibritheoirí UAV BIÉ agus beifear ábalta iad a aithint agus branda BIÉ ar a n-éadaí acu.
Is féidir go mbaileofar sonraí pearsanta an-teoranta trí thimpiste le linn na suirbhéanna, ach ní choinneofar iad. Próiseálann Bonneagar Iompair Éireann sonraí pearsanta i gcomhréir lena Fhógra Maidir le Cosaint Sonraí atá ar fáil anseo.