Tá Bonneagar Iompair Éireann ag tabhairt faoi shuirbhéanna ar Aerfheithiclí Gan Foireann (UAV) feadh an M1

Tá Bonneagar Iompair Éireann ag tabhairt faoi shuirbhéanna ar Aerfheithiclí Gan Foireann (UAV) feadh an M1 i gceantair Dhroichead Átha Thuaidh, Bhaile Ghib agus Dhún Dealgan Thuaidh, Co. Lú. Tabharfar faoi na suirbhéanna le linn uaireanta oibre agus ag brath ar an aimsir, agus tá sé beartaithe go ndéanfar iad idir mí Aibreáin agus mí Bealtaine 2026.  Beidh aitheantas ag oibritheoirí UAV BIÉ agus beifear ábalta iad a aithint agus branda BIÉ ar a n-éadaí acu. 

Is féidir go mbaileofar sonraí pearsanta an-teoranta trí thimpiste le linn na suirbhéanna, ach ní choinneofar iad.  Próiseálann Bonneagar Iompair Éireann sonraí pearsanta i gcomhréir lena Fhógra Maidir le Cosaint Sonraí atá ar fáil anseo.