Tarraingíonn Staidéar BIÉ Aird ar an nGá Práinneach atá le Tuilleadh Ban a Chumasú chun Rothaíocht a Dhéanamh in Éirinn
D’fhoilsigh Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) Mná a Chumasú chun Rothaíocht a Dhéanamh inniu, staidéar nua a scrúdaíonn na bacainní a chuireann cosc ar mhná in Éirinn ón rothaíocht a roghnú mar mhodh iompair laethúil—agus céimeanna praiticiúla a aithint chun an dealú inscne a dhúnadh.
Tarraingíonn an taighde, atá bunaithe ar fhianaise idirnáisiúnta agus léargais nua ó bhreis agus 1,000 bean in Éirinn, aird ar neamhchothroime shuntasach i rannpháirtíocht rothaíochta. Cé gurb ionann 3% agus an céatadán de thurais na bhfear a dhéantar ar rothar, ní dhéantar ach 1.3% de thurais na mban ar rothar, agus tá an bhearna follasach ón ógántacht agus leanann sí ar aghaidh ar feadh an tsaoil.
Dúirt Helen Hughes, Stiúrthóir Seirbhísí Gairmiúla: “Is toradh ghealltanas BIÉ do chinnteoireacht, taighde agus dea-chleachtas fianaisebhunaithe é an staidéar seo agus forbraíodh agus soláthraíodh é faoi cheann de Chláir Thaighde BIÉ dar teideal Glaonna Taighde Oscailte BIÉ. Cuirim fáilte roimh an taighde seo agus molaim go mbainfear úsáid as torthaí an taighde seo chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt leanúnach ghréasáin iompair na hÉireann.”
Príomhúdair Imní maidir le Sábháilteacht agus Bonneagar
- Luadh bóithre contúirteacha ag 49% de na freagróirí
- Luadh luasanna agus méideanna arda tráchta ag 39% díobh
- Deir 54% díobh go spreagfadh bóithre níos sábháilte iad chun tuilleadh rothaíochta a dhéanamh
Is léir an gá atá le bonneagar feabhsaithe agus éilíonn mná sa staidéar go soláthrófar lánaí rothar scartha, nascacht níos fearr agus bealaí dea-shoilsithe chun tacú le turais níos sábháilte agus níos inrochtana.
Pátrúin Taistil agus Fírinní Laethúla
Bíonn riachtanais taistil na mban an-éagsúil le riachtanais na bhfear. Is mó seans go gcumascfaidh siad turais iomadúla—amhail comaitéireacht, siopadóireacht agus cúram leanaí—i dturas aonair. Is minic nach mbíonn an rothaíocht chomh praiticiúil céanna mar gheall ar na pátrúin “meascadh turas” seo ós rud é gur iondúil go ndéanann mná 84% de na freagrachtaí a bhaineann le cúram leanaí. I measc na mbacainní breise, tá iompar ualaí, easpa páirceála do rothair agus srianta ama. Cé go bhfuil 55% de mhná in ann rothaíocht a dhéanamh agus rochtain acu ar rothar, bíonn muinín in easnamh ar chuid acu, agus tá coinníollacha níos sábháilte ag teastáil chun úsáid laethúil a chumasú.
Leanann Bacainní Cultúrtha
Seachas bonneagar, bíonn ról suntasach ag braistintí cultúrtha chomh maith. Creideann beagnach leath (45%) de mhná go bhfuil íomhá dhiúltach ag an rothaíocht in Éirinn agus ní aithníonn cuid mhór díobh iad féin mar “rothaithe”, ag breathnú ar an rothaíocht mar ghníomhaíocht ina bhfuil ceannas ag fir agus atá dírithe ar an spórt. Treisítear na dúshláin seo a thuilleadh mar gheall ar easpa eiseamláirí baineanna sofheicthe agus tearcionadaíocht na mban i bpleanáil iompair.
Dúirt Rachel Cahill, Stiúrthóir na hOifige Feidhmiúcháin: “Cuireann an taighde léargais lárnacha agus tuiscint ar na bacainní a bhíonn roimh mhná nuair atá siad ag taisteal ar fáil mar aon le moltaí chun an rothaíocht a chur ar fáil mar rogha córa iompair do níos mó ban in Éirinn. Cuireann sé le taighde an BIÉ roimhe seo Taisteal i mBróga Mná.”
Conair Shoiléir chun Tosaigh
Tarraingíonn an tuarascáil seo aird ar an bhféidearthacht láidir atá ann d’athrú, le neart ban ag tabhairt aitheantas do bhuntáistí sláinte agus folláine na rothaíochta agus ag léiriú spéis sa rothaíocht dá dtiocfadh feabhas ar choinníollacha. Molann BIÉ go nglacfar cur chuige iomlánaíoch, lena n-áirítear:
- Bonneagar rothaíochta a dhearadh agus aird á tabhairt ar riachtanais na mban
- Feabhas a chur ar shábháilteacht ar bhóithre trí luasanna agus méideanna tráchta laghdaithe
- Gréasáin rothaíochta cheangailte, inrochtana a sholáthar
- Cultúr rothaíochta atá dearfach agus ionchuimsitheach a chur chun cinn
- Ionadaíocht bhaineann i gcinnteoireacht iompair a mhéadú
Deis a Oscailt
Is é tátal an staidéir ná go mbeidh athrú fisiciúil agus cultúrtha de dhíth chun tuilleadh ban a chumasú chun rothaíocht a dhéanamh, a chuimseoidh níos mó ná beartas iompair agus athruithe sochaíocha níos leithne.
Is deis shuntasach í rannpháirtíocht na mban sa rothaíocht a mhéadú chun pobail níos sábháilte, níos sláintiúla agus níos inbhuanaithe a chruthú ar fud na hÉireann.
Dúirt Lorcan O’Connor, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin BIÉ: “Cuirfidh an taighde seo bonn eolais faoi bheartas iompair agus cinntí infheistíochta trí fhianaise a léiríonn an chaoi a dtaistealaíonn daoine ina gcuid saolta laethúla a chur ar fáil. Trí aghaidh a thabhairt ar na tosca a imríonn tionchar ar rannpháirtíocht na mban sa rothaíocht, is féidir an taighde a chur i bhfeidhm chun tacú le cuspóirí náisiúnta maidir le sábháilteacht ar bhóithre, gníomhú ar son na haeráide agus inrochtaineacht iompair ag cabhrú lena chinntiú go soláthraítear torthaí inbhuanaithe agus cothroma mar gheall ar an infheistíocht phoiblí.”
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, cliceáil anseo.
Déan teagmháil le: sustainability@tii.ie
DEIREADH
Dáta Foilsithe - 14.05.2026