An tríú cuid de Ghlasbhealach Chiarraí Theas le hoscailt ar an Aoine

Stráice eile de Ghlasbhealach Chiarraí Theas le hoscailt don phobal ar an Aoine, rud lena gcuirfear dhá chiliméadar sa bhreis leis an áis idir Gleann Beithe agus Stad an tSléibhe. Seod é an tríú stráice den ghlasbhealach atá le hoscailt le 6 mhí anuas agus ciallaíonn sé seo go mbeidh beagnach 10km den áis siúlóide agus rothaíochta oscailte don phobal ón deireadh seachtaine seo.

Cuirfidh an 2.2km sa bhreis seo idir an clárchosán nua ag Stad an tSléibhe agus Teaichín Uí Ghríofa ag Cill Choimhtheach gar do bhóthar N70 leis an achar 6.2km atá anois oscailte do choisithe agus rothaithe ó thús siúlóide Ghleann Beithe. Tá 100 méadar de chlárchosán ardaithe sa chuid seo a chuireann radhairc fhairsinge den cheantar tuaithe mórthimpeall ar fáil.

Chuir Cathaoirleach ar Cheantar Bardasach Neidín, an Comhairleoir Norma Moriarty fáilte roimh an oscailt an deireadh seachtaine seo mar dhul chun cinn iontach roimh shéasúr an tsamhraidh.

‘Agus Deireadh Seachtaine na Cincíse ag teannadh linn, is cloch mhíle eile atá anseo do Ghlasbhealach Chiarraí Theas le níos mó ná aon trian den bhealach faofa anois oscailte don phobal. Tá dul chun cinn iontach déanta le 6 mhí anuas chun an obair ar an nglasbhealach a chur i gcrích agus mholfainn do gach duine leas a bhaint as an áis nua seo sna seachtainí agus míonna amach romhainn,’ a dúirt an Comhairleoir Moriarty.

‘Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt arís d’úinéirí talún áitiúla as ucht a gcuid comhoibrithe agus tacaíochta agus dár gcomhpháirtithe sa Roinn Iompair agus i mBonneagar Iompair Éireann.’

Tá páirceáil do ghluaisteáin ar fáil ag an gcarrchlós ag Tús Siúlóide Ghleann Beithe atá lonnaithe achar gearr ó Dhroichead na Beithe i nGleann Beithe. Meabhraítear d’úsáideoirí an Ghlasbhealaigh go gcuimsíonn an stráice ó Ghleann Beithe go Cill Choimhtheach den bhealach dhá réimse ghairide de ‘bhóthar ciúin’ ar spás roinnte é d’fheithiclí, coisithe agus rothaithe. Tá comharthaíocht á chur sin in iúl crochta i dtaca leis seo.
 
CRÍOCH
 
Dáta Foilsithe: 26.05.2026