Cuireann BIÉ fáilte roimh chinneadh an Rialtais dlús a chur le seachadadh MetroLink agus Chuarbhóthar Chathair na Gaillimhe
Cuireann Lorcan O’Connor, Príomhfheidhmeannach Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ), fáilte roimh fhógra an lae inniu ón Aire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, Jack Chambers TD, lena ndeimhnítear go bhfuil MetroLink agus Cuarbhóthar Chathair na Gaillimhe sainainmnithe mar bhonneagar ríthábhachtach faoin reachtaíocht a achtaíodh le déanaí. Le hachtú an Bhille um Bonneagar Ríthábhachtach, cuirtear sásra reachtúil bunriachtanach ar fáil chun próisis formheasa a chuíchóiriú, comhordú idir gníomhaireachtaí a éileamh agus dlús a chur leis an gcinnteoireacht ar fud na hearnála poiblí.
Tá sé mar aidhm le cinneadh an Rialtais dlús a chur le formheas agus seachadadh tionscadal a bhfuil tábhacht straitéiseach leo trí cheangal a chur ar na comhlachtaí poiblí a bhfuil baint acu lena bhforbairt agus lena gceadú tús áite a thabhairt d’amchláir, próisis a chomhordú agus an comhar idir gníomhaireachtaí a fheabhsú.
Dúirt Lorcan O’Connor: “Cuirimid fáilte roimh achtú na reachtaíochta ríthábhachtaí seo agus gabhaimid buíochas leis an Aire Chambers as tús áite a thabhairt do na príomhthionscadail seo faoi choimirce BIÉ. Is léiriú láidir muiníne as an gcumas atá acu gréasán iompair, geilleagar agus forbairt réigiúnach na hÉireann a chlaochlú é MetroLink agus Cuarbhóthar na Gaillimhe a shainainmniú mar Bhonneagar Ríthábhachtach.
“Chun mórthionscadail den scála seo a chur i gcrích, teastaíonn dlúth-chomhordú idir gach comhlacht poiblí a bhfuil baint aige leis na próisis phleanála, cheadúcháin agus formheasa comhshaoil. Leis an gcreat comhthreomhar cuíchóirithe a bhunaítear leis an mBille seo, beidh BIÉ, an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus ár bhfoirne tionscadail in ann leanúint den dul chun cinn, tréimhsí riaracháin gan ghá a ghiorrú agus na sócmhainní ríthábhachtacha náisiúnta seo a chur ar fáil don phobal chomh héifeachtúil agus is féidir.”
Tá BIÉ ag tnúth le bheith ag obair go dlúth leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus leis an Roinn Iompair, mar aon leis na comhlachtaí Stáit agus na húdaráis áitiúla ábhartha, chun an próiseas nua brostaithe seo a chur chun feidhme agus na tionscadail shainainmnithe seo a thabhairt ar aghaidh go céim an tseachadta ghníomhaigh.
CRÍOCH
Dáta Foilsithe: 24.07.2026