Cuireann BIÉ fáilte roimh "Phlean Gníomhaíochta Soláthair Luathaithe" de chuid an Rialtais

Mar ghníomhaireacht a sholáthraíonn bonneagar iompair, cuireann BIÉ fáilte roimh "Phlean Gníomhaíochta Soláthair Luathaithe" de chuid an Rialtais. Is é BIÉ ceann de na gníomhaireachtaí soláthair a chuir saineolaí athlonnaithe ar fáil do DPER lena chinntiú go gcuirfeadh taithí BIÉ bonn eolais faoin obair thábhachtach seo. Leis an bplean gníomhaíochta seo, bainfear baic agus laghdófar ar an maorlathas a chuireann moill le soláthar feabhsuithe riachtanacha agus tionscadal ar fud na tíre i nGréasán na mBóithre Náisiúnta, i nGréasán Luas, sna Bealaí Taistil Ghníomhaigh/Glasbhealaí agus MetroLink, agus cuideofar leis an iompar a dhícharbónú tríd an ngréasán bonneagair athluchtaithe feithiclí leictreacha a mhéadú ar fud na mBóithre Náisiúnta go léir faoi chlár ZEVI. 

Tá BIÉ, i gcomhar lenár gcomhpháirtithe Údaráis Áitiúil agus an ÚNI, ag tnúth go mór le cuidiú leis an Roinn Iompair agus leis an Rialtas chun bonneagar a sholáthar don tír. Mar phíosa bunathraitheach de bhonneagar iompair phoiblí nua, an chéad cheann dá shamhail in Éirinn, cuireann foireann MetroLink fáilte mhór roimh an bplean gníomhaíochta seo mar thacaíocht thábhachtach le dul chun cinn agus soláthar leanúnach. 

Léigh an tuarascáil iomlán anseo. 

04.12.25