Méadú ar Tháillí Dola ó 1 Eanáir 2026
Tar éis an figiúr CPI de 2% a bhaineann le Lúnasa 2024 go Lúnasa 2025 a chur i bhfeidhm, méadófar ar rátaí dola áirithe, atá inmhuirir thar na hocht mbóthar dola CPP agus an dá bhóthar dola BIÉ (M50, Tollán Chalafort Bhaile Átha Cliath) ar an nGréasán Bóithre Náisiúnta, ó 1 Eanáir 2026.
▪ D’fhaomh Bord BIÉ na méaduithe dola sin don bhliain 2026 le haghaidh Thollán Chalafort Bhaile Átha Cliath agus an M50 agus dheimhnigh siad an comhaontú conartha maidir leis an méadú ar na dolaí do na hocht ndola-scéim CPP.
▪ Ar an M50 beidh méadú le haghaidh gach catagóir feithiclí, ach amháin i gcás gluaisteáin neamhchláraithe nach bhfuil clib ná cuntas físe acu. Tiocfaidh méadú 10 cent ar gach catagóir eile. Beidh méadú 20 cent ar an M50 le haghaidh feithiclí earraí troma níos mó ná 10,000kg a bhfuil cuntas físe acu.
▪ Ar bhóithre dola CPP ní dhéantar difear don chuid is mó de dholaí gluaisteáin, agus ní dhéantar difear ach d'úsáideoirí M4 Cill Choca go Cionn Átha Gad agus mótarbhealach M3 Cluain Aodha go Ceanannas le méadú 10 cent. Beidh tionchar ag méadú 10 cent le haghaidh feithiclí earraí ar gach bóthar lamháltais dola. Tá méadú 20 cent le haghaidh HGVanna is mó ná 3,500kg a bhfuil 4 acastóir nó níos mó acu ar mhótarbhealach M4 Cill Choca go Cionn Átha Gad.
▪ Beidh méadú €1 i dTollán Chalafort Bhaile Átha Cliath le haghaidh trácht atá ag dul ó dheas le linn bhuaicthréimhse na maidine (Luan go hAoine, 6:00 a.m. go 10:00 a.m.), leis an méadú dola ag dul ó €13 go €14. Is é is cuspóir don mhéadú dola sin acmhainneacht HGVanna a chaomhnú, ós rud é gur lean trácht feithiclí nach feithiclí HGV iad de bheith ag méadú in 2025 le linn buaicthréimhsí. Tá HGVanna agus Busanna díolmhaithe ó dholaí a íoc ag Tollán Chalafort Bhaile Átha Cliath. Ní bheidh aon athrú ar na dolaí eile ag Tollán Chalafort Bhaile Átha Cliath in 2026.
▪ Tá deich mbóthar dola ar an nGréasán Bóithre Náisiúnta. Oibrítear ocht gcinn faoi shamhail “Comhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí” (CPP) agus oibrítear dhá cheann go díreach thar ceann Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ), is é sin dola M50-eFLow gan bhacainn, agus Tollán Chalafort Bhaile Átha Cliath.
▪ Rialaítear méid na ndolaí a ghearrtar ar an nGréasán Bóithre Náisiúnta trí shásra coigeartaithe boilscithe (praghasinnéacs tomhaltóirí - CPI) mar a leagtar amach sna Fodhlíthe Dolaí, rud a chiallaíonn nach féidir méadú ar dholaí thar bhoilsciú, dá réir sin an téarma “Uasdola Incheadaithe”.
▪ Tugtar an t-ioncam dola a bhailíonn BIÉ ar Thollán Chalafort Bhaile Átha Cliath agus ar an M50 le chéile le cistiúchán an Státchiste chun íoc as cosaint agus athchóiriú na mbóithre náisiúnta gach bliain. Déantar costais oibríochta, chothabhála agus saolré na gcodanna dola den mhótarbhealach a mhaoiniú trí ioncam dola arna bhailiú ag ocht gcinn de Chuideachtaí CPP.
Dola an M50:
Tháinig méadú 2% ar an CPI idir Lúnasa 2024 agus Lúnasa 2025, agus mar thoradh ar an méadú sin tá méadú ar na dolaí inmhuirir le haghaidh úsáideoirí an M50 mar a leagtar amach i dTábla 1. Ní bhaineann CBL le Dolaí an M50.
Tábla 1 Dolaí is Infheidhme an M50 2026

Lamháltóirí Dolaí Príobháideacha Poiblí (CPP): Ocht lamháltóir dola CPP ar fud na tíre.
Tábla 2 CPP Dolaí Lamháltais Cuí

Tollán Bhaile Átha Cliath
Tá sé i gceist leis na socruithe dola ag Tollán Chalafort Bhaile Átha Cliath go mbeifear in ann dul i ngleic leis an éileamh le linn buaicthréimhsí agus go gcinnteofar nach gcuirfeadh tráchtas agus brú tráchta breise aon bhac ar ghluaiseachtaí HGVanna go Calafort Bhaile Átha Cliath agus amach uaidh (taistealaíonn HGVanna saor in aisce trí Thollán Chalafort Bhaile Átha Cliath). Mar a leagtar amach anseo thuas, i bhfianaise leibhéil bhreise an tráchta a théann trí Thollán Chalafort Bhaile Átha Cliath ag dul ó dheas le linn bhuaicthréimhse na maidine, méadóidh BIÉ na dolaí le linn na buaicthréimhse sin ó €13 go €14 le haghaidh tráchta atá ag dul i dtreo na cathrach. Níl aon athrú ar tháillí seachbhuaice ó 2024 i leith.
Tábla 3 Tollán Chalafort Bhaile Átha Cliath - Dolaí Cuí 2026

Nuashonraithe 29.10.2025