Tramanna agus Iostaí
Tá dhá shamhail tram éagsúla á n-oibriú ag Luas ar an líonra agus tá trí iosta Luas ann a thacaíonn le cothabháil chabhlach na dtramanna.
Tramanna
- Tá tramanna Citadis 401 40.8m ar fhad, 2.4m ar leithead agus tá urlár íseal 70% acu.
- Tá tramanna Citadis 502 54.7m ar fhad, 2.4m ar leithead agus tá urlár íseal 100% acu.
Nuair a seoladh an líonra Luas in 2004, bhí 26 tram Alstom Citadis 301, a bhí 30m ar fhad, agus 14 tram Alstom Citadis 401, atá 40.8m ar fhad, sa chabhlach rothstoic. Síneadh na tramanna bunaidh uile de chineál 301 go sonraíocht 401 faoi Mheán Fómhair 2007.
Chun freastal ar roinnt síntí líne ar an líonra, fuarthas 26 tram Citadis 402, agus seachadadh na tramanna seo idir Bealtaine 2009 agus Nollaig 2010. Ní raibh na tramanna sin ag feidhmiú ach ar an Líne Uaine agus aistríodh na 401 tram bhí ann cheana féin ar an líne seo chun feidhmiú ar an Líne Dhearg.
Mar réamh-mheastachán ar oscailt thionscadal Luas Traschathrach i mí na Nollag 2017, ceannaíodh 7 dtram Citadis 502 san iomlán. Tá na feithiclí seo 54.7m ar fhad agus tá an acmhainn acu breis is 400 paisinéir a iompar.
De réir mar a mhéadaigh éileamh paisinéirí, agus mar chuid den tionscadal um Fheabhsú Acmhainneachta na Líne Uaine (GLCE), síneadh gach ceann de na Citadis 402anna a bhí ag feidhmiú ar an Líne Uaine go dtí an fad agus an tsonraíocht chéanna leis na tramanna de chineál 502. Síneadh na feithiclí seo idir Bealtaine 2019 agus Márta 2021. Tá roinnt difríochtaí beaga idir Citadis 502anna a ceannaíodh le déanaí agus iad siúd a síníodh ó shonraíocht bhunaidh Citadis 402. Chomh maith leis sin, ceannaíodh 8 Citadis 502 eile agus seachadadh na tramanna sin idir Iúil 2020 agus Feabhra 2021. San iomlán, tá 81 tram ag feidhmiú ar an dá líne, an líne Dhearg agus an líne Uaine, 40 Citadis 401 ar an líne Dhearg agus 41 Citadis 502 ar an líne Uaine.
Iostaí
Tá áiseanna iosta don Líne Dhearg suite ag an mBó Dhearg agus don Líne Uaine ag Áth an Ghainimh agus Droichead Broome.
Tá ceardlann cothabhála agus deisiúcháin, áiseanna seirbhísithe agus níocháin agus limistéar stábla mór atá in ann suas le 47 tram a fheistiú in iosta na Bó Deirge. Tá an seomra rialaithe lárnach, príomhoifigí an oibreora, agus príomhoifigí cothabhála feithiclí agus bonneagair san iosta sin freisin.
Tá ceardlann cothabhála agus deisiúcháin, áiseanna seirbhísithe agus níocháin agus limistéar stábla meánmhéide atá in ann suas le 32 tram a fheistiú in Áth an Ghainimh. Tá roinnt áiseanna rialaithe áitiúla agus roinnt spáis oifige teoranta ann freisin.
Tá ceardlann cothabhála agus deisiúcháin, áiseanna seirbhísithe agus níocháin agus limistéar stábla beag i nDroichead Broome. Tá roinnt áiseanna rialaithe áitiúla agus roinnt spáis oifige teoranta ann freisin.
Faigh tuilleadh faisnéise ar shuíomh gréasáin Luasnó seol ríomhphost chuig info@luas.ie.