Oifig Sonraí Breoslaí Malartacha
An Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha (AFIR)
Beidh an Rialachán AE maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha (AFIR, 2023/1804) i bhfeidhm ón 13 Aibreán 2024. Socraítear sa Rialachán roinnt spriocanna éigeantacha do na Ballstáit maidir le bonneagar breoslaí malartacha a chur in úsáid san AE, d’fheithiclí bóthair san áireamh.
Is iad cuspóirí sonracha AFIR ná:
- an t-íosmhéid bonneagair a chinntiú le tacú le glacadh riachtanach feithiclí breoslaí malartacha thar gach modh iompair agus i ngach Ballstát den AE chun cuspóirí aeráide an AE a bhaint amach;
- inoibritheacht iomlán an bhonneagair a chinntiú; agus
- faisnéis chuimsitheach úsáideora agus roghanna sásúla íocaíochta a chinntiú ag bonneagair breoslaí malartacha.
Sonraí AFIR
Síltear sonraí ardchaighdeáin agus inrochtana bheith riachtanach do bhaint amach cuspóirí AFIR. Ní hamháin go ndéanfaidh na sonraí sin, faoi mar a leagtar amach in Alt 20 den Rialachán, forbairt an mhargaidh breoslaí malartacha a spreagadh ach tomhaisfidh siad dul chun cinn na hÉireann maidir lena gealltanais athraithe aeráide freisin.
Cur Chuige Náisiúnta i leith Sonraí AFIR
Chun spriocanna AFIR maidir le sonraí ardchaighdeáin a bhaint amach, tá an cur chuige a nglacfaidh Éire leis leagtha amach ag Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha Éireann (ZEVI), faoi mar a dréachtaíodh sa ‘Straitéis le haghaidh Sonraí a bhaineann le Bonneagar Athluchtaithe Feithiclí Leictreacha’. Leagtar amach sa dréachtstraitéis go gcuirfear Ardán Malartaithe Sonraí (DXP) i bhfeidhm ionas gur féidir le hOibritheoirí Pointí Luchtaithe agus Soláthraithe Seirbhíse Soghluaisteachta pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal rochtain saor in aisce agus neamhshrianta a chur ar fáil do shonraí faoi shainordú AFIR.
Bunaíodh Oifig Sonraí Breoslaí Malartacha BIÉ chun na riachtanais a leagtar amach i straitéis ZEVI a bhaint amach. Déanfaidh an Oifig Sonraí Breoslaí Malartacha an DXP a sheachadadh chun roinnt sonraí leis an PRN (bPointe Rochtana Náisiúnta). Ní chuirfear ach na sonraí a shainordaítear faoi AFIR ar fáil go neamhshrianta d’úsáideoirí sonraí.
Forbhreathnú ar Shonraí
Áirítear leis na sonraí is gá a roinnt trí PRN faoi AFIR:
- Sonraí statacha: Sonraí bunúsacha nach n-athraíonn go minic nó ar bhonn rialta, m.sh., suíomh tíreolaíoch, líon na nascóirí, srl., agus/li>
- Sonraí dinimiciúla: Sonraí a athraíonn go minic nó ar bhonn rialta, m.sh., nuashonruithe fíor-ama ar stádas oibríochtúil, fáil ar phointí athluchtaithe srl.
Ceisteanna
Má tá ceisteanna agat maidir le sonraí AFIR nó an DXP, déan teagmháil le do thoil leis an Oifig Sonraí Breoslaí Malartacha ag AFIRdata@tii.ie.