Feithiclí Tromshaothair Astaíochtaí Nialasacha – an Scéim Deontais don Bhonneagar Athluchtaithe
Tá Éire tiomanta d’aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin faoi 2050 agus tá ról suntasach ag an earnáil iompair maidir leis sin. Go dtí seo, in Éirinn, tá an earnáil iompair ag brath go mór ar ola iompórtáilte. Beidh sé bunriachtanach an spleáchas sin a laghdú agus aistriú chuig breoslaí agus teicneolaíochtaí malartacha chun an earnáil a dhícharbónú. Beidh gá le mórathruithe a dhéanamh ar ár roghanna gnáthbhreoslaí chun an sprioc sin a bhaint amach.
Chun dícharbónú na hearnála lastais a chur chun cinn agus chun cuideachtaí a spreagadh i dtreo na conaire sin, cheap an Roinn Iompair BIÉ chun go riarfar an Scéim Deontais um Bonneagar Feithiclí Tromshaothair Astaíochtaí Nialasacha (an Scéim).
Tá sé mar aidhm ag an Scéim cabhrú le ceannach agus suiteáil an bhonneagair a bhaineann le hathluchtú Feithiclí Tromshaothair (HDVanna) leictreacha agus astaíochtaí nialasacha.
Tá an Scéim um Bonneagar Feithiclí Tromshaothair Astaíochtaí Nialasacha (ZEHDV-I) maoinithe ag an Roinn Iompair. Tá an Scéim á riar ag Bonneagar Iompair Éireann, agus cúnamh á fháil ó Pierse Fitzgibbon Solicitors LLP a ghníomhaíonn mar Oibritheoir na Scéime. Tiocfaidh an chumarsáid uile i dtaca leis an Scéim ó Pierse Fitzgibbon.
Más amhlaidh a d’ordaigh, a cheannaigh nó a shuiteáil tú bonneagar athluchtaithe feithiclí astaíochtaí nialasacha cheana féin, NÍL sé incháilithe le haghaidh tacaíocht faoin Scéim.
Glacfar le hiarratais ar an scéim an tseachtain dar tús an 20 Feabhra 2025
Céard iad na Scéimeanna Deontais um Bonneagar Athluchtaithe?
Leis an Scéim, déantar deontais a dhámhachtain ar chuideachtaí agus ar fhiontair ar mian leo bonneagar a fhorbairt chun Feithiclí Tromshaothair Astaíochtaí Nialasacha (ZEHDV) a athluchtú. Ríomhtar méideanna deontais mar chéatadán de na costais incháilithe a bhaineann le forbairt an bhonneagair athluchtaithe.
Beidh leibhéil deontais a dhámhtar ar iarratasóirí ag brath ar an méid seo a leanas:
- Méid an fhiontair nó na cuideachta atá ag cur isteach ar an deontas; agus
- Suíomh an bhonneagair athluchtaithe.
Má dhéanfar an bonneagar a shuiteáil laistigh de theorainn Chalafort Intíre nó Muirí, is féidir iarratas ar mhaoiniú a dhéanamh faoin Scéim Deontais ZEHDV-IP.
Má dhéanfar an bonneagar a shuiteáil lasmuigh de theorainn Chalafoirt, is féidir iarratas ar mhaoiniú a dhéanamh faoin Scéim Deontais ZEHDV-I.p>
Cén Bonneagar Athluchtaithe lena dtacaítear faoin Scéim?
Tacaíonn an Scéim le ceannach agus suiteáil an bhonneagair a bhaineann le hathluchtú ZEHDVanna.
Má bhronntar an Deontas faoin scéim ZEHDV-IP ní mór don bhonneagar a bheith inrochtana don phobal agus ní féidir leis an Iarratasóir amháin úsáid phríobháideach a bhaint as.
Má bhronntar an Deontas faoin scéim ZEHDV-I ní féidir úsáid a bhaint as an mbonneagar ach amháin ar bhonn príobháideach don Iarratasóir agus/nó is féidir é a chur ar fáil ar bhonn poiblí.
Conas is féidir liom teacht ar mhéid mo ghnólachta nó mo ghnóthais?
Cinntear méid gnóthais le sainmhínithe atá forbartha ag an Aontas agus tá sé bunaithe ar an líon foirne agus ar an láimhdeachas.
De réir rialacha státchabhrach an Aontais, tá fiontair ‘bheaga’ incháilithe le haghaidh leibhéil chabhrach níos airde ná fiontair ‘mheánmhéide’ nó ‘mhóra’. Is féidir teacht ar níos mó faisnéise maidir le méid d’fhiontair a chinneadh sna Téarmaí agus Coinníollacha, agus san eagrán is déanaí de Threoirleabhar an Aontais maidir le sainmhíniú FBM.
Leis an tábla seo a leanas déantar achoimre ar conas a shainmhínítear méideanna gnóthas faoin Scéim agus conas a bhaineann an méid sin le bonnleibhéal dhéine na cabhrach atá ar fáil d’iarratasóirí incháilithe. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil uasdéine iomlán na cabhrach in aghaidh an ghnóthais (lena n‑áirítear cleamhnaithe) cothrom le €300,000
Tábla 1. Méid an ghnóthais agus céatadán na gcostas incháilithe
| MÉID AN GHNÓTHAIS BEAG | BEAG | MEÁNACH | MÓR |
|---|---|---|---|
| Líon na foirne; láimhdeachas/iomlán an chláir comhardaithe | Níos lú ná 50 ball foirne; ≤ € 10 m/≤ € 10 m | Níos lú ná 250 ball foirne; ≤ € 50 m/≤ € 43 m | Níos mó ná 250 ball foirne; > € 50 m/> € 43 m |
| Uasdéine na cabhrach in aghaidh na feithicle in aghaidh mhéid an ghnóthais | 50% de chostais incháilithe | 40% de chostais incháilithe | 20% de chostais incháilithe |
Céard is Ceantar Faoi Mhíbhuntáiste Eacnamaíoch ann?
Is féidir % bunleibhéal uasdéine cabhrach na gcostas incháilithe a mhéadú 5% i gcás go ndéanfar an bonneagar a shuiteáil i gceantar atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch, i gcomhréir le caibidil III de chuid 7 den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine (GBER). Is é an Mapa den Chabhair Réigiúnach 2022-2027 d’Éirinn ( a ainmníonn ceantair faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch.).
Céard iad na Costais Incháilithe?
Is ionann na Costais Incháilithe agus na costais a bhaineann le tógáil, suiteáil, uasghrádú nó leathnú an bhonneagair nua athluchtaithe. D’fhéadfadh na nithe seo a leanas bheith san áireamh sna costais sin:
(a) Costais an bhonneagair athluchtaithe féin agus trealamh teicniúil gaolmhar, ,
(b) Suiteáil nó uasghráduithe leictreacha nó comhpháirteanna eile, ,
(c) Na costais a bhaineann le hoibreacha innealtóireachta sibhialta, oiriúnuithe talún nó bóithre a bhaineann leis an tsuiteáil,,
(d) Na costais a tabhaíodh i ndáil le haon toiliú riachtanach a fháil,
Le haghaidh tuilleadh sonruithe maidir lena sainítear mar Chostas Incháilithe, tagair d’Aguisín A den Teimpléad Litreach Deontais thíos.
Níos mó faisnéise maidir le Scéim Deontais ZEHDV-I
Is féidir teacht ar fhorléargas ar an Scéim agus ar na próisis deontais sa Treoir Eolais ZEHDV-I anseo. here.
Is féidir teacht ar níos mó mionsonraí maidir leis an Litir Dheontais anseo.
More details on the ZHEDV-IP Grant Letter can be found here.
Is féidir teacht ar shamplaí oibrithe de ríomhanna den Mhéid Deontais anseo. anseo.
Is féidir teacht ar Dhearbhú Oibreacha an Chonraitheora anseo. here.
Is féidir teacht ar Fhógra Cosanta Sonraí na Scéime anseo. here.
Conas Cur Isteach ar an Deontas
Chun tús a chur leis an bpróiseas iarratais, comhlíonfaidh an t‑iarratasóir an Fhoirm Iarratais agus cuirfidh sé nó sí isteach í mar ríomhphost chuig: zehdvgrant@pierse.ie
Is féidir teacht ar achair ama tháscacha do chéimeanna éagsúla an phróisis sa Treoir Eolais ZEHDV-I
Conas Maoiniú Formheasta a Tharraingt Anuas
Chun tús a chur leis an bpróiseas tarraingt anuas, déanfaidh an t‑iarratasóir an doiciméadacht tacaíochta riachtanach a leagan isteach ar ríomhphost chuig: zehdvgrant@pierse.ie as follows:- Uimhir Imréitigh Cánach na Cuideachta,
- Sonrasc ESB Networks in aghaidh an tsuímh suiteála,
- Sonrasc Conraitheora in aghaidh an tsuímh suiteála,
- Teastas Críochnaithe Safe Electric in aghaidh an tsuímh suiteála,
- Dearbhú Oibreacha Conraitheora in aghaidh an tsuímh suiteála,
- Grianghraif de na hoibreacha críochnaithe in aghaidh an tsuímh suiteála.
Ní féidir ach tarraingt anuas deontais amháin a dhéanamh in aghaidh an iarratais. Mura ndéantar éileamh ar an mbonneagar ar fad a bhaineann leis an iarratas i dtarraingt anuas an deontais, bainfear an bonneagar nach n‑éilítear go buan ón iarratas agus ní bheidh feidhm ag an tairiscint deontais maidir leis an mbonneagar sin a thuilleadh. Ríomhtar an deontas agus úsáid á baint as praghas na suiteála gan CBL a chur san áireamh.
Teagmháil
Chun tuilleadh mionsonraí a fháil maidir leis an Scéim, déan teagmháil le Pierse Fitzgibbon Solicitors, Oibritheoir na Scéime, ag:
- Ríomhphost: zehdvgrant@pierse.ie
- Teileafón: 068 56789

