Ionaid Seirbhíse Mótarbhealaigh

TII le soláthar ionaid serbhíse ar líne ar mhótarbhealaí agus ar dhébhealaí ardchaighdeáin.

Áirítear le líonra bóithre sábháilte dóthain limistéar páirceála a sholáthar chun go mbeidh tiománaithe in ann stopadh agus scíth a ligean, mar a bunaíodh le rialacháin an Aontais Eorpaigh faoin mbeartas um Ghréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T).

Tugtar Ionaid Seirbhíse Ar Líne orthu seo. Is rud éagsúil iad sin ó ionaid as líne i.e. suíomhanna ag acomhail, nó in aice le hacomhail, nó atá níos faide ón mótarbhealach nó ón bpríomhlíne débhealaigh.

Ionaid Seirbhíse Ar Líne

Tá roinnt ionad seirbhíse ar líne trasna an líonra.

 

  • Ionad seirbhíse Lusca: Tá Ionad Seirbhíse an M1 ó Dheas suite gar do Lusca ar mhótarbhealach an M1 i gContae Bhaile Átha Cliath;
  • Ionad seirbhíse Bhaile an Ghearlánaigh: Tá Ionad Seirbhíse an M1 ó Thuaidh suite gar do Bhaile an Ghearlánaigh ar mhótarbhealach an M1 i gContae Lú; agus
  • Ionad seirbhíse an Bhóthair Bhuí: Tá Ionad Seirbhíse an M4 suite feadh mhótarbhealach an M4 idir an Bóthar Buí agus Cionn Átha Gad ar an mótarbhealach idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh
  • Ionad seirbhíse Bhaile Átha Luain: suite ar mhótarbhealach an M6 thart ar 5km soir ó Bhaile Átha Luain;
  • Ionad seirbhíse Chill Chuillinn: suite ar mhótarbhealach an M9 thart ar 10km ó dheas ó acomhal an M7/an M9; agus 
  • Ionad seirbhíse Ghuaire: suite ar mhótarbhealach an M11 thart ar 10km ó thuaidh ó Ghuaire.