Iarratais Toilithe Oibreacha Bóthair do Bhóithre Náisiúnta - Teileachumarsáid
Iarratais ó Oibritheoirí Gréasáin ar Dhul i mBun Oibreacha Bóthair ar Bhóithre Náisiúnta
Toiliú d’Oibreacha Bóthair ar Bhóithre Náisiúnta
- bonneagar cumarsáide leictreonaí faoi thalamh a bhunú agus aon bhonneagar fisiciúil gaolmhar;
- an líonra cumarsáide leictreonaí faoi thalamh a leathnú chuig codanna den bhóthar nár chuir an t-oibritheoir líonra sin bonneagar cumarsáide leictreonaí fúthu roimhe sin;
- oibreacha bóthair a dhéanamh ar bhonneagar cumarsáide leictreonaí faoi thalamh, is oibreacha bóthair arb éard atá iontu bonneagar cumarsáide leictreonaí faoi thalamh a chothabháil, a dheisiú nó a aischur nó cur leis nó é a bhaint
Nótaí:
Oibritheoir gréasáin nó duine fostaithe ag oibritheoir gréasáin a sháraíonn forálacha Alt 53(1) den Acht dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 a chur air nó uirthi nó, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €1,000,000 a chur air nó uirthi.
I gcás go mbaineann na hoibreacha bóthair beartaithe le stráicí de bhóthar náisiúnta agus de bhóthar nach bóthar náisiúnta é, ba cheart go mbainfeadh an t-iarratas chuig TII le gné an bhóthair náisiúnta de amháin. Ba cheart iarratas ar leith a dhéanamh chuig an údarás bóithre iomchuí don stráice de bhóthar neamhnáisiúnta lena mbaineann.
Táillí TII d’Oibreacha Bóthair ar Bhóithre Náisiúnta
Tá sceideal de na táillí a d’fhéadfaí a ghearradh ar fáil anseo.
Iarratas Toilithe a Dhéanamh
Eolas Breise
Aonad na nOibreacha Bóthair:,
Bonneagar Iompair Éireann,
Ionad Gnó Gheata na Páirce,
Sráid Gheata na Páirce,
Baile Átha Cliath 8,
D08 DK10
Teil. (01) 646 3600