Treoirlínte Tógála
Treoirlínte do Phlean Oibríochtúil Comhshaoil
Tá córas curtha i bhfeidhm ag BIÉ chun taifead a dhéanamh ar ghealltanais agus ar cheanglais chomhshaoil fad is a bhíonn scéimeanna bóithre náisiúnta á dtógáil. Faoin gcóras seo, déanann príomhchonraitheoirí atá ag tógáil scéimeanna bóithre náisiúnta Pleananna Oibríochtúla Comhshaoil (EOPanna) a chruthú, a chur i bhfeidhm agus a chothabháil. Is iad seo a leanas príomhghnéithe pleananna den chineál seo:
- Ceapadh Bainisteoir Comhshaoil ag an bpríomhchonraitheoir;
- Gealltanais agus ceanglais chomhshaoil a chur san áireamh;
- Na modhanna a úsáidfear le hobair thógála a bhainistiú le freastal ar na gealltanais agus ceanglais chomhshaoil seo a leagan amach;
- Róil agus freagrachtaí fhoireann an phríomhchonraitheora a aithint ag féachaint do struchtúr eagraíochtúil an phríomhchonraitheora;
- Nósanna imeachta i leith cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal agus cumarsáid a dhéanamh taobh istigh d’eagraíocht an phríomhchonraitheora a chur san áireamh;
- Nósanna imeachta i leith oiliúint feasachta ar an gcomhshaol a chur san áireamh;
- Nósanna imeachta monatóireachta agus freagairt ar thorthaí monatóireachta a chur san áireamh, nuair is gá faoin gconradh; agus
- Córas iniúchta agus athbhreithnithe maidir le héifeachtacht an phlean a sholáthar.
Tugtar treoir do phríomhchonraitheoirí maidir le táirgeadh, cur i bhfeidhm agus cothabháil pleananna den chineál seo i dTreoirlínte um Chruthú, Cur i bhFeidhm agus Cothabháil Phlean Oibríochtúil Comhshaoil an Údaráis (An tÚdarás um Bóithre Náisiúnta, 2007).
Tá na treoircháipéisí seo a leanas foilsithe ag BIÉ le cur chuige céim ar chéim a leagan amach i leith tionchair ar bhroic, ialtóga, crosairí sruthchúrsa agus seandálaíocht bogaigh a íoslaghdú roimh agus i rith chéim tógála na scéimeanna bóithre náisiúnta.
- Treoirlínte maidir le Cosaint agus Caomhnú Crann, Fálta Sceach agus Scrobarnaí roimh, le linn agus tar éis Scéimeanna Bóithre Náisiúnta a thógáil
- Treoirlínte maidir le Fiailí Díobhálacha agus Speicis Planda Ionracha Neamh-Dhúchasacha a Bhainistiú ar Scéimeanna Bóithre Náisiúnta
- Treoirlínte maidir le Trasnú Sruthchúrsaí agus Scéimeanna Bóithre Náisiúnta á dTógáil
- Treoirlínte maidir le hOidhreacht Seandálaíochta Bhogaigh le haghaidh Scéimeanna Bóithre Náisiúnta a Thástáil agus a Mhaolú
- Treoirlínte maidir le Conas Caitheamh le hIaltóga agus Scéimeanna Bóithre Náisiúnta á dTógáil
- Treoirlínte maidir le Conas Caitheamh le Broic sula dTógtar Scéimeanna Bóithre Náisiúnta
- Treoirlínte maidir le Conas Caitheamh le Dobharchúnna sula dTógtar Scéimeanna Bóithre Náisiúnta
- Treoirlínte maidir le Cur chun Feidhme Cóireálacha Tírdhreacha do Scéimeanna Bóithre Náisiúnta
- Bainistiú Conairí Iompair atá Neamhdhíobhálach do Phailneoirí.