Pleananna Bithéagsúlachta/Tírdhreacha agus Ceisteanna Coitianta

 

Tá éiceachórais shláintiúla riachtanach chun tacú leis an saol ar domhan - glanann siad uisce, íonaíonn siad an t-aer, coinníonn siad an ithir, rialaíonn siad an aeráid, agus níos mó. Dá bhrí sin, tá BIÉ tiomanta do bhithéagsúlacht a chaomhnú agus a fheabhsú mar bhunchloch dár n-iarrachtaí inbhuanaitheachta. Leagtar amach inár bPlean Bithéagsúlachta ár gcur chuige straitéiseach maidir le cailliúint bithéagsúlachta a mhaolú agus athléimneacht éiceolaíoch a chur chun cinn ar fud ár líonra bonneagair iompair.

Tá thart ar 3500 heicteár de thírdhreach, nó cúig Pháirc an Fhionnuisce, in aice le bóithre náisiúnta agus mótarbhealaí. Díríonn ár bplean tírdhreacha ar a chinntiú go gcoimeádann na tírdhreacha seo feidhmiúlacht agus éifeachtúlacht na gconairí iompair, agus ag an am céanna ag iarraidh gnóthachain ghlana a bhaint amach i mbithéagsúlacht feadh na gconairí iompair

 

Leanann BIÉ cur chuige deartha éiceolaíoch, agus speicis dhúchasacha agus speicis ardluacha éiceolaíochta in úsáid den chuid is mó. Is é an sprioc tírdhreacha feidhmiúla nach dteastaíonn mórán cothabhála uathu a chruthú a thacaíonn le sábháilteacht bóithre agus iarnróid. Nuair a bheidh siad bunaithe, déantar bainistíocht ar thírdhreacha gan mórán idirghabhála. Tá tuilleadh sonraí ar fáil in Treoirlínte maidir le Cur Chun Feidhme Cóireálacha Tírdhreacha ar Scéimeanna Bóithre Náisiúnta in Éirinn agus Treoir maidir le Cóireálacha Tírdhreacha do Scéimeanna Bóithre Náisiúnta in Éirinn.

 

Tá. Chuaigh BIÉ i gcomhpháirtíocht leis an bPlean Pailneoirí Uile-Éireann chun treoirlínte a fhorbairt chun bithéagsúlacht a fheabhsú feadh conairí iompair. Tá gníomhartha, amhail laghdú ar ghearradh féir, á dtabhairt isteach de réir a chéile chun tacú le pailneoirí. Is féidir an Treoir a fháil ag Bainistíocht ar Chonairí Iompair a Thacaíonn le Pailneoirí.

 

Coinníonn BIÉ stiall chúng féir gearrtha feadh an bhóthair agus ag roinnt acomhal chun réiteach níos sábháilte ar chliseadh feithiclí a éascú, chun línte radhairc a choinneáil agus chun a chinntiú nach mbíonn tionchar ar chomharthaí/soilse/draenacha ná nach iad fadhbanna áitiúla a chruthaíonn an tionchar sin. Déantar an chuid is mó de na limistéir féarthailte eile ar an líonra a bhainistiú le hidirghabháil theoranta agus tar éis cur chuige féinchothaitheach á leanúint.

 

Déantar féarthailte BIÉ a bhainistiú mar fhéaraigh fhéinchothaitheacha ina gcuirtear luach foriomlán na limistéar féir don bhithéagsúlacht uile san áireamh. Cé go ndéantar roinnt limistéar a bhainistiú go sonrach le haghaidh bláthanna fiáine le gearradh bliantúil, déantar an chuid is mó de na limistéir a bhainistiú mar fhéarach níos faide i gcluainte. Ní bhíonn gá le gearrthacha chomh minic sin, seachas b'fhéidir gearradh amháin gach trí go cúig bliana. Tacaíonn siad seo le feithidí agus gnáthóga neadaithe éagsúla, fiú mura bhfuil siad chomh tarraingteach ó thaobh amhairc de le plotaí bláthanna fiáine.

Baintear crainn den chuid is mó ar mhaithe le sábháilteacht, radhairc, nó má tá siad ró-fhásta nó má damáiste déanta dóibh. D’fhéadfadh tanú roghnach tarlú freisin chun criosanna crann sláintiúil a choinneáil.

Go ginearálta, mura bhfuil fadhb sábháilteachta nó cothabhála ann, ní bhearrfaidh BIÉ brainsí ná ní bhainfidh sé crainn. Cuireadh na crainn mar chuid de chur chuige tírdhreacha machnamhach ina soláthraíonn siad scagadh agus luach don bhithéagsúlacht araon. Mar sin féin, má mheastar go bhfuil fadhb shábháilteachta nó chothabhála ann, déanfaimid athbhreithniú ar an ngné tírdhreacha atá i gceist agus má tá oibreacha ag teastáil, breithneoidh muid é seo ar chomhairle ár bhFoirne Bainistíochta Tírdhreacha.

Tá BIÉ ag iarraidh feasacht a chur chun cinn maidir lena bheartais a thacaíonn le Plean Pailneoirí Uile-Éireann (AIPP) agus tá roinnt íomhánna trialach a ‘Thacaíonn le Bheacha’ curtha chun feidhme acu bunaithe ar acomhail láir AIPP feadh líonra Mhótarbhealaí an Oirthir. Tá sé mar aidhm ag na comharthaí seo samhlaíocht ár bpaisinéirí óga ar an Mótarbhealach a ghabháil, chomh maith le dearbhú a thabhairt don phobal nach easnamh i gcleachtais chothabhála atá sa ghearradh féir teoranta ach go bhfuil sé ag teacht le beartas náisiúnta AIPP.