Measúnacht Chuí – Comhairliúchán Poiblí
Faoi Rialachán na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha) 2011, áit a bhfuil sé beartaithe ag Bonneagar Iompair Éireann (TII) glacadh le plean nó forbairt a dhéanamh a bhféadfadh éifeachtaí suntasacha a bheith aige nó aici ar láithreáin Eorpacha, ní mór dó rud ar a dtugtar Measúnacht Chuí a dhéanamh. Is éard atá i gceist le Measúnacht Chuí measúnacht a dhéantar chun cinneadh a dhéanamh maidir le cibé acu an mbeidh nó nach mbeidh éifeachtaí diúltacha ag plean nó tionscadal ar láithreáin Eorpacha, ar láithreáin iad atá roghnaithe chun cineálacha tábhachtacha flóra, fána agus gnáthóg a chosaint. Chun bonn eolais a sholáthar do Mheasúnachtaí Cuí, ullmhaíonn TII Ráitis Tionchair Natura (NISanna), tuarascálacha eolaíochta ina scrúdaítear na himpleachtaí a d'fhéadfadh a bheith ag pleananna nó tionscadail ar na láithreáin Eorpacha seo. Sa chás go gcinntear go bhfuil gá le Measúnacht Chuí agus sula ndéantar cinneadh, ceanglaíonn na Rialacháin ar TII comhairliúchán poiblí a reáchtáil agus fógra maidir leis an bplean nó tionscadal beartaithe a fhoilsiú. Is féidir breathnú ar fhógraí, mar aon leis na Ráitis Tionchair Natura agus eolas agus doiciméid ábhartha eile, a bhaineann leis na pleananna nó tionscadail atá beartaithe atá faoi réir comhairliúcháin phoiblí faoi láthair ag na naisc oiriúnacha seo a leanas thíos. Tá eolas le fáil sna fógraí maidir le, i measc rudaí eile: an suíomh, nádúr agus fairsinge an phlean/na bpleananna agus an tionscadail/na dtionscadal beartaithe; na cinntí a d'fhéadfaí a dhéanamh; cathain agus conas is féidir aighneachtaí agus breathnóireachtaí a dhéanamh; agus cá háit, cathain agus conas is féidir breathnú ar na doiciméid.
D'fhéadfadh go gcruthódh roinnt eolais atá le fáil sna NISanna, dá gcuirfí a leithéid ar fáil don phobal, baol do chaomhnú speiceas nó gnáthóg chosanta. Chuige sin, tá an t-eolas sin folaithe. Chomh maith leis sin, tá sonraí pearsanta folaithe de bhua cheanglais an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí.
N81 Merginstown Bridge (County Wicklow) Works Links:
- N81 Merginstown Bridge (County Donegal) Works – Public Consultation Notice (English)
- N81 Merginstown Bridge (County Donegal) Works – Public Consultation Notice (Irish)
- N81 Merginstown Bridge (County Donegal) Works – Site Location Map
- N81- Merginstown Bridge Routine Maintenance – Natura Impact Statement (Draft 4 - Roughan & O’Donovan – January 2026) - REDACTED