Land Use Planning FAQs
Ní údarás pleanála é Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ). Ní dhéanann BIÉ cinntí maidir le hiarratais phleanála. Is comhairlí reachtúil faoi reachtaíocht phleanála é BIÉ .i. roinnfidh an t-údarás pleanála iarratais phleanála ar leith le BIÉ le breathnú a dhéanamh orthu. Is ionann aighneachtaí nó tráchtanna BIÉ ar iarratais phleanála, má thugtar aon cheann, agus ár bpríomhionchar sa phróiseas pleanála um bainistíocht forbartha. Cuirtear aighneachtaí BIÉ faoi bhráid an údaráis phleanála lena mbaineann amháin nuair a chuireann siad iarratais phleanála chuig BIÉ d'fhonn barúlacha a fháil.
Ag féachaint do ról BIÉ mar chomhairlí reachtúil, moltar gach ceist agus plé ar réamhphleanáil a chur faoi bhráid d’údarás pleanála áitiúil, is é sin Rannóg Phleanála do Chomhairle Cathrach nó Contae. Rachaidh an t-údarás pleanála i gcomhairle le BIÉ agus/nó déanfaidh sé iarratas dul i gcomhairle le BIÉ trí phrótacal cuí agus trí ghnáthchleachtas má mheasann siad gur gá.
Ceann de phríomhchúraimí BIÉ is ea líonraí bóithre náisiúnta agus iarnróid éadroim atá nua-aimseartha, sábháilte agus éifeachtúil a sheachadadh.
Bóithre Náisiúnta: Leagtar amach an beartas oifigiúil forbraíochta ag bóithre náisiúnta nó i ngar dóibh in ‘DECLG Spatial Planning and National Roads Guidelines for Planning Authorities’ (2012) atá ar fáil ag: https://www.gov.ie/en/collection/85b83-planning-guidelines-standards/
Tollán Bhaile Átha Cliath: Tá Tollán Bhaile Átha Cliath, atá lonnaithe laistigh de theorainn riaracháin Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, mar chuid den Ghréasán Bóithre Náisiúnta. Faoi pholasaí SMT31 de Phlean Forbartha Chathair Bhaile Átha Cliath 2022-2028, éilítear go mbeidh Measúnú Forbartha ag gabháil le tograí forbartha thar limistéar an tolláin. Léirítear limistéar an tolláin ar léarscáileanna Phlean Forbartha Chathair Bhaile Átha Cliath 2022-2028 agus tá ceanglais an Mheasúnaithe leagtha amach in Aguisín 5, fo-alt 9.1 Sábháilteacht Struchtúrtha Thollán Bhaile Átha Cliath. Tá treoir BIÉ ar ullmhú an mheasúnaithe seo ar fáil ag: https://www.dublincity.ie/sites/default/files/media/file-uploads/2018-07/Port_Tunnel_Guidance_Notes_for_Developers.pdf
Luas: Mar threoir ghinearálta d’fhorbairt mholta ar bith atá cóngarach do Líne Luas reatha; ní mór go gcinnteoidh aon fhorbraíocht ionchasach nach ndéanfar aon dochar do sheirbhísí nó do shábháilteacht Luas, a bhonneagar féin san áireamh. Cuirfidh comhlíonadh leis na ceanglais a leagtar amach sa treoir seo a leanas bonn eolais faoi na cineálacha measúnaithe a bheidh de dhíth lena thaispeáint nach ndéanfaidh an fhorbraíocht bheartaithe aon díobháil:-
- ‘Code of engineering practice for works on, near, or adjacent the Luas light rail system’ de chuid BIÉ, ar fáil ag: Luas-code-of-engineering-practice.pdf.
- Light Rail Environment - Technical Guidelines for Development, Uimhir Foilsithe BIÉ. PE-PDV-00001 ar fáil ag: https://www.tiipublications.ie/
Ina theannta sin, mar chuid de cheanglais BIÉ gréasáin bóithre náisiúnta agus iarnróid éadroim na tíre a bhainistiú agus a fheabhsú, leagan an tÚdarás treoir agus caighdeáin forbartha amach do thrácht agus do mheasúnuithe agus tógáil bóithre a d’fhéadfadh a bheith riachtanach iad a chur isteach in éineacht le hiarratais ar fhorbraíochtaí nó ar oibreacha, de bharr shuíomh, scála nó shaintréitheacht na forbraíochta beartaithe. Gheofar Treoir Theicniúil agus Caighdeáin Theicniúla i bhFoilseacháin BIÉ, le fáil ag: https://www.tiipublications.ie/
Ní údarás pleanála é Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ). Ní dhéanann BIÉ cinntí maidir le hiarratais phleanála. Is comhairlí reachtúil faoi reachtaíocht phleanála é BIÉ .i. seolfaidh an t-údarás pleanála iarratais phleanála chuig BIÉ i gcomharsanacht bóithre náisiúnta agus iarnród éadrom le grinniú a dhéanamh orthu. Is ionann aighneachtaí nó tráchtanna BIÉ ar na hiarratais phleanála seo, má thugtar aon cheann, agus ár bpríomhionchar sa phróiseas pleanála um bainistíocht forbartha agus tugtar iad i dtaca leis an údarás pleanála amháin.
Mar sin, ba cheart aon cheist maidir le hiarratas pleanála atá ag céim ar bith - an chéim réamhphleanála, i rith phróiseas breithnithe an iarratais phleanála agus an chéim iarchinneadh - a chur chuig an údarás pleanála ábhartha, is í sin Rannóg Phleanála do Chomhairle Cathrach nó Contae, agus ní chuig BIÉ.
Tabhair faoi deara go bhféadfaí tuilleadh eolais a iarraidh ort mar chuid de phróiseas breithnithe an iarratais phleanála. Is an t-údarás pleanála áitiúil a dhéanann iarratais mar seo. Má tá plé ar bith le BIÉ ag teastáil ar mhaithe le freagairt ar iarratas le haghaidh tuilleadh eolais a ullmhú, tá sé faoin údarás pleanála áitiúil amháin é seo a shocrú agus a bhainistiú.
Ceann de phríomhchúraimí BIÉ is ea líonraí bóithre náisiúnta agus iarnróid éadroim atá sábháilte agus éifeachtúil a sheachadadh agus a chothabháil.
Agus é ag déanamh breathnóireachta ar iarratais phleanála, is é an cur chuige a ghlacann BIÉ ná cloí le beartas agus treoir oifigiúil maidir le bóithre náisiúnta agus iarnród éadrom.
Ar an gcaoi chéanna, braitheann BIÉ ar an údarás pleanála áitiúil cloí leis an mbeartas agus treoir oifigiúil náisiúnta seo. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh BIÉ cinneadh a dhéanamh nár tharla sé seo agus go bhfuil tionchar míchuí féideartha ann ar shábháilteacht agus / nó ar éifeachtacht ar an líonra bóithre náisiúnta nó iarnróid éadroim. Sna cásanna seo, d’fhéadfadh BIÉ achomharc a dhéanamh tar éis athbhreithnithe agus measúnaithe ar chinneadh an údaráis phleanála.
Is é an Coimisiún Pleanála a riarann achomhairc agus cinntí pleanála. Cuirtear ar aghaidh chuig an gcomhlacht sin thú le heolas a fháil ar conas achomharc a dhéanamh, le fáil ag https://www.pleanala.ie/ga-ie/home.
Tugann BIÉ comhairle gur féidir le húdaráis phleanála coinníollacha a chur le cead pleanála. Caithfear na coinníollacha seo a chomhlíonadh. Is feidhm de chuid an údaráis phleanála, is é sin Rannóg Phleanála do Chomhairle Cathrach nó Contae, é coinníoll(acha) a ghabhann le cead pleanála a chomhlíonadh.
D’fhéadfadh go mbeadh BIÉ luaite le coinníollacha pleanála áirithe. Mar nach BIÉ an t-údarás pleanála, áfach, ní féidir le BIÉ baint amach an chomhlíonta a mholadh.
Ar an gcaoi seo, caithfear aighneacht(aí) maidir le comhlíonadh pleanála a chur faoi bhráid an údaráis phleanála agus ní faoi bhráid BIÉ. D’fhéadfadh an t-údarás pleanála aighneacht chomhlíonta a rinneadh le go ndéanfadh BIÉ athbhreithniú uirthi a roinnt le bonn eolais a chur faoina chinneadh maidir le comhlíonadh.
Ní údarás pleanála é Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) agus ní eisíonn sé ceadanna pleanála. Riarann an t-údarás pleanála áitiúil, is í sin Rannóg Pleanála do Chomhairle Cathrach nó Contae, ceadanna pleanála agus na coinníollacha a ghabhann leo (más mar thoradh ar aighneacht an cinneadh, nó eile).
D’fhéadfadh go mbeadh ort ranníocaíocht a dhéanamh le húdarás pleanála áitiúil faoi choinníoll(acha) an cheada pleanála. Ní riarann BIÉ ranníocaíochtaí forbartha agus ba cheart aon cheist atá agat a chur chuig d’údarás pleanála áitiúil.
I gcás bóithre náisiúnta, déanann BIÉ maoirseacht ar thógáil na mbóithre náisiúnta agus / nó ar uasghráduithe a dhéanann na húdaráis um bóithre áitiúla i.e. Oifig um Dheareadh Bóithre na Comhairle Cathrach nó Contae (RDO). Cuireann údaráis áitiúla leaganacha de mheasúnú agus de dhearadh in iúl do BIÉ agus don phobal ar eatraimh.
Téigh i dteagmháil le d’údarás um bóithre áitiúla le haghaidh an leagain is nua de scéimeanna bóithre atá beartaithe.
Beidh ailíniúcháin Luas, Meitreo agus Nascanna Bus amach anseo faoi chúram an Údaráis Náisiúnta Iompair (ÚNT). Mar sin, ba cheart aon eolas ar dhul chun cinn na scéimeanna seo a lorg ón Údarás Náisiúnta Iompair, ar fáil ag https://www.nationaltransport.ie/ga/.
Ní údarás pleanála é Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ). Is comhairlí reachtúil faoi reachtaíocht phleanála é BIÉ. Mar sin, lorgóidh údaráis phleanála tuairimí BIÉ maidir leis an nGréasán Bóithre Náisiúnta agus maidir le hiarnród éadrom agus iad ag tabhairt faoi fheidhmeanna éagsúla um pleanáil chun cinn, lena n-áirítear pleananna forbartha agus pleananna reachtúla eile a chur le chéile.
Cuireann BIÉ aighneachtaí isteach i dtaca le pleananna agus scéimeanna reachtúla atá á n-ullmhú ag údaráis áitiúla. Tá sé mar aidhm ag na haighneachtaí seo a chinntiú go gcothófar sábháilteacht agus éifeachtacht na líonraí bóithre náisiúnta agus iarnróid éadroim agus léiríonn siad beartas agus treoir oifigiúil maidir leis an ngréasán bóithre náisiúnta agus an Luas.