Sábháilteacht ar Bhóithre

Ról BIÉ maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre

  • Ceisteanna sábháilteachta a shainaithint trí anailísiú réamhghníomhach agus frithghníomhach,
  • Scéimeanna feabhsaithe sábháilteachta a mhaoiniú trí Údaráis Áitiúla (Gníomh 2 de SSB)
  • Mionscéimeanna a chur in ord tosaíochta de réir an rangaithe sábháilteachta
  • Maoirseacht a dhéanamh ar cheaduithe agus oiliúint na Foirne Iniúchta um Shábháilteacht ar Bhóithre
  • Eile: Anailísiú Sonraí, Measúnuithe Tionchair ar Shábháilteacht ar Bhóithre, Tairseach Oibreacha Bóthair, Caighdeáin Chéimseatúla, Taighde, Oiliúint.

 

Sábháilteacht an Bhonneagair Bóthair a Bhainistiú (‘RISM’)

Rinneadh Treoir an AE maidir le Bainistíocht Sábháilteachta Bonneagair Bóthair (RISM an AE) a thrasuí i nDlí na hÉireann trí IR Uimh. 472 de 2011. Cuireann RISM an AE córas ar fáil chun sábháilteacht an ghréasáin bóithre náisiúnta a bhainistiú. Baineann cuid mhaith d'obair Rannán Sábháilteachta an BIÉ le ceanglais RISM an AE a chur i bhfeidhm

ATU Logo

Oiliúint Sábháilteachta BIÉ

D'fhorbair BIÉ, i gcomhar le OTA Shligigh, clár oideachais in Iniúchóireacht agus Innealtóireacht Sábháilteachta ar Bhóithre. Comhlíonann an clár seo na riachtanais acadúla le Treoir an AE maidir le Sábháilteacht an Bhonneagair Bóthair a Bhainistiú. Foghlaim tuilleadh faoin tionscnamh seo agus déan iniúchadh ar ábhair oiliúna bhreise.

Athnuachan Uirbeach

Foghlaim conas is féidir linn sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú i mbailte agus i sráidbhailte tríd an moilliú tráchta agus trí fheabhsuithe deartha.

Taighde Sábháilteachta BIÉ

Chomh maith le taighde inmheánach leanúnach, glacann Rannán Sábháilteachta BIÉ páirt ghníomhach i gcláir thaighde thrasnáisiúnta um shábháilteacht ar bhóithre. Trí chomhoibriú le húdaráis bóithre agus le grúpaí taighde um shábháilteacht ar bhóithre lasmuigh d'Éirinn, is féidir eolas, taithí agus smaointe a aistriú atá tairbheach d'obair Rannán Sábháilteachta BIÉ agus do chuspóirí straitéiseacha níos leithne na heagraíochta.