Sábháilteacht an Bhonneagair Bóthair a Bhainistiú



Anailís ar Shábháilteacht an Ghréasáin
Úsáideann Anailís ar Shábháilteacht an Ghréasáin sonraí faoi imbhuailtí agus faoi chiliméadair feithicle a taistealaíodh le measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht bóithre náisiúnta agus le láithreacha a shainaithint ina dtiteann go leor imbhuailtí amach ar an ngréasán bóithre náisiúnta. Cuirtear aschur na hanailíse seo ar imbhuailtí i dtreo díriú ar bhearta réitigh bliantúla um shábháilteacht ar bhóithre.
Cuirtear gnás foirmiúil ar fáil sa Treoir ón AE maidir le Sábháilteacht an Bhonneagair Bóthair a Bhainistiú (EU RISM) le haghaidh Anailís ar Shábháilteacht an Ghréasáin, cé gur cuireadh a mhacasamhail de mhodhanna i bhfeidhm in Éirinn ó na 1970 idí ar aghaidh.
Déanann an Garda Síochána sonraí imbhuailtí a thaifeadadh agus úsáideann an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (an RSA) agus Bonneagar Iompair Éireann (TII) na sonraí seo ar mhaithe le cuspóirí taighde.
Sainaithnítear Láithreacha Ard-Imbhuailtí ina dhiaidh sin trí shuíomhanna a thagarmharcáil in aghaidh leibhéil tairsí (rátaí imbhuailtí agus minicíocht imbhuailtí) a bunaíodh do gach daonra tagartha faoi leith. Déantar athbhreithniú ar gach suíomh lena mbaineann minicíocht ard tuairte agus úsáidtear é chun cabhrú le haon phatrúin tuairte a aithint. Cabhraíonn sé seo lena chinneadh ansin an gcuirfidh frithbheart innealtóireachta feabhas ar fheidhmíocht sábháilteachta an tsuímh.
Cigireacht ar Bhearta Sealadacha Sábháilteachta (TSMI)
Cigireacht é TSMI ar shuíomhanna oibreacha bóthair ar an ngréasán bóithre náisiúnta. Is é cuspóir TSMI a chinntiú go bhfuil caighdeáin bhearta sealadacha sábháilteachta á gcur i bhfeidhm i gceart ag suíomhanna oibreacha bóthair agus le tionchair fhéideartha oibreacha bóthair ar shábháilteacht an tsrutha tráchta a chur i dtaifead.
Riachtanas de chuid EU RISM faoi Airteagal 6 é TSMI, a iarrann freisin go gcuirtear Cigireachtaí ar Shábháilteacht ar Bhóithre i bhfeidhm. Is iad BIÉ, Údaráis Áitiúla agus Gnóthairí Reachtúla nó Oibreoirí Bóithre a dhéanann cigireachtaí. Déanaimid cigireachtaí randamacha freisin ar bhearta sábháilteachta sealadacha de chuid na nÚdarás Áitiúil, na nGnóthairí Reachtúla agus na nOibreoirí Bóithre lena chinntiú go bhfuil na riachtanais á gcomhlíonadh.
Cigireachtaí ar Shábháilteacht ar Bhóithre (RSI)
Tá sé mar aidhm ag Cigireachtaí um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSInna) sábháilteacht an Ghréasáin Náisiúnta Bóithre a fheabhsú. Sainaithnítear sna cigireachtaí seo aon earraí a bhaineann le sábháilteacht óna dteastaíonn athbhreithniú breise, agus a bhféadfadh réiteach dearaidh a bheith ag teastáil uathu. Ní áirítear leis na cigireachtaí seo gnáthearraí cothabhála a shainaithnítear agus a cheartaítear trí phróisis eile TII. Tugtar faoi RSI ar gach bóthar náisiúnta, tolláin san áireamh. Tá cigireacht le déanamh ar gach bealach ar a laghad gach cúig bliana. Cuirfear coimre chigireachta agus na rátaí imbhuailtí don Ghréasán Bóithre Náisiúnta ar fáil d’fhoirne RSI sula dtabharfaidh siad cuairt ar an suíomh.
Measúnacht Tionchair ar Shábháilteacht ar Bhóithre (RSIA)
Is measúnú straitéiseach é RSIA ar thionchar roghanna pleanála éagsúla do bhóthar nua, nó do mhodhnuithe substaintiúla ar bhóthar atá ann cheana, ar fheidhmíocht sábháilteachta an ghréasáin bóithre. Tá RSIA ag teastáil do thionscadail den sórt sin ar an nGréasán Bóithre Náisiúnta agus moltar é do scéimeanna den chineál céanna ar bhóithre áitiúla agus réigiúnacha.
Iniúchtaí ar Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA)
Déanann RSAnna meastóireacht ar scéimeanna bóithre le linn na céime deartha agus tógála chun guaiseacha féideartha a shainaithint. Is riachtanas AE iad na hiniúchtaí seo, a dhéantar ar gach tionscadal bonneagair bóithre náisiúnta nua agus ar aon scéim a mbíonn athrú buan ar leagan amach an bhóthair nó ar thaobh an bhóthair mar thoradh uirthi. Moltar iniúchtaí freisin maidir le hathruithe comhchosúla ar an ngréasán bóithre áitiúil agus réigiúnach. Le linn RSA breathnaíonn an fhoireann iniúchóireachta ar an scéim ó thaobh gach úsáideora bóthair, agus aird ar leith á tabhairt ar riachtanais úsáideoirí soghonta bóthair. Aithníonn foireann RSA fadhbanna sábháilteachta féideartha laistigh den scéim agus déanann siad moltaí don dearthóir chun tarlú tuairte, agus a dhéine is atá siad, amach anseo a íoslaghdú.