Sábháilteacht ar Bhóithre – Ceisteanna Coitianta
Mar a oibríonn Maoiniú Scéim Sábháilteachta Bóithre ar Bhóithre Náisiúnta
Bíonn Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) ag oibriú le húdaráis áitiúla chun an tsábháilteacht a fheabhsú ar an nGréasán Bóithre Náisiúnta amháin. Tá míniú ar an leathanach seo ar an gcaoi a ndéantar ceisteanna sábháilteachta a shainaithint, a ndéantar scéimeanna sábháilteachta a fhorbairt agus ar na dreamanna ar cheart teagmháil a dhéanamh leo nuair a thagann ann d’aon ábhar imní.
1. Mar a dhéantar Ceisteanna Sábháilteachta a shainaithint
Déanann BIÉ dhá mheasúnú náisiúnta gach bliain (Féach Sábháilteacht ar Bhóithre - Baile le níos mó sonraí a fháil ar na próisis seo):
- Anailís Bhliantúil ar Imbhuailtí
Faoi chaighdeán GE STY 01022, Anailís Sábháilteachta Gréasáin, aithníonn BIÉ Láithreacha Ardmhinicíocht Imbhuailtí (LAInna) – áiteanna ina dtarlaíonn níos mó ná an meánleibhéal d’imbuailtí. Eisítear na torthaí d’údaráis áitiúla le gur féidir iad a fhiosrú a thuilleadh. - Cigireachtaí Sábháilteachta Bóithre (CSB)
Agus iad á ndéanamh gach 4 bliana faoi AM STY 06044, sainaithnítear leis na cigireachtaí seo rioscaí amhail infheictheacht neamhleorga, fadhbanna comharthaíochta nó guaiseacha a mbeadh úsáideoirí leochaileacha bóthair thíos leo. Cuirtear torthaí ardriosca chuig údaráis áitiúla le gur féidir breithniú a dhéanamh ar bhearta feabhais.
2. Ról na nÚdarás Áitiúil (Údaráis Bóithre)
Ar bhonn dlíthiúil, is iad na húdaráis áitiúla na hÚdaráis Bóithre i dtaca le Bóithre Náisiúnta. Tá siad freagrach as:
- Measúnú a dhéanamh ar aon cheisteanna sábháilteachta a thógfaí ar bhonn áitiúil
- Athbhreithniú a dhéanamh ar stair imbhuailtí (lena n-áirítear imbhuailtí gan tuairisciú)
- Scéimeanna sábháilteachta bóithre a dhearadh
- Breithmheasanna eacnamaíochta a dhéanamh
- Oibreacha a bheadh beartaithe a chostáil ina n-iomláine agus a rangú in ord tosaíochta
- Tuarascáil Indéantachta & Roghanna a ullmhú (GE STY 01037)
- Comhairleoirí Teicniúla agus/nó Conraitheoirí a sholáthar, más gá, chun an obair a chur i gcrích
Ní dhéanann BIÉ scéimeanna áitiúla a dhearadh ná a thionscnamh. Ní mór gur ón gcomhairle contae iomchuí a thiocfadh an togra.
3. Ról BIÉ agus na nithe a mhaoiníonn BIÉ
Chomh luath is a chuireann údarás áitiúil togra comhlíontach isteach:
- Déanann BIÉ athbhreithniú ar an tuarascáil indéantachta
- Dearbhaíonn BIÉ go gcomhlíonann an dearadh Caighdeáin BIÉ
- Déanann BIÉ measúnú ar thairbhe sábháilteachta agus ar infhaighteacht maoinithe
- Déanann BIÉ an maoiniú a leithdháileadh le haghaidh pleanáil, dearadh nó tógáil
Is féidir maoiniú BIÉ do scéimeanna sábháilteachta a bheith éagsúil, faoi réir mhéid na hidirghabhála, ó mhion-idirghabhálacha go dtí idirghabhálacha ar scála an-mhór (Féach Gníomhaíocht Scéimeanna Sábháilteachta Bóithre BIÉ le haghaidh tuairisc mhionsonraithe ar Ghníomhaíocht Sábháilteachta Bóithre BIÉ in 2025). Mar shampla:
- Feabhsúcháin sábháilteachta ar chostas íseal
- Uasghráduithe Acomhail
- Bearta sábháilteachta do choisithe agus rothaithe
- Feabhsúcháin i limistéir scoile nuair is inchosanta
- Comharthaíocht, bainistiú luais agus idirghabhálacha spriocdhírithe eile
Is díol tábhachta é nach gá gur Láthair Ardmhinicíocht Imbhuailtí (LAI) é suíomh le go gcuirfeadh údarás áitiúil togra sábháilteachta isteach ina leith.
4. Ordlathas teagmhála
Déantar teagmháil i dtús báire leis an Údarás Áitiúil i gcás aon cheisteanna sábháilteachta a bhaineann le Bóthar Náisiúnta, lena n-áirítear:
- Sábháilteacht acomhail
- Trasrianta coisithe
- Cosáin, saoráidí taisteal gníomhach
- Ceisteanna luais
- Limistéar sábháilteachta scoile
- Ceansú tráchta
- Ceisteanna comharthaíochta nó ceisteanna marcála línte
5. Luasteorainneacha ar Bhóithre Náisiúnta
- Is iad na húdaráis áitiúla a shocraíonn luasteorainneacha.
- Is amhlaidh, áfach, go n-éilítear faomhadh ó BIÉ sular ceadmhach aon luasteorainneacha ar Bhóthar Náisiúnta a athrú, i gcomhréir le breithniúcháin beartais náisiúnta agus sábháilteachta.
- Is tríd an nGarda Síochána, ní BIÉ, a eagraítear an forfheidhmiú luais (m.sh. Gardaí nó veaineanna GoSafe).
6. Mar a Oibríonn Próiseas na Scéimeanna Sábháilteachta (Achoimre)
- Sainaithníonn BIÉ rioscaí (anailís fhrithghníomhach Ardmhinicíocht Imbhuailtí agus Cigireachtaí
- Sábháilteachta Bóithre réamhghníomhacha).
- Déanann údarás áitiúil breithniú ar an láthair, lena n-áirítear sonraí, luasanna, imbhuailtí, gníomhaíocht coisithe.
- Dearann údarás áitiúil scéim agus tugann faoi bhreithmheas eacnamaíochta.
- Cuireann údarás áitiúil isteach Tuarascáil Indéantachta & Roghanna chuig BIÉ.
- Déanann BIÉ an scéim a athbhreithniú agus a mhaoiniú nuair is inchosanta agus nuair a bhíonn maoiniú ar fáil.
Ceisteanna Coitianta