Athnuachan Uirbeach
Maoiníonn muid scéimeanna Athnuachana Uirbí chun feabhas a chur ar shábháilteacht bóithre náisiúnta áit a dtéann siad trí bhailte agus trí shráidbhailte. Fuarthas amach nach laghdaíonn tiománaithe a luas go rómhór i mbailte agus i sráidbhailte mura ndéantar ach teorainneacha luais a chur in airde gan aon bhearta laghdaithe luais fisiciúla a chur i bhfeidhm freisin.
Baintear na laghduithe luais amach trí chuma an bhóthair a athrú ar theacht isteach sa bhaile (san idirchrios) agus socruithe bainistithe tráchta a chur i bhfeidhm, m.sh., lánaí cúnga agus cosáin leathnaithe laistigh den bhaile féin. Is é an príomhchritéir a úsáidtear chun bailte agus sráidbhailte a roghnú do scéimeanna athnuachana uirbí ná líon agus déine na n-imbhuailtí agus/nó na n-ardluas oibriúcháin laistigh den bhaile.