STP Banner

An Méid a Dhéanaimid

Oibríonn Pleanáil Straitéiseach agus Iompair (PSI) i roinnt réimsí, lena n-áirítear:

  • Pleanáil straitéiseach;
  • Beartas iompair;
  • Staidéir straitéiseacha;
  • Taighde iompair;
  • Forbairt samhlacha agus uirlisí;
  • Anailís iompair;
  • Cur le pleanáil straitéiseach le páirtithe leasmhara seachtracha, m.sh., an Roinn Iompair;
  • Samhaltú
  • Pleanáil Iompair;
  • Treoir bhreithmheasúnaithe a chur ar fáil.

D’fhorbair agus d’fhoilsigh PSI straitéis BIÉ le déanaí do thodhchaí an Ghréasáin Bóithre Náisiúnta, dar teideal NR2040, i gcomhréir le beartas an Rialtais.

Bíonn PSI páirteach i gceardlanna/fóraim éagsúla ar fhorbairt beartais eile Rialtais agus iompair

Tugann muid faoi staidéir straitéiseacha agus measann muid treochtaí agus riachtanais reatha agus na todhchaí i ngréasáin na mBóithre Náisiúnta, an iarnróid éadroim, an taistil ghníomhaigh agus na nglasbhealaí.

Forbraíonn agus bainistíonn muid an tSamhail Iompair Náisiúnta (SIN) arb ionann é agus an bhunchloch do staidéir straitéiseacha éagsúla agus do bhreithmheasúnuithe éagsúla scéime. Forbraíonn PSI samhlacha agus uirlisí atá bunaithe ar an tsamhail iompair agus a chuireann léi, Samhail Astaíochtaí Bóthair (SAB) BIÉ, mar shampla.

Is ‘limistéar oibre’ suntasach don Roinn é réimse an bhreithmheasa iompair; ag cinntiú go gcomhlíontar na beartais agus treoirlínte náisiúnta cuí a bhaineann le breithmheas ar thionscadail iompair. Nuashonraíonn sé na Treoirlínte um Breithmheas ar Thionscadail (TBT) do thionscadail arna maoiniú ag BIÉ a chlúdaíonn tionscadail Bóithre Náisiúnta, glasbhealaí agus taistil ghníomhaigh.

Oibríonn muid go dlúth le go leor Réimsí eile de BIÉ agus tacaíonn muid leo; ag obair ar fud an réimse iomláin modhanna faoi choimirce na heagraíochta