Baineann BIÉ Creidiúnú Cré-Umha d’Infheisteoirí san Ilchineálacht amach

Údar mór áthais dúinn a fhógairt gur bhain BIÉ amach Creidiúnú Cré-Umha d’Infheisteoirí san Ilchineálacht ón Irish Centre for Diversity, arb ionann is garsprioc thábhachtach inár dtiomantas chuig Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú (CÉI). Tá an creidiúnú bailí idir Meitheamh 2026 agus Meitheamh 2027 agus tugtar aitheantas leis ar an mbunchloch láidir a leag BIÉ síos d’fhonn éagsúlacht agus ionchuimsiú a leabú ar fud na heagraíochta.

TII achieves Investors in Diversity Bronze Accreditation

Cén fáth go bhfuil an dámhachtain seo tábhachtach?

Tagarmharc a aithnítear go náisiúnta é an creidiúnú d’Infheisteoirí san Ilchineálacht lena meastar conas atá eagraíochtaí ag leabú na hilchineálachta agus na hionchuimsitheachta trína mbeartais, a gcinnireacht, a gcumarsáid agus a gcleachtais san ionad oibre. Leis an gCré-Umha, léirítear go bhfuil creat láidir leagtha síos ag BIÉ chun tacú le cultúr ionchuimsitheach san ionad oibre agus gur léirigh sé tiomantas soiléir do chinntiú go gcaitear le gach fostaí le dínit, cothromaíocht agus meas. Céim shuntasach chun tosaigh atá san éacht seo ó thaobh tiomantas BIÉ d’ionad oibre a chur chun cinn ina mbraitheann gach duine go dtuigtear a luach, go léirítear meas dóibh agus go dtacaítear leo. Cuirtear ardán láidir ar fáil leis freisin ónar féidir linn leanúint orainn ag forbairt ár gclár CÉI agus oibriú i dtreo leibhéal creidiúnaithe eile sa todhchaí.

Céard a rinne BIÉ chun an creidiúnú a bhaint amach?

Chuir BIÉ fianaise isteach lena léiríodh an dul chun cinn a rinneadh thar roinnt réimsí ríthábhachtacha ilchineálachta agus ionchuimsitheachta. Sa mheasúnú, leagadh béim ar an réimse láidir beartas agus tacaí a bhí ann thart ar an eagraíocht, lena n-áirítear ár mBeartas Éagsúlachta & Ionchuimsitheacha, ár mBeartas um Dhínit san Obair agus réimse beartas a thacaíonn le teaghlaigh agus le solúbthacht. Ar réimse eile nirt a sainaithníodh le linn an mheasúnaithe bhí ár n-infheistíocht i bhfoghlaim agus i bhforbairt, lena n-áirítear oiliúint dírithe ar CÉI a rinne fostaithe agus ceannairí, mar shampla oiliúint néara-éagsúlachta do bhainisteoirí agus oiliúint feasachta do gach comhalta foirne maidir le néara-éagsúlacht.