Comhdháil Iompar Éireann 2026
Is deas le Bonneagar Iompair Éireann obair i gcomhar le EOLAS le haghaidh Comhdháil Iompar Éireann, a bheidh ar siúl Déardaoin an 4 Meitheamh i bPáirc an Chrócaigh.
Díreoidh comhdháil na bliana seo ar ‘Dlús a chur le hInfheistíocht chun Todhchaí Iompair na hÉireann a Chlaochlú’, ina dtabharfar le chéile cainteoirí ar airí iad, mar aon le cainteoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta chun plé a dhéanamh ar na tosaíochtaí atá ag múnlú ár líonra iompair. Fóram luachmhar plé a bheidh sa chomhdháil maidir le soláthar bonneagair, soghluaiseacht, ionchuimsiú agus rochtain sa todhchaí, ceisteanna beartais, go háirithe i gcomhthéacs Uachtaránacht AE na hÉireann, a bheidh ann go gairid.
Cuirfear tús leis an gclár le ráiteas ó Lorcan O'Connor, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin BIÉ, agus ansin beidh obair le comhghleacaithe BIÉ ar na hábhair seo a leanas:
- Iarnród éadrom in Éirinn agus bearta chun an líonra a leathnú
- Príomhshruthú inscne ar mhaithe le dearadh ionchuimsitheach iompair, cás-staidéar BIÉ
- Plé painéil: Modhanna cliste, comhroinnte agus nuálacha maidir le todhchaí an iompair in Éirinn
Ní mór clárú trí lucht eagraithe na comhdhála le freastal ar an gcomhdháil féin. Tá tuilleadh sonraí faoin gclár ar fáil ar shuíomh gréasáin oifigiúil Iompar Éireann 2026