Fógraíonn Airí cistiú caipitil de €360 milliún i gcomhair Taisteal Gníomhach agus Glasbhealaí in 2026
Leis an maoiniú seo, tacófar le soláthar bonneagair coisíochta agus rothaíochta fud fad na tíre
D’fhógair Darragh O’Brien, an tAire Iompair, Seán Canney, an tAire Stáit atá freagrach as Iompar Idirnáisiúnta agus Iompar de Bhóthar, Lóistíocht, Iarnród agus Calafoirt, agus Jerry Buttimer, an tAire Stáit atá freagrach as Iompar Tuaithe, go gcuirfeadh an Rialtas maoiniú de €360 milliún ar fáil i gcomhair Taisteal Gníomhach agus Glasbhealaí in 2026. Leis an infheistíocht seo, déanfar tionscadail choisíochta agus rothaíochta a fhorbairt a chuireann roghanna taistil atá sábháilte, inbhuanaithe agus sláintiúil ar fáil do phobail ar fud na tíre.
Cuireadh leithdháileadh €290 milliún ar fáil do Chlár Infheistíochta an Údaráis Náisiúnta Iompair in Iompar Gníomhach agus Inbhuanaithe chun bonneagar coisíochta agus rothaíochta a fhorbairt i sráidbhailte, i mbailte agus i gcathracha. Leis an maoiniú seo, cuirfear beagnach 1,000 tionscadal ar scálaí éagsúla chun cinn in 2026. I measc na dtionscadal seo, tá Glasbhealach Inbhear an Mhóinéir Leathain i mBaile Átha Cliath; Scéim Feabhsaithe Bóthair Lehenaghmore i gCorcaigh; an Scéim Taistil Ghníomhaigh idir Coláiste Mhuire gan Smál agus Lár na Cathrach i Luimneach; agus Scéim Taistil Ghníomhaigh Chuarbhóthar Thrá Mhór i bPort Láirge
Tá €8 milliún breise ar fáil chun cláir níos lú athraithe iompraíochta nó oiliúna a mhaoiniú. I measc na gclár seo, tá oiliúint CycleRight i mbunscoileanna agus Clár an Údaráis Náisiúnta Iompair um Thaisteal Níos Cliste d’Áiteanna Oibre agus do Champais.
Bainfear leas as an €62 milliún atá fágtha chun tionscadail Glasbhealaí a sheachadadh ar fud na hÉireann, ina measc Glasbhealach Chiarraí Theas agus forbairt Ghlasbhealach Chanáil Uladh i Muineachán. Leis an leithdháileadh seo, cuirfear bonneagar taistil ghníomhaigh ar fáil ar bhóithre náisiúnta chomh maith, agus déanfar dul chun cinn maidir leis an nGréasán Náisiúnta Raonta Rothair, gréasán a chruthóidh líonra comhtháite idir ár mbailte agus ár gcathracha. I measc na dtionscadal suntasach, tá áiseanna rotharbhealaigh feadh an N60 idir Caisleán an Bharraigh agus Bréachmhaigh, agus Scéim Lúibe Chuan an Fhóid Duibh, dhá thionscadal atá lonnaithe i Maigh Eo.
Táthar ag súil go ndéanfar 200 km de bhonneagar coisíochta agus rothaíochta a sheachadadh in 2026, de réir na sprice a leagtar amach sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide. Is mór an tábhacht a bhaineann leis an gclár infheistíochta seo agus muid ag iarraidh ár gcuid astaíochtaí iompair a laghdú.
Dúirt an tAire O’Brien:
“Léiríonn an leithdháileadh €360 milliún in 2026 do bhonneagar taistil ghníomhaigh agus glasbhealaí tiomantas an Rialtais i leith roghanna taistil inbhuanaithe a fhorbairt agus bonneagar coisíochta agus rothaíochta atá sábháilte agus inrochtana a sholáthar i gceantair uirbeacha agus thuaithe araon. Leis an infheistíocht €290 milliún i gClár Infheistíochta an Údaráis Náisiúnta Iompair in Iompar Gníomhach agus Inbhuanaithe, forbrófar líonraí tábhachtacha taistil ghníomhaigh inár sráidbhailte, inár mbailte agus inár gcathracha, ag cinntiú gur roghanna inmharthana iad an choisíocht agus an rothaíocht do níos mó daoine in Éirinn. Agus leis an infheistíocht €62 milliún inár líonra Glasbhealaí, déanfar tionscadail thábhachtacha a sheachadadh ar fud na tíre agus is céim eile chun cinn í i dtreo Ghréasán Náisiúnta Raonta Rothar a fhorbairt.”
Dúirt an tAire Canney:
“Tá forbairt leanúnach ár líonra coisíochta agus rothaíochta trí mheán bhonneagar na nGlasbhealaí agus an taistil ghníomhaigh ríthábhachtach chun roghanna taistil sábháilte a chur ar fáil do rothaithe agus do choisithe. Chomh maith leis sin, cuireann sé lenár ndul chun cinn i dtreo na Físe Nialais, ár straitéis sábháilteachta ar bhóithre ina leagtar amach an sprioc nach mbeidh aon bhásanna ar bhóithre nó aon drochghortuithe ar bhóithre faoi 2050. Cuirim fáilte ar leith roimh infheistíocht bheartaithe an Údaráis Náisiúnta Iompair i mbliana chun limistéir inspéise ó thaobh sábháilteacht ar bhóithre a mheas, agus é ar intinn aige cur le bearta um imbhuailtí a chosc sna limistéir sin chun úsáideoirí leochaileacha bóthair a chosaint.”
Dúirt an tAire Buttimer:
“Cuirim fáilte ar leith roimh an bhfógra inniu go gcuirfear maoiniú ar fáil do thionscadail Glasbhealaí atá tar éis cur go mór le ceantair thuaithe in Éirinn le blianta beaga anuas, ag léiriú ár dtírdhreach álainn, ag tabhairt cuairteoirí chuig ceantair a ndéantar dearmad orthu agus ag cabhrú le gnólachtaí beaga áitiúla. Is áis áineasa allamuigh iad Glasbhealaí, ar féidir le gach duine den phobal sult a bhaint aisti. Táim ag súil go mór le soláthar bealaí nua agus leathnaithe sna blianta atá romhainn.”
Dúirt Anne Shaw, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Iompair Náisiúnta:
“Mar gheall ar an ngealltanas maoinithe a fógraíodh inniu, beidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair in ann tacú le gach údarás áitiúil timpeall na tíre chun naisc níos sábháilte a sholáthar do choisithe agus do rothaithe, spásanna feabhsaithe poiblí a chruthú, agus timpeallacht a chruthú inar féidir le níos mó dúinn roghanna taistil ghníomhaigh agus roghanna taistil inbhuanaithe a dhéanamh gach lá.
A bhuí leis an Roinn Iompair, beidh tionchar suntasach ag an maoiniú mór leanúnach seo don taisteal gníomhach ar phobail inár gcathracha, inár mbailte agus inár sráidbhailte. Táimid ag súil go mór lenar féidir le húdaráis áitiúla a bhaint amach leis an maoiniú seo in 2026 agus sna blianta atá romhainn.”
Dúirt Lorcan O’Connor, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ):
“Tarraingíonn maoiniú na nGlasbhealaí 2026 aird ar thiomantas na Roinne Iompair agus an Rialtais chun roghanna taistil ghníomhaigh a sholáthar fud fad na tíre. Oibreoidh BIÉ i gcomhar lenár bpáirtithe sna hÚdaráis Áitiúla, agus le príomhpháirtithe leasmhara eile, chun na Tionscadail thábhachtacha Glasbhealaí seo a sheachadadh.”
Nótaí don Eagarthóir
Tá miondealú ar leithdháiltí Taistil Ghníomhaigh agus Glasbhealaí de réir údarás áitiúil ar fáil thíos. Tá liosta iomlán de leithdháiltí ag leibhéal an tionscadail faoin dá Chlár ar fáil ar shuíomh gréasáin BIÉ agus ar shuíomh gréasáin an Údaráis Náisiúnta Iompair.
|
Leithdháileadh Taistil Ghníomhaigh 2026 de réir Limistéar Údaráis Áitiúil |
|
|
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath |
€35,950,000 |
|
Comhairle Contae Átha Cliath Theas |
€19,000,000 |
|
Comhairle Contae Fhine Gall |
€23,000,000 |
|
Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin |
€18,450,000 |
|
Comhairle Contae na Mí |
€10,000,000 |
|
Comhairle Contae Chill Dara |
€9,000,000 |
|
Comhairle Contae Chill Mhantáin |
€7,000,000 |
|
Fo-iomlán Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath: |
€122,400,000 |
|
|
|
|
Comhairle Cathrach Chorcaí |
€27,050,000 |
|
Comhairle Contae Chorcaí |
€18,000,000 |
|
Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh |
€18,050,000 |
|
Comhairle Cathrach na Gaillimhe |
€9,500,000 |
|
Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge |
€8,500,000 |
|
Fo-iomlán na gCathracha Réigiúnacha: |
€81,100,000 |
|
|
|
|
Comhairle Contae Cheatharlach |
€3,000,000 |
|
Comhairle Contae an Chabháin |
€3,000,000 |
|
Comhairle Contae an Chláir |
€2,750,000 |
|
Comhairle Contae Dhún na nGall |
€4,600,000 |
|
Comhairle Contae na Gaillimhe |
€2,100,000 |
|
Comhairle Contae Chiarraí |
€2,750,000 |
|
Comhairle Contae Chill Chainnigh |
€3,000,000 |
|
Comhairle Contae Laoise |
€3,000,000 |
|
Comhairle Contae Liatroma |
€1,900,000 |
|
Comhairle Contae Lú |
€4,000,000 |
|
Comhairle Contae Longfoirt |
€3,000,000 |
|
Comhairle Contae Mhaigh Eo |
€3,000,000 |
|
Comhairle Contae Mhuineacháin |
€2,500,000 |
|
Comhairle Contae Uíbh Fhailí |
€3,000,000 |
|
Comhairle Contae Ros Comáin |
€2,750,000 |
|
Comhairle Contae Shligigh |
€3,000,000 |
|
Comhairle Contae Thiobraid Árann |
€4,000,000 |
|
Comhairle Contae na hIarmhí |
€3,000,000 |
|
Comhairle Contae Loch Garman |
€3,750,000 |
|
Fo-iomlán na Limistéar Údaráis Áitiúil Eile: |
€58,100,000 |
|
|
|
|
Scéim Réigiúnach Rothar BIÉ |
€4,000,000 |
|
Páirceáil do Rothaíocht chun na Scoile agus costais foirne SRTS |
€1,900,000 |
|
Tacaíocht Deartha agus Taighde an Údaráis Náisiúnta Iompair |
€6,100,000 |
|
Campais, costais dhíreacha an Údaráis Náisiúnta Iompair – SRTS, Scéim Réigiúnach Rothar |
€6,390,000 |
|
Bonneagar Taistil Ghníomhaigh Bus Connects Bhaile Átha Cliath |
€23,000,000 |
|
Modhanna Gníomhacha: Imbhuailtí a Imscrúdú agus a Chosc (AMCIP) |
€4,000,000 |
|
Fo-iomlán na gCostas Eile: |
€45,390,000 |
|
Iomlán: |
€306,990,000 |
|
Deontais Infheistíochta Glasbhealaí: Leithdháiltí 2026 |
|
|
Contae |
Leithdháileadh € |
|
Comhairle Contae an Chabháin |
250,000 |
|
Comhairle Contae an Chláir |
1,235,000 |
|
Comhairle Contae Chorcaí |
1,875,000 |
|
Comhairle Contae Dhún na nGall |
6,220,000 |
|
Comhairle Contae Fhine Gall |
500,000 |
|
Comhairle Cathrach na Gaillimhe |
500,000 |
|
Comhairle Contae na Gaillimhe |
2,360,000 |
|
Comhairle Contae Chiarraí |
9,950,000 |
|
Comhairle Contae Chill Dara |
7,127,500 |
|
Comhairle Contae Chill Chainnigh |
575,000 |
|
Comhairle Contae Laoise |
50,000 |
|
Comhairle Contae Liatroma |
1,586,530 |
|
Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh |
1,305,000 |
|
Comhairle Contae Lú |
600,000 |
|
Comhairle Contae Mhaigh Eo |
778,5000 |
|
Comhairle Contae na Mí |
850,000 |
|
Comhairle Contae Mhuineacháin |
4,300,000 |
|
Comhairle Contae Uíbh Fhailí |
860,000 |
|
Comhairle Contae Ros Comáin |
1,890,000 |
|
Comhairle Contae Shligigh |
1,050,000 |
|
Comhairle Contae Átha Cliath Theas |
250,000 |
|
Comhairle Contae Thiobraid Árann |
500,000 |
|
Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge |
510,000 |
|
Comhairle Contae na hIarmhí |
1,100,000 |
|
Comhairle Contae Loch Garman |
3,435,000 |
|
Comhairle Contae Chill Mhantáin |
1,250,000 |
|
Iomlán |
57,914,030 |
Naisc ghaolmhara:
Leabhrán BIÉ um Leithdháileadh Glasbhealaí d’Údaráis Áitiúla 2026