Imeachtaí maidir leis an Athbhreithniú Breithiúnach a bhaineann le Luas (Fionnghlas) á dTarraingt Siar
Tá áthas ar Bhonneagar Iompair Éireann a fhógairt gur thángthas ar chomhaontú le Murdock Builders Merchants (Ireland) Limited, Brooks Timber & Building Supplies Limited agus Downshire Propco Limited agus go ndéanfar imeachtaí maidir le hAthbhreithniú Breithiúnach a bhaineann le Luas (Fionnghlas) a tharraingt siar dá bharr. Dá brí sin, is féidir dul chun cinn a dhéanamh ar Luas (Fionnghlas) anois.
Chuir Lorcan O’Connor, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bhonneagar Iompair Éireann fáilte roimh tharraingt siar an Athbhreithnithe Bhreithiúnaigh.
Dúirt sé; “Tá sé tábhachtach a mheabhrú nach bhfuil an Luas dírithe ar an gcóras iompair amháin. Cuirfidh an Luas tithíocht ard-dlúis ar fáil – beagnach deich míle aonad – i gceantar Fhionnghlaise. De réir mar a dhíríonn an rialtas ar bhorradh a chur faoin mbonneagar, leanfaidh BIÉ ag obair leis an Údarás Náisiúnta Iompair agus leis an Roinn Iompair chun dlús a chur le seachadadh tionscadal atá ar na bacáin, agus is é Luas (Fionnghlas) an ceann is forbartha. Leis an taisteal ardacmhainneachta, iontaofa, minic, inrochtana agus saor ó charbón atá ag an Luas, beifear in ann Baile Átha Cliath a fhorbairt go leanúnach agus go hinbhuanaithe. Táimid ag tnúth le dul ar aghaidh le Luas (Fionnghlas) a luaithe a bheidh an maoiniú ceadaithe.”
Dúirt Lorcan O’Connor freisin, “Ó bhí 2004 ann, an bhliain a thosaigh an Luas ag feidhmiú, tá méadú 45% tagtha ar dhaonra Bhaile Átha Cliath. Sa tréimhse chéanna sin, tháinig méadú 140% ar líon na bpaisinéirí a iompraíonn an Luas gach bliain – ó 22 milliún go 55 milliún anuraidh. Bunaithe ar an méadrach sin amháin agus de réir gach caighdeán idirnáisiúnta, tá ag éirí go hiontach leis an Luas. Táimidne ag Bonneagar Iompair Éireann réidh chun Luas na todhchaí, agus Baile Átha Cliath na todhchaí, a thógáil.”
CRÍOCH
Dáta Foilsithe: 14.04.2026