Leithdháileadh na nDeontas 2025 ar Údaráis Áitiúla do Ghlasbhealaí agus don Taisteal Gníomhach
Déantar cur síos sa réamhrá ar chúrsaí a bhaineann le “Leithdháileadh na nDeontas 2025 ar Údaráis Áitiúil do Ghlasbhealaí agus don Taisteal Gníomhach” (an “Leithdháileadh”). Is é Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) a dhéanann an Leithdháileadh, ag féachaint do na tosaíochtaí atá leagtha amach sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 (an “PFN”), cuspóirí an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023, Clár an Rialtais, beartais náisiúnta eile, agus na téarmaí agus coinníollacha atá leagtha síos ag an Aire Iompair (an “tAire”) de bhun Acht na mBóithre, 1993.
Is é dualgas reachtúil BIÉ gréasán sábháilte éifeachtúil de bhóithre náisiúnta a dhaingniú ag féachaint
do riachtanais na núsáideoirí uile. Tá BIÉ freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm chlár na nglasbhealaí náisiúnta agus réigiúnacha freisin, mar Údarás Formheasa, i gcomhréir leis na Treoirlínte Bonneagair, de bhun comhaontú idir an tAire agus Bord BIÉ.
Chuir an tAire in iúl do BIÉ gurb é €67 milliún a bheidh sa Leithdháileadh Caipitil Státchiste do Ghlasbhealaí agus don Taisteal Gníomhach in 2025, briste síos mar a leanas:
- Tionscadail Ghlasbhealaigh €49m
- Cosaint agus Athnuachan Sócmhainní €3m
- Taisteal Gníomhach ar Bhóithre Náisiúnta €15m
Leithdháilfear an maoiniú maidir le Cosaint agus Athnuachan Sócmhainní (€3 mhilliún) le linn 2025
i ndiaidh plé idir BIÉ agus na hÚdaráis Áitiúla a bhfuil Glasbhealaí ábhartha acu ina gceantar riaracháin.
Cliceáil ar an nasc thíos chun breathnú ar an réamhrá
06.03.2025 Leithdháileadh na nDeontas 2025 ar Údaráis Áitiúla do Ghlasbhealaí agus don Taisteal Gníomhach