Léargas Ginearálta ar an Tionscadal
Ó bunaíodh é, is modh iompair tarraingteach áisiúil agus inbhuanaithe é Luas do shaoránaigh agus do chuairteoirí ó gach cúlra. Chuir sé le gréasán comhtháite iompair trína acmhainn chun modhanna eile lena n-áirítear bóthar, iompar, iarnród trom, bus agus taisteal gníomhach a nascadh go héasca.
Seoladh Luas in 2004 agus tá feabhas leanúnach á chur air chun seirbhís níos fearr a sholáthar do gach úsáideoir. Ó osclaíodh línte bunaidh Luas, críochnaíodh ceithre shíneadh:
- 2009 - An Líne Dhearg: Síneadh a fhad leis na Dugthailte
- 2010 - An Líne Uaine: Síneadh a fhad le Gleann Bhríde
- 2011 - Síneadh ar an Líne Dhearg ó Belgard go Teach Sagard
- 2017 - Síneadh ar an Líne Uaine, Luas Traschathrach– ag nascadh na Líne Uaine agus na Líne Deirge
Ina theannta sin, idir 2019 – 2021 cuireadh leis an acmhainn ar an Líne Uaine trí thramanna atá ann cheana a fhadú agus tramanna nua a cheannach.
1959: An Tram Uimh. 9 deireanach ar Chnoc Bhinn Éadair
Dúnadh Trambhealach Bhaile Átha Cliath tar éis 87 bliain.
1999: Pleanáil do Luas
Tugtar cead pleanála don Líne Uaine agus don Líne Dhearg.
2001: Príomhchéim na Tógála
Tosaíodh ar an tógáil ar an dá líne i gceart.
2004: Osclaíonn an Líne Dhearg agus an Líne Uaine
Osclaíonn an Líne Uaine i mí an Mheithimh agus an Líne Uaine i mí Mheán Fhómhair.
2009-2011: Leathnaítear Luas
Síntí Líne a fhad leis na Dugthailte, Teach Sagard agus Gleann Bhríde.
2012: Síneadh Luas Traschathrach
Ceadú pleanála tugtha chun an Líne Uaine a shíneadh go Droichead Broome..
2017: Gréasán a Chruthú
D'oscail an Luas Traschathrach agus nascadh an Líne Dhearg agus an Líne Uaine den chéad uair.
2019-2021: Ag Pleanáil le haghaidh Fáis
Acmhainn ar an Líne Uaine feabhsaithe trí thramanna atá ann cheana a fhadú agus tramanna nua a cheannach.
Fís BIÉ do Luas 2050
Tá Luas ag croílár gréasáin iompair fhadtéarmaigh do mhór-réigiún Bhaile Átha Cliath. Is gné lárnach é de Phlean Forbartha Náisiúnta an Rialtais agus de Straitéis Iompair an ÚNT do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.
Tá roinnt tionscadal Luas ag BIÉ faoi láthair atá ag an gcéim phleanála. Seachadfaidh Luas (Fionnghlas) agus Luas (Leamhcán) 16.5km de rian nua agus 20 stad nua. Tá an bealach is dealraithí a roghnófar á fhiosrú ag BIÉ do Luas Chorcaí.