Luas Chorcaí

 

Cuirfidh Luas Chorcaí athrú ó bhonn ar Chathair Chorcaí, beidh sé éasca cónaí agus siúl thart sa chathair as seo amach agus bainfidh gach duine sásamh aisti. Líne iarnróid éadroim bheartaithe atá ann, idir Baile an Chollaigh agus Rinn Mhachan, rud lena nascfar pobal agus príomhchinn scríbe cosúil le hOllscoil Teicneolaíochta na Mumhan, Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Lár Chathair Chorcaí, Stáisiún an Cheanntaigh, Ceantar Dugaí Chorcaí, Páirc Uí Chaoimh, an Dúcharraig agus Machain.

Táthar ag tuar go dtiocfaidh méadú 50% ar dhaonra Chorcaí as seo go ceann 20 bliain. Tá Luas Chorcaí riachtanach chun fás inbhuanaithe a éascú. Laghdóidh sé an trácht agus astaíochtaí carbóin, cuirfidh sé rochtain ar thithíocht ar fáil agus beidh fás ar fhostaíocht dá thoradh.

Is cuid lárnach de Straitéis Iompair Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí (CMATS) é Luas Chorcaí, a sholáthróidh córas iompair comhtháite lena n-áirítear BusConnects, feabhsúcháin ar iarnród trom agus bonneagar le haghaidh rothaíocht agus siúl sábháilte.

Seachadfaidh Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) Luas Chorcaí agus dearadh é i gcomhar leis an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNT). Le chéile táimid tiomanta do rannpháirtíocht an phobail i bpróiseas deartha an bhonneagair thábhachtaigh iompair phoiblí seo.

Forbhreathnú ar Luas Chorcaí

An Chathair agus an Bruachbhaile a Nascadh

  • 18.6 km ó Phríomhshráid Bhaile an Chollaigh go Rinn Mhachan trí Lár Chathair Chorcaí
  • Suas le 27 Stad Luas
  • Ag freastal ar OOC, OTM, COCC agus Ceantar Dugaí Chorcaí
  • Cómhalartú ar ardchaighdeán Le Stáisiún an Cheanntaigh
  • Droichead nua ó Ché Uí Argáin go Cé Uí Chinnéide
  • Páirceáil agus Taisteal ag Clash Road agus Mol Soghluaisteachta i Rinn Mhachan

Paisinéirí Tuartha

  • 3,000 paisinéir ag gabháil sa dá threo in aghaidh na huaire (2035) a bheidh san uasmhéid
  • Níos mó ná 18 milliún paisinéir á n-iompar in aghaidh na bliana (2035) is ea t-éileamh tuartha

Fad Ama an Turais agus Achair Thuartha

  • Baile an Chollaigh go Lár Chathair Chorcaí 35 nóiméad
  • Rinn Machain go Lár Chathair Chorcaí 20 nóiméad
  • Rinn Machain go Lár Chathair Chorcaí 20 nóiméad

Tairbhí agus gnéithe

  • Laghdú ar astaíochtaí iompair CO2
  • Ní bheidh aon cháblaí lasnairde trí chodanna de lár na cathrach
  • Ní bheidh ach achar rothaíochta 15 nóiméad le déanamh ag 150,000 duine le teacht ar stad Luas (faoi 2035)
  • Ní bheidh ach achar siúil 15 nóiméad le déanamh ag 70,000 duine le teacht ar stad Luas
  • Sráid-dreacha agus spás uirbeach feabhsaithe

Reáchtálfar comhairliúchán poiblí neamhreachtúil maidir leis an Rogha Bealaigh ó 11am Dé hAoine an 17 Aibreán go dtí 5.30pm Dé hAoine an 12 Meitheamh. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh gréasáin Luas Chorcaí.