Luas (Fionnghlas)

 

Is síneadh 3.9km é Luas (Fionnghlas) ar Líne Uaine Luas ó Dhroichead Broome go Baile Shéarlais trí Fhionnghlas, lena n-áirítear láithreán Páirceála agus Taistil 350 spás atá suite díreach amach ón M50 ag Bóthar San Maighréad. Cruthaíonn sé gréasán iompair phoiblí comhtháite ardlín paisinéirí ar chonair iarthuaisceart Bhaile Átha Cliath.

Cuimsíonn an t-ailíniú rogha bealaigh ceithre stad nua ag Baile Shéarlais, Bóthar San Maighréad, Sráidbhaile Fhionnghlaise agus San Eiléana. Rian easbhóthair is ea go príomha, scartha ó thrácht, agus forbraíodh é trí phróiseas cuimsitheach roghnachais mar aon le comhairliúchán poiblí neamhreachtúil. Tacaíonn an leibhéal ard deighilte seo le hacmhainneacht shuntasach iompair a sheachadadh, feabhsaíonn sé iontaofacht iompair phoiblí agus soláthraíonn sé amanna turais iomaíocha, le turas measta 30 nóiméad ón gcríochfort thuaidh i mBaile Shéarlais go lár na cathrach.

Is é an fhís atá ag Luas (Fionnghlas) ná iompar ardcháilíochta, inrochtana, inbhuanaithe a chur ar fáil do dhaoine. Gné lárnach chun an fhís seo a bhaint amach is ea bonneagar rothaíochta a chomhtháthú feadh bhealach Luas. Ó thionscnamh an tionscadail, rinneadh áiseanna tiomnaithe rothaíochta agus coisithe a ionchorprú i ndearadh na scéime agus fuair BIÉ aiseolas an-dearfach le linn an Chomhairliúcháin Phoiblí Neamhreachtúil (NSPC) maidir leis seo.

Coonnecting Communities

Pobail a Nascadh trí Thaisteal Gníomhach

Nascfaidh an bonneagar siúlóide agus rothaíochta easbhóthair atá beartaithe roinnt limistéir chónaithe, scoileanna áitiúla, páirceanna agus áiseanna áineasa feadh an bhealaigh, rud a spreagfaidh taisteal inbhuanaithe. San iomlán freastalaíonn thart ar 3,000 páiste bunscoile agus 1,500 scoláire meánscoile ar na scoileanna atá suite laistigh de 1km ó ailíniú Luas Fhionnghlaise. Cuirfidh na háiseanna taistil ghníomhaigh nua a sheachadtar mar chuid de Luas (Fionnghlas) nasc ar fáil freisin le Slí na Canálach Ríoga a thairgeann nasc easbhóthair go príomha i dtreo chathair Bhaile Átha Cliath agus is áis áitiúil iontach é freisin do thurais áineasa mar aon le Glasbhealach Ghleann na Tulchann.

Cycling Facilities

Áiseanna Rothaíochta

Beidh thart ar 4.4km de raonta rothar deighilte agus 0.3km de raonta rothar neamhdheighilte feadh an bhealaigh. I gcomhpháirtíocht le ÚNT, d'fhorbair BIÉ straitéis le haghaidh seastáin rothar de chineál “Sheffield” agus soláthar páirceála rothar slán ag na ceithre stad nua Luas. Éascóidh soláthar páirceála rothar slán ag na láithreacha seo le Luas (Fionnghlas) a bheith ina bhealach taistil ghníomhaigh eiseamláireach do dhaoine le húsáid.