Cad é an tArdán Malartaithe Sonraí?
Chun tacú le sprioc an Rialacháin maidir le Breoslaí Malartacha (Rialachán (AE) 2023/1804) chun sonraí ardchaighdeáin, fíor-ama a bhaineann le bonneagar athluchtaithe feithiclí leictreacha a roinnt, tá Ardán Malartaithe Sonraí (DXP) forbartha ag Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) chun sonraí statacha agus dinimiciúla a sholáthar ó gach Oibreoir Pointe Athluchtaithe (CPOnna) tríd an bPointe Rochtana Náisiúnta (NAP). Chun tuilleadh faisnéise a fháil téigh chuig ár gCeisteanna Coitianta..
Conas Clárú ar DXP
TTá sonraí sa phróiseas thíos faoi conas is féidir le CPOnna clárú le DXP
Íoslódáil agus comhlánaigh an fhoirm chlárúcháin DXP
Is féidir foirm chlárúcháin a fháil anseo nó is féidir í a iarraidh ó Oifig Sonraí BIÉ trí ríomhphost a sheoladh chuig AFIRdata@tii.ie.
Seol foirm chlárúcháin DXP chuig Oifig Sonraí BIÉ
Nuair a chomhlánófar í, seol an fhoirm chlárúcháin DXP chuig Oifig Sonraí BIÉ trí ríomhphost a sheoladh chuig AFIRdata@tii.ie.
Nasc Comhéadain Pointe Luchtaithe Oscailte a Bhunú
Ní mór do CPOnna nasc Comhéadain Pointe Luchtaithe Oscailte (OCPI 2.2.1) a bhunú.
Tástáil agus Dearbhú OCPI
Comhoibreoidh Oifig Sonraí BIÉ le gach CPO chun tástáil agus dearbhú a dhéanamh go gcomhlíonann a nasc sonraí ceanglais nasc OCPI 2.2.1.
Sonraí Curtha ar Fáil ar an bPointe Rochtana Náisiúnta
Beidh teacht ar shonraí CPOnna ó DXP ar data.gov.ie (Tairseach Sonraí Oscailte na hÉireann a fheidhmíonn mar an Pointe Rochtana Náisiúnta (NAP) atá riachtanach faoi AFIR).