Cothabháil Bóithre

Road Maintenance

5,306km de bhóthar atá sa Ghréasán Bóithre Náisiúnta:

  • Príomhbhóithre Náisiúnta atá in 2,649km díbh, le huimhir orthu idir M1 agus M50.
  • Bóithre Náisiúnta den Dara Grád atá in 2,657km díbh, le huimhir orthu idir N51 agus N87.
  • Mótarbhealaí/Débhealaí atá in 1,210km díbh (916km de Mhótarbhealach agus 294km de Dhébhealach). Déantar 328km a chothabháil faoi Chomhpháirtíochtaí Poiblí Príobháideacha (PPP) agus déanann BIÉ féin 588km a chothabháil trí Chonarthaí Cothabhála agus Athnuachana Mótarbhealaí (MMaRCanna). Déanann údaráis áitiúla cothabháil ar an 294km eile.

Príomhghnéithe de Chothabháil Mhótarbhealaí agus Débhealaí

  • Cuireadh Líne Chabhrach Mótarbhealaigh ar bun le cabhair a chur ar fáil d’úsáideoirí bóithre atá i gcruachás nó ar mhaith leo teagmhas ar mhótarbhealach a thuairisciú. Seoltar gach glao chuig an Ionad Rialaithe Tráchta Mótarbhealaí (MTCC). Is í an uimhir ná 0818 715 100 nó is féidir teagmháil a dhéanamh ar ríomhphost ag info@mtcc.ie.
  • Tá 200 post cruthaithe ag an gclár náisiúnta um sheirbhísí mótarbhealaí do sholáthróirí agus soláthraithe seirbhísí araon.
  • Tá deich n-iosta cothabhála lonnaithe go straitéiseach timpeall na tíre i mBaile Átha Luain, i mBaile Brigín, sa Chathair, i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath, in Inis, i gCill Chainnigh, i gCionn Átha Gad, san Aonach agus i bPort Laoise.
  • Tá áiseanna stórála i dtrí cinn de na hiostaí seo (Inis, Cionn Átha Gad agus Baile Brigín), ina bhfuil 50,000 tona salainn san iomlán ar féidir é a scaipeadh go héifeachtach timpeall na tíre i gcásanna éigeandála.

Áirítear iad seo a leanas le seirbhísí cothabhála:

Sábháilteacht

Gnáthiniúchadh agus gnáthchothabháil leanúnach a dhéanamh ar an tsócmhainn, pábháil, draenáil, struchtúir, droichid, comharthaí agus bacainní sábháilteachta san áireamh.

Teagmhais agus Cásanna Éigeandála

Aghaidh a thabhairt ar theagmhais ar an ngréasán, cásanna éigeandála agus athchóiriú ar chodanna den ghréasán a bhfuil damáiste déanta dóibh san áireamh..

Aimsir

Dul i ngleic le hadhaimsir agus seirbhís chothabhála a chur ar fáil sa gheimhreadh.

Sonraí

Sonraí sócmhainní a bhailiú agus a bhainistiú laistigh den chóras bainistíochta fardail.


Oibreacha

Tabhairt faoi oibreacha feabhsúcháin, athshlánaithe agus athnuachana.

Áirítear iad seo a leanas le seirbhísí cothabhála:

  • Gnáthiniúchadh agus gnáthchothabháil leanúnach a dhéanamh ar an tsócmhainn, pábháil, draenáil, struchtúir, droichid, comharthaí agus bacainní sábháilteachta san áireamh.
  • Aghaidh a thabhairt ar theagmhais ar an ngréasán, cásanna éigeandála agus athchóiriú ar chodanna den ghréasán a bhfuil damáiste déanta dóibh san áireamh.
  • Dul i ngleic le hadhaimsir agus seirbhís chothabhála a chur ar fáil sa gheimhreadh.
  • Sonraí sócmhainní a bhailiú agus a bhainistiú laistigh den chóras bainistíochta fardail.
  • Tabhairt faoi oibreacha feabhsúcháin, athshlánaithe agus athnuachana.

Roinntear an Gréasán ina thrí réigiún:

  • Is é Globalvia Jons Teo. a bhainistíonn an chéad réigiún (Gréasán A). Cuimsítear ann Mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus tá thart ar 160km de bhóthar ann lena n-áirítear codanna den N/M1, N/M2, N/M3, N/M4, N/M7, M9 agus N/M11. I gcomhair tuilleadh eolais déan teagmháil le: info@globalviajons.ie
  • TIs é Colas Roadbridge Joint Venture Teo. a bhainistíonn an dara réigiún (Gréasán B). Cuimsítear ann Lár na Tíre/Iarthar na Tíre agus tá thart ar 256km de dhébhealaí ann mar aon le codanna den N/M4, N/M6, M7, N/M18, N19, M20 agus N85. I gcomhair tuilleadh eolais déan teagmháil le: info@crjv.ie
  • TIs é Egis Lagan Services Teo. a bhainistíonn an tríú réigiún (Gréasán C). Cuimsítear ann Deisceart agus Oirdheisceart na Tíre, tá sé thart ar 328 km ar fad agus tá codanna den M7, M8, M9, N10, N20, N22, N24, N25, N28 agus N40 san áireamh ann. I gcomhair tuilleadh eolais déan teagmháil le: info@egislagan.ie

Cuirtear sonraí ar staid bóthair le heolas a tháinig chun cinn i gcuairteanna a thug cigirí bóithre ar shuíomhanna le tosaíochtaí um maoiniú cothabhála a aithint. Roinntear an t-eolas le húdaráis áitiúla.

Oibreacha Bóthair ar an Mótarbhealach: Ná Tiomáin Riamh i Lána Dúnta

Breathnaigh ar an bhfíseán gairid seo ar céard atá le déanamh má tá lána amach romhat ar an mótarbhealach dúnta de bharr oibreacha bóthair.

Comharthaíocht Neamhúdaraithe agus Sábháilteacht

Faoi Alt 17 (1) den Acht um Bóithre, tá an dualgas ginearálta líonra sábháilte de bhóithre náisiúnta a chur ar fáil leagtha ar BIÉ.

Tá sábháilteacht gach úsáideora bóthair ar an nGréasán Bóithre Náisiúnta lárnach i bhfeidhmeanna agus gníomhaíochtaí BIÉ. Má chuirtear comharthaí, bratach, srl. ar thaobh agus i gcóngar chodanna an mhótarbhealaigh/an débhealaigh ardluais den ghréasán, ní thagann sé sin leis an sprioc thuasluaite.

Comharthaíocht Neamhúdaraithe agus Sábháilteacht