Tionscadail & Feabhsúcháin
Is é is cuspóir do chlár caiteachais chaipitiúil TII feabhas a chur ar shábháilteacht agus ar éifeachtúlacht an ghréasáin bóithre náisiúnta chun go mbeidh sé oiriúnach d'fheidhm lastais, gnó agus taistil shóisialta.
Ár Sainchúram
Feabhsú Líonra Bóithre
Is mór an tairbhe dár sábháilteacht is dár saoil iad feabhsúcháin ar an ngréasán bóithre agus bíonn siad mar bhonn faoi pholasaithe an Rialtais.
Cabhraíonn siad le:
- Daoine a shábháil ar an mbás agus gortaithe a laghdú.
- Costas taistil do ghnóthaí agus do dhaoine aonair a laghdú.
- Forbairt réigiúnach, infheistíocht turasóireachta agus ghnó a éascú.
- Dálaí comhshaoil a fheabhsú trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.
- Fáil réidh le plódú tráchta i mbailte agus i sráidbhailte ar fud na tíre.
Ceannasaí Taighde agus Caighdeán, ag
Tá dul chun cinn den scoth déanta le blianta beaga anuas maidir le huasghrádú a dhéanamh ar an ngréasán bóithre náisiúnta ach tá go leor oibre le déanamh fós. Tá an luas ag ar féidir BIÉ an gréasán a fheabhsú teoranta ag na leibhéil mhaoinithe atá ar fáil.
Is féidir achoimre a dhéanamh ar thosaíochtaí BIÉ mar seo a leanas:
-
Bainistíocht Sócmhainní, Athchóiriú Líonra agus Oibríochtaí Líonra
Is é an chéad tosaíocht tar éis gealltanais atá ann cheana féin a chomhlíonadh ná luach na sócmhainne, iontaofacht agus feidhmiúlacht an ghréasáin a choinneáil.
-
Feabhsuithe ar Bhóithre Náisiúnta den Dara Grád, Tionscadail Feabhsúcháin ar Scrogaill Tráchta, Tionscadail Sábháilteachta agus Tionscadail Bainistíochta Tráchta
Tá BIÉ tiomanta d’fheabhsuithe a chur i bhfeidhm de réir mar a ligeann staid an mhaoinithe, agus tá roinnt scéimeanna tugtha tríd an bpróiseas pleanála ionas go mbeidh siad réidh le tógáil a luaithe a bheidh maoiniú ar fáil.
-
Tionscadail Feabhsúcháin ar an nGréasán
Tá feabhas mór tagtha ar go leor de na bóithre náisiúnta is gnóthaí agus is straitéisí de bharr an infheistíocht atá déanta sa ghréasán bóithre náisiúnta le blianta beaga anuas. Tá na feabhsuithe seo tar éis na bealaí atá i gceist a athrú go hiomlán, agus tá buntáistí eacnamaíocha á seachadadh atá i bhfad oiread níos mó ná an costas a bhí orthu.

Páirtíochtaí Príobháideacha Poiblí
Tá polasaí ag an Údarás feabhsúcháin ghréasáin a chur i bhfeidhm le tionscadail PPP nuair is cuí, ar scéimeanna mótarbhealaigh agus ar mhór-thrasrianta aibhneacha mar shampla. Faigh breis eolais ar PPP.

An Clár um fheabhsú Seirbhísí Oibríochta Mótarbhealaigh (eMOS)
Tá clár eMOS ceaptha sábháilteacht, athléimneacht agus inbhuanaitheacht an ghréasáin mótarbhealaí a chosaint.

Réiteach Iompair is Dealraithí Thionscadal N/M20 Corcaigh go Luimneach
Is é is cuspóir chlár caiteachais chaipitil BIÉ ná sábháilteacht agus éifeachtúlacht an ghréasáin bóithre náisiúnta a fheabhsú.