Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí
Is socrú é comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí (CPP) idir údarás poiblí agus comhpháirtí príobháideach a dearadh chun tionscadal bonneagair phoiblí a sheachadadh agus a sheirbhísiú faoi chonradh fadtéarmach. Faoin gconradh sin, bíonn rioscaí suntasacha agus freagrachtaí bainistíochta ar an gcomhpháirtí príobháideach. Maoiníonn agus bainistíonn an comhpháirtí príobháideach an tionscadal, agus faigheann sé cúiteamh ón Stát agus ó úsáideoirí sócmhainní thar 25-35 bliain. Ina dhiaidh sin, aistrítear úinéireacht na sócmhainne chuig an Stát.
Tá cúig chonradh déag CPP déanta ag BIÉ, ina bhfuil:
- Ocht Scéim CPP Lamháltais Dola
- Cúig CPP ‘Dear Tóg Maoinigh Oibrigh Déan Cothabháil’ (DBFOM)
- Dhá CPP d’Ionad Seirbhísí Mótarbhealaigh.
Déantar CPPanna Lamháltais Dola a mhaoiniú go páirteach nó go hiomlán ag an earnáil phríobháideach agus íoctha ag muirir úsáideoirí (dolaí) agus íocaíochtaí BIÉ. Déantar CPPanna DBFOM a mhaoiniú ag an earnáil phríobháideach agus íoctar luach saothair leo trí íocaíochtaí ó BIÉ (ar a dtugtar íocaíochtaí infhaighteachta nó íocaíochtaí aonadacha).
Tá tuilleadh sonraí faoi Scéim CPP BIÉ ar fáil sa tábla thíos. Tá faisnéis airgeadais faoi na Scéimeanna CPP, lena n-áirítear meastacháin ar íocaíochtaí bliantúla amach anseo, ar fáil ó Aonad Lárnach CPP ar shuíomh gréasáin na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
Déantar soláthar sna conarthaí CPP an M3 Cluain Aodha-Ceanannas agus N18 Tollán Luimnigh d’Íocaíochtaí Oibríochta Athraitheacha (VOPanna) dá ngairtear “íocaíochtaí Ráthaíochta Tráchta” orthu freisin. Tá an mheicníocht comhroinnte riosca VOP uathúil do na dhá chonradh CPP seo agus bíonn feidhm aici nuair a thiteann na méideanna tráchta iarbhír faoi bhun na méideanna tairsí a shonraítear sna conarthaí faoi seach.
Scéim CPP Lamháltais Dola
SCÉIM | CUR SÍOS | OIBRÍOCHTAÍ TOSAITHE | BRONNADH/DUL IN ÉAG AN CHONARTHA | TUILLEADH EOLAIS |
---|---|---|---|---|
An M4/M6 ó Chill Choca go Cionn Átha Gad | mótarbhealach 40km | 2005 | 2003/2033 | An M4/M6 ó Chill Choca go Cionn Átha Gad |
Seachbhóthar M1 Iarthar Dhún Dealgan | Mótarbhealach 11km & Oibríochtaí agus Cothabháil ar 42km de mhótarbhealach atá ann cheana féin le droichead staghcháblaí 361m | 2004 | 2004/2034 | Seachbhóthar M1 Iarthar Dhún Dealgan |
M8 ó Ráth Chormaic go |
Mótarbhealach nua 18km le tarbhealach 450m | 2006 | 2004/2034 | M8 ó Ráth Chormaic go Mainistir Fhear Maí |
N25 Seachbhóthar Chathair Phort Láirge | Débhealach 23km le droichead staghcháblaí 475m | 2010 | 2006/2036 | N25 Seachbhóthar Chathair Phort Láirge |
N18 Tollán Luimnigh | Débhealach 10km le tollán feadáin tumtha 900m | 2010 | 2006/2041 | N18 Tollán Luimnigh |
An M3 ó Chluain Aodha go Ceanannas | Mótarbhealach 50km & débhealach 10km | 2010 | 2007/2052 | An M3 ó Chluain Aodha go Ceanannas |
An M6 ó Ghaillimh go |
Mótarbhealach 56km
|
2010 | 2007/2037 | An M6 ó Ghaillimh go Béal Átha na Sluaighe |
An M7/M8 ó Phort Laoise chuig |
Mótarbhealach 40km | 2010 | 2007/2037 | An M7/M8 ó Phort Laoise chuig an gCúlchoill |
SCÉIM | CUR SÍOS | OIBRÍOCHTAÍ TOSAITHE | BRONNADH/DUL IN ÉAG AN CHONARTHA | TUILLEADH EOLAIS |
---|---|---|---|---|
Uasghrádú ar an M50 | Uasghrádú 25km de mhótarbhealach 2+2 go 3+3, Uasghráduithe ar Acomhail agus soláthar lánaí tánaisteacha / & O&C ar 10km atá ann cheana féin | 2007 | 2007/2042 (téarma 35 bliain) | Uasghrádú ar an M50 |
An N7/N11 ó Arcló go Ráth Nua (lena n-áirítear Crois an Fhearainn Nua) | 16km mótarbhealach nua-thógtha / Uasghrádú ar acomhal Chrois an Fhearainn Nua & O&C ar 30 km den N/M11 atá ann cheana féin | 2013 | (25 bliain tar éis oscailt an M11 nua-thógtha) | An N7/N11 ó Arcló go Ráth Nua (lena n-áirítear Crois an Fhearainn Nua) |
An M17/N18 ón nGort go Tuaim | Mótarbhealach 57km | 2017 | 2014 / 2042 (25 bliain tar éis oscailte) | An M17/N18 ón nGort go Tuaim |
An M11 ó Ghuaire go hInis Córthaidh | Mótarbhealach 27km | Príomhlíne M11 Ag Feidhmiú ó Iúil 2019 | 2015/2044 (25 bliain tar éis oscailte) | An M11 ó Ghuaire go hInis Córthaidh |
An M11 ó Ghuaire go hInis Córthaidh | 14.6km de dhébhealach le droichead 900m | Eanáir 2020 | 2016 / 2045 (25 bliain tar éis oscailte) | An M11 ó Ghuaire go hInis Córthaidh |
Scéimeanna Ionaid Seirbhíse Mótarbhealaigh CPP
SCÉIM | CUR SÍOS | OIBRÍOCHTAÍ TOSAITHE | BRONNADH/DUL IN ÉAG AN CHONARTHA | TUILLEADH EOLAIS |
---|---|---|---|---|
Ionaid Seirbhíse Mótarbhealaigh – Tráinse 1 | 3 Ionad Seirbhíse Mótarbhealaigh suite ar an M1 ag Baile an Ghearlánaigh agus Lusca agus ar an M4 ag an mBóthar Buí | 2010 | 2009/2034 | Ionaid Seirbhíse Mótarbhealaigh – Tráinse 1 |
Ionaid Seirbhíse Mótarbhealaigh – Tráinse 2 | 3 Ionad Seirbhíse Mótarbhealaigh suite ar an M6 (Baile Átha Luain), an M9 (Cill Chuillinn) agus an M11 (Guaire) | 2019 (oscailt chéimnithe trasna 3 shuíomh) | 2018/2043 | Ionaid Seirbhíse Mótarbhealaigh – Tráinse 2 |