Mótarbhealach an M4/M6 ó Chill Choca go Cionn Átha Gad
Tar éis gur fhógair an Rialtas na tionscadail phíolótacha an 1 Meitheamh 1999, bhí an tionscadal seo le measúnú ag an NRA dá oiriúnacht lena chur chun cinn mar CPP. Cuireadh an tionscadal san áireamh ina dhiaidh sin mar cheann de na tionscadail a faomhadh faoi Thráinse II den chlár Bóithre CPP mar a d’fhógair an NRA i Meitheamh 2000.
Bhain 39km de mhótarbhealach ó Chionn Átha Gad go Cill Choca a thógáil leis an tionscadal agus síneadh atá ann leis an mótarbhealach ó Chill Choca go Maigh Nuad go Léim an Bhradáin ar bhealach an N4/N6 ó Shligeach go Gaillimh go Baile Átha Cliath. Gabhann an Mótarbhealach ar sheachbhóthar timpeall ar bhailte an Bhóthair Bhuí agus Chionn Átha Gad.
DÁTA BRONNTA CONARTHA | CONRADH BRONNTA AR | SAGHAS AN CPP | CLÁR RIALTAIS | STÁDAS |
---|---|---|---|---|
Márta 2003 | Cuibhreannas Eurolink | Lamháltas | An Plean Forbartha Náisiúnta 2000-2006 | Osclaíodh é in 2005 |
For further information relating to this road please contact Eurolink on 046 954 0266