Seachbhóthar Phort Láirge an N25

 

Cuireadh an tionscadal seo san áireamh fad a fógraíodh tionscadail phíolótacha an 1 Meitheamh 1999. Tá seachbhóthar an N25 timpeall ar Chathair Phort Láirge i gceist leis an tionscadal. Áirítear leis an tionscadal trasrian nua abhann, droichead staghcháblaí a bhfuil fad foriomlán thart ar 475m air, ar Abhann na Súire i bhfoisceacht na Greanaí, i.e. i ngar do láthair acomhal reatha an N24/N9 Siar ó Thuaidh ó Chathair Phort Láirge. Tosaítear an seachbhóthar i bhfoisceacht Chill Mhíodáin laistiar den Chathair, agus trasnaíonn sé Abhainn na Súire ag an nGreanach agus déanann sé ceangal leis an N25 reatha lastoir de Shráidbhaile Shliabh Rua. Áirítear leis an tionscadal ceangal nua, ar a dtugtar an Nasc Thiar, a dhéanann ceanglaíonn an Seachbhóthar le limistéir thionsclaíocha laisteas den Chathair agus a dhéanann nasc leis an N9 agus an N24 le hAcomhal na Greanaí. Is éard atá i dtógáil na scéime ná thart ar 23 ciliméadar de dhébhealach agus stráice de charrbhealach atá thart ar 14 chiliméadar ar fad.

I rith tástáil seandálaíochta réamhchonartha a rinneadh ar an scéim, thángthas ar láithreán tábhachtach seandálaíochta ar a dtugtar - “Láithreán Bhaile na Coille" feadh na conaire bealaigh. Dearbhaíodh gur séadchomhartha náisiúnta a bhí sa láithreán agus d’eisigh an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil treoracha seandálaíochta a rinne foráil go ndéanfaí an láithreán a chaomhnú. Theastaigh ailíniú leasaithe uaidh seo do stráice den bhealach.

Is cosúil gurb ionann láithreán Bhaile na Coille agus lonnaíocht chosanta cois abhann a mbaineann gníomhaíocht thionsclaíoch leis. Deimhníonn na déantáin agus na dátaí radacarbóin i dteannta a chéile gur dóchúla go ngabhann an láithreán siar go dtí an tréimhse luath Mheánaoiseach, thart ar thráth idir an 9ú haois agus tráth luath sa 12ú haois AD. Tugtar le fios go mb’fhéidir gur úsáid na Lochlannaigh lonnaíocht reatha de bhunadh na nÉireannach dúchasach. Thángthas ar an láithreán i rith tástáil seandálaíochta réamhchonartha a rinneadh ar an scéim.

D’eisigh an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil treoracha seandálaíochta do láithreán Bhaile na Coille an 11 Bealtaine 2005. Foráiltear i dtreoracha an Aire go bhfuil an láithreán seandálaíochta le caomhnú agus teastaíonn ailíniú leasaithe uaidh seo do stráice den bhealach.

 

 

DÁTA BRONNTA CONARTHA CONRADH BRONNTA AR SAGHAS AN CPP CLÁR RIALTAIS STÁDAS
Aibreán 2006 Celtic Roads Group Lamháltas An Plean Forbartha Náisiúnta 2000-2006 Osclaíodh é in 2005