Measúnacht Chuí
Cinneann BIÉ go bhfuil Measúnachtaí Cuí (AAnna) ag teastáil i gcás pleananna nó tionscadail áirithe nuair nach féidir a chur as an áireamh, bunaithe ar fhaisnéis eolaíoch oibiachtúil, go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar láithreáin Eorpacha. I gcásanna den sórt sin, ullmhaíonn BIÉ Ráitis Tionchair Natura (NISanna) agus cuireann sé faoi bhráid an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta iad. Breathnaítear ar thréimhse sé seachtaine ar a laghad sula dtugtar gach AA chun críche.
Breithníonn BIÉ aon aighneachtaí a fhaightear ón Aire, déanann sé comhairliúcháin phoiblí, agus foilsíonn sé fógraí faoi phleananna nó tionscadail atá beartaithe ar a shuíomh gréasáin. Áirítear i ngach AA cinneadh maidir le cibé an ndéanfaidh an plean nó an tionscadal drochthionchar ar shláine láithreáin Eorpaigh. Ní ghlacann BIÉ le pleananna ná le tionscadail ná ní dhéanann sé iad ach amháin tar éis a dheimhniú nach mbeidh aon drochthionchar den sórt sin ann.
Déantar sonraí íogaire caomhnaithe agus faisnéis phearsanta a chur in eagar ó na NISanna agus na cinntí a foilsíodh chun speicis, gnáthóga agus príobháideacht a chosaint, i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS).